Tag Archive : Cuntais Staire

“D’ordaigh sé iar-chomrádaithe a dhúnmharú.” Marú Chaoimhín Uí Uigín, an 10 Iúil 1927

Maidin an 10 Iúil 1927 lámhachadh Caoimhín Ó hUigín, an tAire Dlí, agus é ar a bhealach go ar Aifreann i mBaile an Bhóthair, Baile Átha Cliath. Ba ag baint díoltas amach ar son Ruairí Uí Conchúir, Liam Uí Maoilíosa, Risteáird Baróid agus Sheosaimh Mhic Giolla Bhuí, ceannarí na nÓglach in aghaidh an Chonartha, a cuireadh chun báis ar an 8 Nollaig 1922. 

Chinn rialtas an tSaorstáit na fir a chuir chun báis i ndiaidh d’Óglaigh frith-Chonartha beirt Teachtaí Dála a mharú an lá roimhe sin.

Cé go raibh drogall ar Ó hUigín na ceannairí a chuir chun báis ar dtús, thug sé cead an beart a dhéanamh de bharr gur chreid sé gur rud riachtanach a bhí ann chun an stát nuabhunaithe a chosaint. Dár ndóigh, táthar den tuairim gur ag déanamh obair na himpireachta a bhí sé i gcur faoi chois na coda ba radacaí de ghluaiseacht na Poblachta.

Ba chairde móraiad Ruairí Ó Conchúir agus Ó hUigín. Sheas Ó Conchúir le Ó hUigín ag a phósadh an bhliain roimhe sin. Agus é ag tabhairt óráid don Dáil ar an lá a cuireadh na fir chun báis, chosain Ó hUigín beart an rialtais.

Mhaígh sé “gur deineadh é go fuarchúiseach agus d’aon ghnó”, nach raibh aon mhailís phearsanta i gceist, agus gur beart é a deineadh chun bonn daonlathach an stáit úir a chinntiú. Bhí Ó hUigín trína chéile i ndiaidh dó “ba chara liom duine de na fir seo” a rá agus b’éigean dó éirí as.

Cúig bliana ina dhiaidh sin ionsaíodh Ó hUigín mar gheall ar a ról i gcur chun báis a iar-chomrádaithe in 1922. Agus é ag siúl ina aonar d’ionsaigh trí ghunnadóir é.

Ba é an Garda Sáirsint Mac Suibhne an duine a chuala focail dheireanacha Uí Uigín. “Bhí mé ag siúl ar an mBóthar Trasna. Bhí triúr fear ag fanacht ar an gcúinne dom. Scaoil siad orm. Lean duine acu mé agus lámhaigh sé mé”.

Mhair sé roinnt uaireanta an chloig eile ach d’éag sé ansin, i ndiaidh dó a iarraidh ar a bhean maithiúnas a thabhairt dóibh siúd a mharaigh é.

Níor ciontaíodh éinne as an marú riamh, ach léirigh comhaid rialtais a scaoileadh bliantaí ina dhiaidh sin go raibh amhras faoi roinnt daoine. Ceapadh go raibh lámh lárnach sa mharú ag daoine cosúil le Mícheál Prís, Seán Ruiséil, agus Earnán Ó Máille.

Gabhadh Seán Mac Giolla Bhríde as an eachtra chomh maith, ach bhí sé in ann a fhíorú go raibh sé thar lear ag am an mharaithe.

Bhí amhras faoi Éamon de Valera agus Proinsias Mac Aogáin, a bheadh i gceannas  ar Fhianna Fáil ar ball, gur ghlac siad páirt sa mharú.

Thug Ó hUigín rabhadh faoi de Valera agus é i mbéal an bháis, “Abair le mo chomrádaithe a bheith ar a bhfaichill faoi (de Valera) sa saol poiblí … cuirfidh sé i gcéill chun leas a bhaint as laige na ndaoine”

Ní go dtí 1985, nuair a labhair iarcheannaire na nÓglach, Anraí de Faoite, leis an Irish Press, gur nochtadh ainmneacha na ndaoine a mharaigh Ó hUigín: Liam Mac Fhionnáin, Giolla Easpaig Ó Dúghaill agus Tadhg Mac Cochláin. Dúirt de Faoite gur admhaigh Mac Fhionnáin gur mharaigh an triúr Ó hUigín mar dhíoltas as a ról i mbearta 1922.

“Agus é mar aire dlí, d’ordaigh sé iar-chomrádaithe a dhúnmharú”, a dúirt de Faoite, “b’in an fáth gur maraíodh é”.

Maireann muid go fóill in Éirinn le cinneadh Uí Uigín agus Uí Choileáin frith-réabhlóid a chur ar bun agus a gcomrádaithe a chuir chun báis – an Ghaeilge sna Gaeltachtaí ag creimeadh, an tír fós roinnte ina dhá chuid, agus smacht ag lucht an rachmais, thuaidh agus theas, ar pholasaithe sóisialta agus eacnamaíochta.

Clara Zetkin, réabhlóidí, feimineach, Marxach

Rugadh Clara Zetkin ar an 5 Iúil 1857 in Wiederau sa Ghearmáin. Cuimhnítear go minic ar Zetkin mar bhunaitheoir Lá Idirnáisiúnta na mBan, ach tá oidhreacht i bhfad níos leithne ná sin aici. Ba Mharxach díograiseach í agus an aidhm aici gach oibrí a shaoradh ón gcaipitleachas.

D’fhág a gníomhaíocht, teoiric agus obair pholaitiúil tionchar buan agus tá cearnóga, sráideanna agus leachtanna ar fud na Gearmáine a dhéanann comóradh ar a cuid éachtaí.

Bhí tionchar ag Zetkin go hidirnáisiúnta. In 1889, bhí sí ar choiste eagraithe an Dara Idirnáisiúnta. In 1907, bhunaigh sí an chéad rannóg do mhná sa Dara hIdirnáisiúnta agus ghlac sí ról mar Ard-Rúnaí air.

