Tag Archive : AnGhaeltacht

Ceist: cén fáth go bhfuil teannas idir muintir na tuaithe agus lucht oibre na cathrach?

Deir Kevin Collins ina leabhar The Cultural Consquest of Ireland (1990) gur léiriú eile é seo ar an gconcas síceolaíoch:

“Foilsíonn an naimhdeas atá idir an tuath agus boicht na cathrach [in Éirinn] concas an anama nó ionradh ar chultúr an oileáin.”

“Bíodh gur daoine ón tuath iad an chuid is mó de bhoicht na cathrach féin, nach bhfuil ach glúin nó dhó ón talamh dar díobh iad, is í an fhírinne lom gurb iadsan, an dá dhream, atá faoi chois ag córas a d’adhain olc eatarthu, agus an dá dhrong á léiriú ag an gcóras mar shúmairí fola a chéile nó na tíre féin ar fad.”

“Tá an chuma ar an scéal go bhfuilimid i bhfad i gcéin ó lá Bhreandáin Uí Bheacháin a chonaic gurb é an t-aon chomhthionól pobail céanna iad a mhuintir féin i mBaile Átha Cliath agus muintir Ghaeltacht Chorca Dhuibhne a raibh a chroí istigh inti.”

Tá Misneach i mbun obair dhíchoilínithe chun dul i ngleic leis an méid a d’aithin Collins.

Má theastaíonn uait páirt a ghlacadh san obair sin, bígí i dteagmháil inniu!

Gníomhaíochas i gConamara

Bhí gníomhaithe Misneach i mbun oibre i gConamara le déanaí.

Tugann polasaí tithíochta agus Gaeltachta an Rialtais tús áite do shealbhóirí talún agus do shealúchais seachas do mhian an phobail. Tá léirscrios déanta ag Airbnb-iú, cíos gearrthéarmach agus tithe tréigthe ar phobail Chonamara.

Mar a léirigh BÁNÚ, tá 4 theach fhadtéarmacha ar fáil ó Bhearna go Carna ar mheánchíos €3,275, i gcomparáid le 173 Airbnb sa cheantar céanna, agus níl ach 2 theach sóisialta ar fáil le 5 cinn á dtógáil – léiriú lom ar an éagothroime struchtúrtha.

Ní aithníonn an Stát gur fadhbanna bunúsacha iad seo. Do chlanna gan talamh nó gan talamh san áit “cheart”, is bac mór iad na rialacha pleanála. Cuireann an cinneadh gan cumhachtaí tógála a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta leis an mbánú agus is rogha pholaitiúil é gan cur isteach ar an margadh príobháideach.

Ní mór don Stát a ladar a chur isteach gan mhoill: Lonnaíochtaí Lán Ghaeilge a thógáil, tithe folmha agus tréigthe a cheannach agus a athchóiriú ar scála mór, cánacha arda a ghearradh ar thithe folmha, agus treoirlínte pleanála a chur i bhfeidhm a thugann tús áite don phobal in áit an bhrabúis.

Gníomhaíochas i nGaeltacht Mhaigh Eo

Chuir gníomhaithe Misneach na comharthaí “Gan Tithíocht, Gan Todhchaí” in airde i nGaeltacht Mhaigh Eo le déanaí. Is chun aird a tharraingt ar fhaillí an stáit i leith na Gaeltachta agus cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht a deineadh seo.

De réir daonáireamh 2022 tá 6,429 teach i nGaeltachtaí Maigh Eo. Tá 877 acu siúd folamh, rud arb ionann agus 13%. Anuas air sin, is tithe saoire 1,341 acu, nó 21%.

Ciallaíonn sin go bhfuil os cionn trian, 34%, nach bhfuil fáil ag muintir na háite orthu. Níl tithe tréigthe áirithe sna figiúirí seo, ach tá’s againn go bhfuil neart acu siúd chomh maith.

I láthair na huaire, tá 250 teach iomlán ar fáil ar Air BnB i nGaeltachtaí Maigh Eo. Níl ach stiúideo beag amháin ar fáil go fadtéarmach ar Daft.ie.

Ceann de na fadhbanna is mó i Maigh Eo ná na tithe a bhfuil ar an imeall idir tithe saoire agus teach tréigthe, atá in úsáid ar feadh seachtain nó dhó sa bhliain. Is leis an diaspora formhór na dtithe seo agus níl sé éasca scaoileadh leo. Meastar go bhfuil thart ar 500-600 teach den sórt seo i nGaeltacht Mhaigh Eo.

De réir na dtreoirlínte a d’eisigh an rialtas le déanaí tabharfar tosaíocht, go pointe, do chainteoirí Gaeilge i dtaobh na tithíochta aon uaire de sa nGaeltacht.

Ach gan coinníollacha teanga láidre i bhfeidhm, agus tacaíochtaí ar nós na scéime teanga srl leis, i ngach gné den tithíocht sna ceantair seo, mar aon le tionscadal fairsing chun Lonnaíochtaí Lán-Ghaeilge a thógáil, leanfaidh scrios an mhargaidh phríobháidigh ar aghaidh.