Bhí lámh lárnach aici an bhliain chéanna i gcéad Chomhdháil Idirnáisiúnta na mBan Sóisialach a reáchtáladh in Stuttgart. Mhol sí go gcuirfí Lá Idirnáisiúnta na mBan ar bun ag comhdháil i gCóbanhávan. Ar an 11 Márta an bhliain dár gcionn, 1911, ghlac os cionn milliún duine páirt i léirsithe ar son na mban ar fud na hEorpa.

Clara Zetkin Zyklus i 1960

Bhí Zetkin lárnach sa Pháirtí Sóisialach Daonlathach (SPD), ach ghlac sí ballraíocht sa Pháirtí Sóisialach Daonlathach Neamhspleách (USPD), de bharr gur thacaigh an SPD leis an gCéad Chogadh Domhanda.

Bhí sóisialaithe ar fud na hEorpa i gcoinne an chogaidh, dár ndóigh, óir is éard a bhí ann ná lucht oibre na dtíortha éagsúla ag déanamh slad ar a chéile ar mhaithe le lucht an rachmais, rud a tháinig go hiomlán salach ar an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta.

Bhí scil ar leith ag Zetkin mar eagraí agus ról aici in eagrú freasúra don chogadh. D’eagraigh sí comhdháil frithchogaidh ban i mBeirn na hEilvéise in 1915 agus gabhadh í roinnt uaireanta de bharr a gníomhaíochta.

Sa bhliain 1919 bhí Zetkin ina comhbhunaitheoir le Páirtí Cumannach na Gearmáine (KPD) agus bhí sí mar ionadaí de chuid an pháirtí sa Reichstag go dtí gur chlis ar Phoblacht Weimar.

Idir 1921-33, shuigh sí ar choiste feidhmeannach an Tríú Idirnáisiúnta agus d’fhreastail sí ar bhonn rialta ar chomhdhálacha an Dara hIdirnáisiúnta, áit a raibh sí ina haistritheoir go minic.

B’eagraí agus scríbhneoir cumasach Zetkin chomh maith, agus d’imir sí ról lárnach i múnlú na teoirice sóisialaí feiminí. B’údar inspioráide do Zetkin scríbhneoireacht Frederick Engels agus  August Bebel, a scríobh Women and Socialism.

D’fhorbair Zetkin a chuid smaointe féin ar an ábhar agus í ag tarraingt ar thobar na scríbhneoirí a chuaigh roimpi, an tátal aici nach bhféadfaí an sóisialachas a chur ar bun gan rannpháirtíocht ó mhná an lucht oibre.

Ag Comhdháil Gotha de chuid an SPD in1896 d’fhógair sí:

‘Is i gcomhpháirt le mná prólatáireacha amháin a bhainfear amach an sóisialachas’.

Chreid sí go raibh dúshaothrú á dhéanamh ar fhir agus mná araon, agus, dá bharr sin, gurb éigean dóibh seasamh gualainn ar ghualainn sa streachailt.

Leag sí béim ar ról na mban mar mháithreacha i sochaí sóisialach, shamhlaigh sí gur oideachasóirí agus páirtithe a mbeadh iontu, ach rinneadh cáineadh uirthi dá bharr.

Mar sin féin, b’abhcóide láidir í ar son an oideachais do mhná agus chuir sí peann le pár in 1899 chun The Student and the Woman a scríobh. Paimfléid ab ea é inar áitigh Zetkin go gcuirfeadh rochtain ar an oideachas do mhná leis an deis a mbeadh acu iad féin a shaoradh agus a róil mar mháithreacha agus saoránaigh a neartú.

Rinne Zetkin idirdhealú idir an sóisialachas feimineach agus gluaiseachtaí na mban rachmasach. Bhí bá áirithe aici le mná den mheánaicme a bhí ag streachailt ar son a gceart, ach dhiúltaigh sí don fheimineachas liobrálach mar nach ndeachaigh sé in adharca leis an gcaipitleachas.

Chreid sí nach raibh gluaiseacht na sufraigéidí, a bhí dírithe ar leasaithe dleathúil, radacach go leor; do Zetkin ba ghá struchtúir na haicme a bhaint anuas chun saoirse iomlán do mhná a chinntiú.

Cé go ndearna sí anailís ghéar ar chúrsaí trína shaol, measann roinnt nach raibh sí géar go leor ar an Stailíneachas agus í ag dul in aois.

Cosúil le go leor réabhlóidithe ag an am bhain sí dóchas ón Aontas Sóivéadach, cé go raibh fadhbanna inmheánacha ann nár bhain go díreach le hiarrachtaí an Iarthair an bonn a bhaint de.

Ba de chúlra meánaicmeach í Zetkin í féin. B’iníon múinteora í, agus bhí sí i mbun traenála chun a bheith ina máistreás sular ghlac sí ballraíocht le Páirtí Sóisialach na nOibrithe in 1878, agus scar sí óna gclann dá bharr.

Cuireadh dlíthe frithshóisialacha i bhfeidhm agus b’éigean di teitheadh chuig Zurich agus ansin chuig Páras na Fraince, áit ar bhuail sí lena páirtí, Ossip Zetkin. I ndiaidh a báis, thóg sí a dhá pháiste in Stuttgart. Phós sí Georg Zundel, a bhí 18 mbliana níos óige ná ní, ach scar siad in 1927.

Chothaigh sí nasc láidir intleachtúil le Leinín in 1907 agus léiríonn an comhfhreagras eatarthu go raibh meas acu ar a chéile. B’éigean di an Ghearmáin a fhágáil in 1933 nuair a tháinig na Naitsithe i réim in 1933. Básaíodh sa Rúis í in aois a 75.

Ba réabhlóidí fuinniúil agus dochloíte í Zetkin a dhiúltaigh do chur chuige na leasuithe agus a throid gan staonadh i gcoinne an fhaisisteachais agus an chaipitleachais. Tá tionchar mór ag a hanailís ar shaoirse na mban tríd an sóisialachas go dtí an lá atá inniu ann.

‘Nuair a thagann na naimhde, ní mór do na mná, fiú, troid’; Streachailt na mban i Vítneam

Ar na rudaí is fearr a tharla i dtaca le staireolaíocht na hÉireann le linn deich mbliana na gcuimhneachán ná insíodh scéal na mban a throid le linn Réabhlóid na hÉireann (1912-23). Is fiú súil a chaitheamh ar ról na mban i dtír eile a bhí ag éirí amach i gcoinne impireachta; Vítneam.

In 1954, le linn Chogadh Saoirse Vítneam nó Céad Chogadh na hInd-Síne (1946-1954) fuair trodairí frithimpiriúlacha Vítneam an lámh in uachtar ar 16,000 trúpa coilíneach Francach ag Dien Bien Phu. Ba chor cinniúnach é an cath i dtitim impireacht na Fraince agus thug bua na Vítneamach ardú meanman do réabhlóidithe ar fud an domhain. Bhí mná i lár an aonaigh sa troid agus gan iad ní bheadh rath ar an streachailt ar son na saoirse náisiúnta.

Bhí traidisiún ársa ag frithbheartaíocht na mban i stair Vítneam. Chuidigh siad an ruaig a chur ar ionraí ón tSín, rud a spreag an nath cainte ‘nuair a thagann na naimhde, ní mór  do na mná, fiú, troid’.

D’aineoinn insint patrarcachta na staire, cothaíodh scéal fhrithbheartaíocht na mban tríd an mbéaloideas, rud a spreag do na glúine éirí amach i gcoinne tiarnaí feodach, coilínigh Fhrancacha, agus, ina dhiaidh sin, fhórsaí míleata SAM. 

Bhí éirithe leis an bhFrainc bonn láidir a chuir faoina gcoilíneacht i Vítneam faoin mbliain 1884 tar éis 40 bliain de chogaí agus gadaíocht. Mar a tharlaíonn i neart cásanna dá shórt, rinne an Fhrainc an náisiún a roinnt ina thrí ‘thír’. Coinníodh na trí ‘thír’ seo faoi fhorghabháil ag baint leas as modhanna barbartha agus mídhaonna. 

Bunaíodh Cumann an mBan Vítneamach sa bhliain 1930 le tacaíocht Pháirtí Cumannach na hInd-Síne faoi cheannasaíocht Ho Chi Minh. Chuir na cumannaigh saoirse na mban ag croílár a gcuid oibre i dtreo na sprice impiriúlachas na Fraince agus an feodachas dúchasach a threascairt.

Bhí cinnirí Chumann na mBan chun cinn ag eagrú chosmhuintir na tuaithe agus oibrithe monarchan chun dul ar stailc agus léirsiú i gcoinne na bhFrancach.

In 1930, bhain oibrithe a bhí ar stailc ag plandáil rubair airm na saighdiúirí Francacha uathu, chuir siad constaicí ar na bóithre, agus thug an chosmhuintir thuaithe soláthairtí dóibh.

Bhí sé de nós ag Legionnaires na Fraince mná Vítneamacha a éigniú agus nuair a d’éirigh na mná amach bhain siad na súile de na fir a d’éignigh iad. Chuir na Francaigh an ghluaiseacht faoi chois agus b’éigean do Chumann na mBan Vítneamach feidhmiú faoi thalamh.

Níor chuir an lámh láidir na mná ó dhoras agus lean siad leis an eagrú. Bunaíodh Sóivéidí Nghe Tinh i ndiaidh d’údaráis na Fraince teitheadh, agus bhí smacht acu ar dhá chúige ar feadh seala.

Bhronn na sóivéidí (comhairlí áitiúla d’oibrithe) talamh, oideachas polaitiúil, agus rannpháirtíocht i gcruinnithe poiblí ar mhná. I ndiaidh do na Francaigh iad a bhuamáil, tháinig tuilleadh ban i dtreo Chumann na mBan.

Lean cadre ban ar aghaidh ag earcú isteach sa ghluaiseacht trí imeachtaí sóisialta amhail bainseacha agus sochraidí, agus bhí sé de nós acu bualadh le chéile faoi rún istoíche.

Bhí ról lárnach ag na mná sa chogadh ar son na saoirse i gcoinne na bhFrancach. Nuair a bunaíodh an Viet Minh sna 1940í mar fhronta aontaithe tugadh cead do mhná an lámh láidir a úsáid. Dár le hIarsmalann na mBan Vítneamach in Hanáí, bhí tuairim agus 980,000 bean bainteach leis na fórsaí treallchogaíochta.

Ba in Hoang Ngan i gCúige Hung Yen a bhí an líon ba mó ban páirteach, 7,365 acu. Throid an grúpa amháin seo i 680 cath, rinne siad scrios ar 13 láthair de chuid na namhad agus 16 chiliméadar de líonraí gutháin, chomh maith le 383 saighdiúir Francach a mharú nó a ghabháil.

I dteannta a bheith ag troid, thug na mná cúram do shaighdiúirí agus rinne siad sholáthairtí a sheachadadh  agus bainistiú ar chúrsaí lóistíochta. Idir na blianta 1950 agus 1954 chaith mná beagnach milliúin lá oibre ag seachadadh bia agus airm. Le linn Chogadh Saoirse Vítneam d’fhás ballraíocht Chumann na mBan go roinnt milliúin bean.

Ar an 7 Bealtaine 1954, i ndiaidh 55 lá de throid, scrios Arm na Vítneamach daingean ‘dochloíte’ de chuid na bhFrancach ag Dien Bien Phu.

Ba é an tArdcheannasaí Vo Nguyen Giap a stiúraigh an cath, agus b’éigean do 10,000 saighdiúir Francach géilleadh. Ba bhuille marfach é seo do choilíneachas na Fraince, agus leagadh dúshraith tábhachtach do na Vítneamaigh ina dtroid i gcoinne SAM ar ball. 

Mar a dúirt an Ginearál Giap ag an am, ‘thug an bua ag Dien Bien Phu agus an cogadh frithbheartaíochta i gcoinne na bhFrancach bonn láidir teoriciúil, taithí agus an fhéinmhuinín dár muintir an ceann is fearr a fháil ar na hionsaitheoirí Meiriceánacha agus cogadh na saoirse a mhair tríocha bliain a thabhairt chun críche le bua’.

Laghdaigh cíosanna agus rátaí úis!
Pá comhionann ar obair chomhionann!
Obair chontúirteach ar bith do mhná!
Dhá mhí de shaoire mháithreachais le pá iomlán!
Síos leis an bpósadh éigeantach!
Síos leis an bpolagamas!
Cuir ar ceal an nós dímheas a léiriú ar mhná!

— Sluán Chumann na mBan, Vítneam, 1930

Teitheadh na nGéanna Fiáine agus Pádraig Sáirséal, 1691

Luadh Pádraig Sáirséal, nó ‘an Sáirséalach’ (1655-93), sna meáin le déanaí, óir creidtear go bhfuil seandálaithe tar éis teacht ar a chorp i séipéal sa Bheilg. Léiríonn taifid staire gur cuireadh Sáirséal in uaigh gan leac i gcathair bheag darb ainm Huy taobh le saighdiúir Francach nach eol a ainm.

D’fhág Sáirséal Éire le linn Theitheadh na nGéanna Fiáine in 1691, nuair a chuaigh saighdiúirí Seacaibíteacha a bhí dílis do Rí Séamas II thar sáile chun troid le hairm na Mór-Roinne, go háirithe an Fhrainc agus an Spáinn.

Tá Sáirséal ar dhuine de na ceannairí míleata is tábhachtaí i stair na hÉireann. Rugadh i dteaghlach Angla-Éireannach Caitliceach é thart ar an mbliain 1655. Ba de shliocht Gaelach a mháthair, iníon le Ruaidhrí Ó Mórdha, ceannaire Éirí Amach 1641. Chaith Sáirséal tréimhse in arm na Fraince. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé isteach in arm na Seacaibíteach agus bhí cáil amach air mar cheannaire cróga agus neart taithí aige ar chúrsaí míleata le linn Chogadh na Seacaibíteach (1689–1691).

Bhris an cogadh úd amach de bharr coimhlinte i ngeall ar an té a bheadh ina rí ar Shasana, Albain agus Éirinn. Ar thaobh amháin bhí an Caitliceach Séamas II agus bhí an Protastúnach Liam Oráiste i gceannas an taobh eile. Bhain Liam Oráiste an choróin de Shéamas le linn na Réabhlóide Glórmhaire in 1688. 

Thacaigh Caitlicigh na hÉireann le Séamas, ag súil go dtabharfadh sé ar ais a gcuid tailte agus cearta, fad is a thacaigh Protastúnaigh le Liam Oráiste chun bonn ní ba láidre a chuir faoina smacht féin ar an tír. Ba chuid bheag é an cogadh de choimhlint Eorpach níos leithne idir an Fhrainc (a thacaigh le Séamas) agus an Comhaontas Mór (a thacaigh le Liam Oráiste) le linn Chogadh an Chomhaontais Mhóir (1688–1697). 

Ar na gaiscí ba mhó a rinne an Sáirséalach le linn Chogadh na Seacaibíteach ná an ruathar ag Baile an Fhaoitigh i Lúnasa 1690. Ba ruathar dána é ar thionlacan míleata fhórsaí Liam Oráiste inar scriosadh trealamh cogaíochta léigir a bhí le húsáid i gcoinne Luimnigh, rud a chuir moill ar thitim na cathrach agus a thug ardú meanman do na Seacaibítigh.

In ainneoin na n-iarrachtaí seo, cuireadh na Seacaibítigh faoi léigear, agus chlis orthu ag Cath na Bóinne (1690) agus Cath Eachroma (1691) chomh maith. Mar thoradh ar an mbrú míleata seo, chuaigh Sáirséal agus a lucht leanúna siar go Luimneach, an áit dheireanach a bhí faoina smacht. Tar éis cainteanna fada, síníodh Conradh Luimnigh ar an 3 Deireadh Fómhair 1691.

Bhí ról lárnach ag Sáirséal i gConradh Luimnigh, a thug an rogha do shaighdiúirí Seacaibíteacha fanacht in Éirinn faoi riail Phrotastúnach nó dul ar deoraíocht chun leanúint ar aghaidh ag troid ar son Shéamais II. Roghnaigh Sáirséal agus timpeall 14,000 saighdiúir Éireannach agus a dteaghlaigh dul ar deoraíocht seachas glacadh le riail na Sasanach. Tugadh Teitheadh na nGéanna Fiáine ar an imeacht ollmhór seo.

Ar an 22 Nollaig 1691, d’imigh Sáirséal agus a chuid fear ó Chorcaigh chun na Fraince, áit ar tógadh isteach in arm na Fraince iad mar chuid den Bhriogáid Éireannach. Ba chaillteanas ollmhór é seo d’Éirinn; chaill an tír cuid mhór dá ceannairí agus dá saighdiúirí ab’éifeachtaí.

Mar a mhíníonn an staraí Thomas Bartlett, ‘ní hamháin gur deireadh leis an gcogadh a bhí i gConradh Luimnigh, ach ba thús le ré fhada de mhíleatachas Éireannach thar lear é, a d’fhág lorg ar stair na hEorpa ar feadh céad bliain’.

Sa Fhrainc, chuir Rí Louis XIV fáilte roimh Sáirséal. Thuig Louis luach na n-imirceach Éireannach mar chomhghuaillithe in aghaidh Liam Oráiste. Bronnadh céim ard ar Sháirséal mar maréchal de camp (maorghinearál), agus bhí sé mar cheannaire na saighdiúirí Éireannacha le linn Chogadh na Naoi mBliana (1688–1697).

Bhí impleachtaí móra ag Teitheadh na nGéanna Fiáine, faoi cheannas an tSáirséalaigh, d’Éirinn. Le himeacht an oiread sin saighdiúirí oilte, cuireadh deireadh le haon fhrithbheartaíocht mhíleata a bhí fágtha in aghaidh riail Shasana, agus osclaíodh an doras do na Péindlíthe, agus srianta crua ar Chaitlicigh.

Agus na saighdiúirí Éireannacha i gcéin bhain siad cáil amach mar laochra den chéad scoth, go háirithe in arm na Fraince agus na Spáinne, áit ar lean siad ag troid i gcoimhlintí móra Eorpacha. Lean an Bhriogáid Éireannach ag troid ar son na Fraince ar feadh breis agus céad bliain.

Ba é Cath Landen (1693), sa Bheilg sa lá atá inniu ann, an cath deireanach inar throid an Sáirséalach. Throid sé faoi cheannas an Mharascail Luxembourg agus gortaíodh go tromchúiseach é lena linn. Deirtear gurbh iad na focail dheireanacha uaidh ná ‘Ó, dá dtarlódh seo ar son na hÉireann!’, rud a léirigh a dhílseacht dá thír dhúchais.

De réir an staraí J.G. Simms, ‘Ní hamháin gur chaill an Fhrainc ginearál luachmhar, ach chaill Éire siombail. Do mhórán Éireannach ar deoraíocht, ba shiombail den dóchas é Sáirséal go mbeadh Éire neamhspleách arís. Ach d’imigh an dóchas le himeacht ama’.

Má dhearbhaíonn na seandálaithe atá i mbun tochailte in Huy na Beilge faoi láthair go bhfuil Sáirséal curtha ann, tógfar a chorp ar ais go Luimneach, áit a ndéanfar é a adhlacadh ina bhaile dúchais.

Léiríonn amhrán anaithnid ón 17ú haois an meas a bhí ag Gaeil ar Sháirséal:


A Phádraig Sáirséal, is duine le Dia thú,
is fearrde an talamh ar sheasadh tú riamh air,
do bhainteá allas as clanna na striapach,
is do sciob an barr ó láimh rí Uilliam leat,
Och! ochón!

‘Éire ag seasamh go láidir ar a cosa féin’: bunú Raidió Éireann 1926

Bunaíodh Raidió Éireann (ar a dtugtar Raidió Teilifís Éireann sa lá atá inniu ann) go hoifigiúil ar an 1 Eanáir 1926. Ba chéim mhór chun tosaigh é i stair chraolacháin na hÉireann. Ba é an chéad seirbhís craolacháin phoiblí oifigiúil in Éirinn é.

Anuas air sin, ba shiombail a bhunú den tábhacht a bhain leis an raidió mar mheán cumarsáide agus mar ghléas tógála stáit i luathbhlianta an tSaorstáit.

Go luath i ndiaidh bhunú an tSaorstáit, d’aithin an rialtas tábhacht an raidió chun aontacht chultúrtha agus pholaitiúil a chothú. Chonacthas an tseirbhís mar bhealach chun féiniúlacht náisiúnta a fhorbairt agus chun cultúr agus teanga na hÉireann a chur chun cinn.

Míníonn Caoimhghin Ó Croidheáin an bunús idé-eolaíochta a bhí le hiarrachtaí an stáit i leith na Gaeilge an tráth seo. Díríodh an mhian a bhí ann d’athrú sóisialta (athdháileadh talún, cearta oibrithe srl) isteach in athruithe a bhain leis an gcultúr – an ‘Gaelú’ a rinneadh ar an gcóras oideachais, mar shampla.

Baineadh leas as an nGaeilge agus na meáin nua cosúil le Raidió Éireann, arsa Ó Croidheáin, ‘mar ghléas chun an stát a chomhdhlúthú’, tráth a raibh bagairt ann go fóill ó phoblachtaigh a chreid nach raibh dlisteanacht ag an Saorstát.

I dtaca le forbairt an stáisiúin, roimh do Raidió Éireann teacht ar an bhfód, rinneadh tástáil ar an raidió trí chraoltaí raidió eile. Ba é an chéad stáisiún raidió Éireannach ceadúnaithe ná 2RN, a thosaigh tástáil ar chraoltaí i mí na Nollag 1925 agus a chuir tús le craoladh rialta go hoifigiúil faoin scáth Raidió Éireann ar an 1 Eanáir 1926.

Ba as imeartas focail bunaithe ar an nath cainte i mBéarla na hÉireann, ‘are ye right there, Michael, are ye right?’, a tháinig an t-ainm 2RN. Bhí an t-ainm ag teacht leis na cineálacha ainmneacha a bhaistí ar stáisiúin raidió eile an t-am sin. Is ar 36 Sráid Bheag na Danmhairge, Baile Átha Cliath, a bhí stiúideo 2RN.

Thug an Dr. Dubhghlas de hÍde, duine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge agus an chéad Uachtarán ar na sé chontae is fiche ina dhiaidh sin, an chéad óráid ar 2RN. Leag sé béim ar thábhacht an chultúir agus ar an nGaeilge a chaomhnú. Bhí ceol agus siamsaíocht mar chuid den chlár tosaigh freisin.

Arsa de hÍde agus é i mbun óráide ar an gcéad lá den chraoladh:

‘Beidh Éire ag seasamh go láidir ar a cosa féin. Is í an Ghaeilge an leathchos agus is í an leathchos eile an damhsa, an ceol agus ár gcluichí féin’.

Ar dtús, bhí dúshláin ag an stáisiún maidir lena chumas gach cuid den stát, go háirithe ceantair thuaithe, a bhaint amach mar gheall ar theorainneacha na teicneolaíochta tarchurtha. Níor shroich an stáisiún na contaetha Ghaeltachta go dtí na 1930í. Mar sin féin, rinneadh feabhsuithe de réir a chéile sna blianta ina dhiaidh sin.

Cé gur phléigh J.J. Walsh, an tAire Poist agus Teilegrafa, stáisiúin raidió do na ceantair Ghaeltachta sna 1920í, níor bunaíodh a leithéid mar gheall ar pholasaithe eacnamaíocha coimeádacha. I ndáiríre dhírigh an tseirbhís 2RN ar lucht labhartha an Bhéarla.

Bhíodh cláracha áirithe ar nós Nuacht agus Tréimhseachán Teann, le cloisteáil le hais cláracha ar CLG, cláracha ceoil thraidisiúnta agus cláracha reiligiúnacha Caitliceacha.

Sna 1940í, dhírigh cláracha ar nós Is Your Irish Rusty? agus Listen and Learn ar lucht foghlamtha na Gaeilge agus lucht an chúpla focal.

Mhol Éamonn de Valera agus é ina Thaoiseach in 1943 go mbunófaí seirbhís raidió don Ghaeltacht, ach níor tharla sé go ceann 30 bliain eile.

Fágadh é faoi Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta stáisiún raidió bradach, Saor-Raidió Chonamara, a bhunú in 1970 agus an stát a náiriú sular bunaíodh Raidió na Gaeltachta go hoifigiúil roinnt blianta ina dhiaidh sin in 1973.

‘Milleadh ár gcúise’: scoilt i measc Bhráithreachas na bhFíníní, Nollaig 1865

Faoi lár na 1860í ba ghluaiseacht ollmhór thras-Atlantach í gluaiseacht na bhFíníní agus codanna éagsúla di ag teacht salach ar a chéile.

Is iomaí uair a tharla scoilt i ngluaiseachtaí polaitiúla in Éirinn, agus is minic i measc poblachtach a tharla siad. Mar a dúirt Breandán Ó Beacháin, is é an chéad mhír ar chlár oibre aon eagraíochta ná an scoilt. An tráth seo den bhliain thiar in 1865 tháinig an crú ar an tairne i gconspóid a bhí ag borradh i measc Fhíníní Mheiriceá le tamall de bhlianta.

Ar an 2 Nollaig 1865 chuir seanad na bhFíníní an ruaig ar Sheán Ó Mathúna mar cheannasaí na gluaiseachta agus toghadh Liam Mac Roibeaird ina áit.

Gluaiseacht phoblachtach ab ea na Fíníní, mar a baisteadh orthu, a bhí faoi stiúir Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann, an IRB (Irish Republican Brotherhood) i mBéarla. Bunaíodh iad in 1858 chun Éire a shaoradh ó Shasana trí úsáid a bhaint as an lámh láidir.

Sna blianta luatha bhí Séamas Mac Stiofáin, nó ‘an Seabhac Siúlach’ mar a ghlaoití air, ina cheannaire ar an ngluaiseacht in Éirinn. D’fhás an Bráithreachas go sciobtha i measc fir óga den lucht oibre i mbailte Chúige Laighean agus Chúige Mumhan, agus i mBéal Feirste ó thuaidh. 

Bhí Ó Mathúna i gceannas ar an ngluaiseacht ar an taobh eile den Atlantach ó bunaíodh é agus glaodh Bráithreachas an bhFíníní air seo. Ach, céard ba chúis leis an teannas a tháinig in inmhe ag tús mhí na Nollag 1865 agus a chuir deireadh le ceannasaíocht Uí Mhathúna? 

I mí Mheán Fómhair na bliana sin, seachtain i ndiaidh ruathar na bpóilíní ar oifigí an Irish People i mBaile Átha Cliath, áit ar gabhadh cinnirí na gluaiseachta, reáchtáil Ó Mathúna cruinniú de choiste lárnach na bhFíníní i Nua-Eabhrac. 

Theastaigh ó Ó Mathúna go bpléifí todhchaí na gluaiseachta, ach bhí a gclár oibre féin ag baill áirithe den choiste, Liam Mac Roibeaird ina measc.

Fear rachmais a raibh gnó rathúil aige i Nua-Eabhrac a bhí i Mac Roibeaird. Thuig sé cúrsaí polaitiúla Mheiriceá agus bhí sé in ann dul i bhfeidhm ar shlua Meiriceánach lena óráidíocht. Theastaigh ón dream faoi Mac Roibeaird comhdháil ghinearálta a reáchtáil chun leasú a dhéanamh ar bhunreacht na bhFíníní. 

Reáchtáladh an chomhdháil sin in Philadelphia i mí Dheireadh Fómhair 1865. Athraíodh an bunreacht agus tháinig uachtarán, Liam Mac Roibeaird, agus leasuachtarán, B.D Mac Cillín, chomh maith le 15 bhall de sheanad, in áit Uí Mhathúna. Ghlac an dream nua Moffat Mansion ar Chearnóg an Aontais i Nua-Eabhrac mar cheanncheathrú. Mar a áitíonn Marta Ramón

‘Is é a bhí i mBráithreachas na bhFíníní anois macasamhail Phoblacht Mheiriceá, lena chaipeatól féin leis an mbratach Fhiníneach ar foluain le cláirseach agus gal gréine, cumhacht reachtaíochta arna dílsiú sa seanad agus i dteach ionadaithe na bhFíníní, a bhí anois go hiomlán freagrach do sheanad doicheallach don chuid ba mhó dá chinntí’

I dteannta an phlé faoin mbunreacht, glacadh le plean go ndéanfadh na Fíníní ruathar ar Cheanada, a bhí go fóill faoi smacht impireacht na Breataine. Theastaigh ó roinnt Fíníní calafort i gCeanada a ghabháil chun dul i mbun ruathair rialta i gcoinne na Breataine, nó, ar a laghad an impireacht a tharraingt isteach i gcogadh le SAM. Bhí práinn bhreise leis seo, dár leo, de bharr dheacrachtaí na gluaiseachta in Éirinn. 

Ach níor thaitin plean an ruathair ar Cheanada le hÓ Mathúna, óir chreid sé gur chuir sé an ghluaiseacht ar sheachrán ón bpríomhaidhm – Éire a shaoradh. Ghoill sé ar Ó Mathúna go raibh smacht á chailleadh aige ar an ngluaiseacht.

Rinne sé cinneadh airgead a sheoladh go hÉirinn chun cabhrú le Mac Stiofáin agus é i gcruachás, ach níor thug an seanad nuathofa aon chead d’Ó Mathúna an cinneadh a ghlacadh. Glaodh os comhair seisiún speisialta é ar an 2 Nollaig agus díbríodh é as an mBráithreachas.

Scoilt a bhí anseo agus scríobh Ó Mathúna go Mac Stiofáin ina dhiaidh sin ag rá:

‘Tá na fealltóirí ag iarraidh an bheirt againn a chaitheamh thar bord agus Éire a thréigean i bhfabhar Cheanada’.

Chuir faicsean Mhic Roibeaird caimiléireacht i leith Uí Mhathúna. Scríobhadh sa New York Times go raibh ‘cailíní aimsire dícheallacha Éireannacha sna Stáit Aontaithe’ tar éis airgead a thabhairt ‘ag súil lena n-oileán dúchais a shaoradh’, ach go raibh Ó Mathúna tar éis an mhaoin a chur amú agus a sciobadh i dtuairim Mhic Roibeaird agus a chomhghleacaithe.

I ndáiríre, ní cúrsaí airgid a bhí ina gcnámh spairne, ach ceist smachta agus cur chuige. Bhí Ó Mathúna dírithe ar cheist na hÉireann amháin, ach bhí polaitíocht agus dul chun cinn i Meiriceá le brath go tréan i straitéis Mhic Roibeaird.

Ní hé sin le rá nár theastaigh ó Mhac Roibeaird go saorfaí Éire, ach, níorbh é gluaiseacht na bhFíníní bun agus barr an scéil dó siúd. Bhí saol polaitiúil fada ag Mac Roibeaird i róil éagsúla i bpolaitíocht Mheiriceá i ndiaidh chonspóid 1865, rud a thugann léargas ar chuid d’Fhíníní Mheiriceá i saol Mheiriceá agus na Éireann araon, murab ionann agus Ó Mathúna.

Mar a deir Marta Ramón,

‘Ba iarmhairtí intuartha chastachtaí an náisiúnachais Ghael-Mheiriceánaigh iad daonlathú de réir a chéile Bhráithreachas na bhFíníní a raibh de chríoch air rialtas poblachtach Éireannach de facto ar deoraíocht a chruthú … agus  an t-athrú ar deireadh i gcuspóirí míleata go críocha Cheanada’

Rinne na Fíníní ruathar ar Cheanada in 1866 agus arís in 1870 agus 1871.

Toghchán 1923 an tSaorstáit

Agus muid in aimsir thoghcháin sna sé chontae fichead tugtar spléachadh ar an gcéad toghchán i stair an tSaorstáit a tharla os cionn 100 bliain ó shin.

Tharla toghchán mhí Lúnasa 1923 faoi scamall an Chogaidh Chathartha a mhair ó Mheitheamh 1922 go dtí an 30 Aibreán 1923. Ritheadh bille sa tríú Dáil a thug cead don rialtas, a bhí ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh, poblachtaigh i ngéibheann a chur chun báis.

Ghlaoigh lucht an tSaorstáit “an Bille Chun Cosanta na Puiblíochta (Comhachta Ocáideacha), 1923” ar an mbille seo. Bhaist poblachtaigh an ‘Bille Dúnmharfach’ air. 

Chuir an Saorstát, faoi bhagairt Impireacht na Breataine, 81 poblachtach chun báis chun Gluaiseacht na Poblachta a chuir faoi chois. Faoi fhómhar na bliana 1923, bhí 12,000 fear agus bean, poblachtaigh den chuid is mó, sa phríosún faoi théarmaí an bhille. 

Michael Barry, Iarrthóir Poblachtach Ceatharlach & Cill Chainnigh
Grianghraf: J. Kissane / Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bhí leanúnachas ann i dtaobh cúrsaí riaracháin idir an stát faoi réimeas na Breataine agus an Saorstát a tháinig ar an bhfód in 1922. Mar a scríobhann an staraí Alvin Jackson:

‘coinníodh formhór mór na státseirbhíseach: d’aistrigh corradh is 98 faoin gcéad den seanlucht riaracháin Briotanach go seirbhís Shaorstát Éireann’

Anuas air sin, bhí cuid mhaith de na nuachtáin, an Eaglais Chaitliceach agus na feirmeoirí móra agus lucht gnó tar éis tacú leis na Saorstátairí le linn an chogaidh.

Mar sin, ghlaoigh Liam Tomás Mac Cosgair, Uachtarán ar Ard-Chomhaire Shaorstát Éireann a bhí i bhfeighil an tSaorstáit, an toghchán agus buntáiste na bunaíochta ag a pháirtí, Cumann na nGaedhael. Bhuaigh Cumann na nGaedhael 39% den vóta, agus bhain siad 63 suíochán. 

Ghnóthaigh poblachtaigh, faoi chinnireacht Éamon de Valera, 27.3% den vóta, toradh a thug 44 suíochán dóibh. Ach de bharr pholasaí neamhfhreastail na bpoblachtach, níor ghlac siad a suíocháin i dTeach Laighean. 

Níor éirigh go maith le Páirtí an Lucht Oibre i dtoghchán na bliana 1923.  Níor éirigh leo ach 10.6% den vóta a bhuachan. Ghlac an páirtí ról an fhreasúra agus gan ach 14 teachta dála acu.

‘Bhí drochléiriú an Pháirtí an Lucht Oibre, go háirithe i mBaile Átha Ciath’, arsa an staraí Anthony White, ‘mar gheall, cuid mhór, ar choimhlint mhór idir Séamas Ó Lorcáin agus ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre.

De bhrí gur thacaigh Páirtí na bhFeirmeoirí agus na teachtaí dála neamhspleácha leis an rialtas an chuid ba mhó den am, bhí seilbh na cumhachta i lámha Chumann na nGaedhael as sin go dtí 1927.

D’éirigh go maith le Cumann na nGaedhael i mBaile Átha Cliath, go háirithe i mBaile Átha Cliath Theas, áit ar ghnóthaigh an páirtí 55.2% den vóta – plus ça change, is dócha. Níor éirigh go maith leis an bpáirtí sna ceantair ina raibh na poblachtaigh láidir le linn an Chogaidh Chathartha – Corcaigh Thuaidh, Port Láirge, Ciarraí agus an Clár.

Mar sin féin, ní raibh eagar maith ar na poblachtaigh de bhrí go raibh go leor dá ngníomhaithe i ngéibheann. Rinne de Valera iarracht Sinn Féin a athneartú i Meitheamh na bliana 1923 chun dul san iomaíocht sa toghchán, ach ní raibh poblachtaigh aontaithe ar an gceist.

Bhí 64 de na 85 iomaitheoir poblachtacha i ngéibheann ag an am, agus le linn an fheachtais gabhadh de Valera agus é ag tabhairt óráide in Inis, Co. an Chláir.

Níl aon dabht ach gur reáchtáladh toghchán 1923 ag am corraitheach, eisceachtúil. Thairis sin, tugtar suntas don toghchán mar an chéad toghchán a thug cead do mhná os cionn 21 bliain d’aois vóta a chaitheamh, rud a bhí chun cinn ar chuid mhaith de thíortha na hEorpa.

De bharr gur úsáideadh an córas ionadaíocht chionmhar den chéad uair chomh maith tháinig iomaitheoirí neamhspleácha chun cinn sa toghchán céanna, agus ghnóthaigh siad 10.9% den vóta. 

Agus tacaíocht idir 18% agus 22% á thuar d’iomaitheoirí neamhspleácha do thoghchán 2024, an mbeidh lámh lárnach acu i mbunú an chéad rialtais eile?

Domhnach na Fola, 1887

Cuntas ar eachtra i stair lucht oibre Shasana agus na hÉireann

Is maith is eol do mhuintir na hÉireann faoi Dhomhnach na Fola a tharla i nDoire in 1972. Seans go bhfuil cur amach áirithe ag daoine ar Dhomhnach na Fola, 1913, nuair rinne póilíní i mBaile Átha Cliath ruathar ar lucht tacaíochta an ITGWU le linn Fhrithdhúnadh na bliana sin.

Ach is beag seans gur chuala mórán faoi Dhomhnach na Fola a tharla ar Chearnóg Trafalgar i Londain cothrom an ama seo den bhliain in 1887.

Nuair a chlis an córas caipitleach in 1873, rud ar athghlaodh ‘An Spealadh Fada’ (Long Depression), thit praghas an bhia – cruthaíodh neart imirce ón tuath i dtreo na gcathracha. Chuaigh fadhbanna sóisialta agus dífhostaíochta sna bailte i dtreis, agus, ar ball, tháinig borradh faoin ngluaiseacht shóisialach i Sasana sna 1880dí.

Sheas an ghluaiseacht in éadan droch-chaighdeáin maireachtála, droch-choinníollacha oibre agus bhochtaineacht lucht oibre na tíre. Thart faoin am céanna, bhí an ghluaiseacht ar son cearta talún agus neamhspleáchas na hÉireann go mór i mbéal lucht oibre Shasana.

Bhíodh sé de nós ag an Socialist Democratic Federation agus An Irish National League léirsithe rialta a eagrú ar Chearnóg Trafalgar, óir ba láthair lárnach agus shiombalach í. 

D’éirigh teannas idir an stát agus gluaiseacht na n-oibrithe de bharr na n-agóidí móra rialta a cháin córas caipitleach Shasana. Chinn an stát cosc ar léirsithe i Mí Dheireadh Fómhair 1887. Rinne an ghluaiseacht shóisialach agus gluaiseacht na n-oibrithe neamhaird ar an gcinneadh agus eagraíodh léirsiú don 13 Samhain.

Bhí sé mar sprioc ag an léirsiú cur i gcoinne an choisc ar shaoirse comhlachais agus aird a tharraingt ar an dífhostaíocht ollmhór i Londain. Chomh maith leis sin, bhí sé mar aidhm ag an léirsiú tacaíocht a léiriú do William O’Brien, an náisiúnaí agus gníomhaí talún Éireannach, a gabhadh tamaillín roimhe sin.

Bhí go leor Éireannach i measc na n-oibrithe in Oirthear Chathair Londain an tráth sin chomh maith – mar sin bhí bá ar leith ann do streachailt na nÉireannach. Chruthaigh an léirsiú nasc cumhachtach idir na hagóidí ar son chearta an luchta oibre i Sasana agus an dlúthpháirtíocht frith-choilíneach.

Ar an lá, bhailigh 10,000 duine ar Chearnóg Trafalgar. I measc na gcinnirí, bhí leithéidí Eleanor Marx, Annie Besant, William Morris agus George Bernard Shaw. Bhí buairt ar leith ar na húdaráis go gcruthófaí nasc idir an ghluaiseacht náisiúnach in Éirinn agus fearg an luchta oibre i Londain.

I Mí Dheireadh Fómhair scríobh ceannasaí Póilíní Chathair Londain, Sir Charles Warren, chuig Herbert Matthews, an Rúnaí Baile, ag lorg 20,000 constábla speisialta chun déileáil le cruinnithe sóisialach i Londain. D’áitigh Warren go raibh ‘contúirt ollmhór’ ann go ndéanfaí ionsaí ar an sealúchas agus go raibh na cainteoirí ag na cruinnithe ‘ag moladh do na haicmí bochta saibhreas na huasaicme a sciobadh’.

Cuireadh 2,000 póilíní agus 400 saighdiúir, chomh maith le póilíní ar chapaill, ar an gcearnóg an lá sin chun an léirsiú a chuir faoi chois. Rinne cinnirí na léirsitheoirí iarracht an chearnóg a shroicheadh, ach sheas fórsaí an stáit idir iad agus a sprioc.

Rinne na póilíní ruathar ar an slua sula i bhfad. Maraíodh beirt léirsitheoirí, gortaíodh go leor eile agus gabhadh 200 duine. Scríobh Edward Carpenter, sóisialach agus file, a bhí ann ar an lá ina chuimhní cinn faoin eachtra:

‘I was in the Square at the time. The crowd was a most good-humoured, easy going, smiling crowd; but presently it was transformed. A regiment of mounted police came cantering up. The order had gone forth that we were to be kept moving. To keep a crowd moving is I believe a technical term for the process of riding roughshod in all directions, scattering, frightening and batoning the people.’

Bhí uafás ar sciar maith den phobal mar gheall ar an méid a tharla ar an 13 Samhain ar Chearnóg Trafalgar. Bhí Alfred Linnell ar cheann de na daoine a básaíodh nuair a shatail ceann de chapaill na bpóilíní air. D’fhreastail na mílte ar a shochraid agus cháin leithéidí an scríbhneora George Bernard Shaw agus an cheannaire shóisialaigh Annie Besant an rialtas.

Spreag Domhnach na Fola tuilleadh gníomhaíochtaí sóisialacha ar son cearta oibrithe agus saoirse cainte ar fud na Breataine. Ba chor cinniúnach Domhnach na Fola, 1887. Laistigh de scór bliain nó mar sin, tháinig brú mór ar pholaiteoirí Liobrálacha córas leasa shóisialaigh a bhunú de bharr na streachailte leanúnaí lena n-áirítear eachtraí ar nós Dhomhnach na Fola.