Author: misneach

Protastúnaigh agus an Ghaeilge in Ulaidh na 1790í

D’fhreastail mac le Ian Paisley, an tUrramach Kyle Paisley, ar ócáid faoin nGaeilge a reáchtáil an tSaor-Eaglais Phreispitéireach le déanaí. Dúirt an tUrramach Paisley gur “bronntanas ó Dhia [iad teangacha, an Ghaeilge ina measc] chun cumarsáid a dhéanamh le daoine agus naisc a chruthú leo”.

Reáchtáladh an ócáid dár teideal “Preispitéirigh agus an Ghaeilge” i dTeach Fhearann Sheáin i gContae Aontroma.

Mar sin, is fiú breathnú ar ré ina raibh Protastúnaigh go mór chun cinn in athbheochan na teanga i gCúige Uladh, is é sin na 1790í, an t-am a raibh Éireannaigh Aontaithe go mór chun cinn. 

Léirigh rún a rith Cumann Léitheoireachta Bhéal Feirste in 1793 go raibh spéis ag Protastúnaigh sa Ghaeilge, óir impíodh ar bhaill an chumainn leabhair agus lámhscríbhinní Gaeilge a cheannach.

Thart faoin am seo bhí scoláire Gaeilge as Loch an Oileáin, Co. an Dúin, Pádraig Ó Loinsigh, ag múineadh in Acadamh Bhéal Feirste agus bhí duine de na hÉireannaigh Aontaithe ba mhó le rá, Thomas Russell, ina mhac léinn aige.

Faoi 1800 bhí Ó Loinsigh ag déanamh trascríobh ar lámhscríbhínní i nDún Dealgan ar son Samuel Coulter, a bhí ina bhall de Chuallacht na bPreispitéireach ar an mbaile sin. 

Bhí baint ag Samuel agus Andrew Bryson, athair agus mac, leis na hiarrachtaí céanna i nDún Dealgan. Bhí Andrew Bryson ina mhinistir i bpobal Preispitéireach Bhaile Mhic Scanláin, Co. an Lú, idir 1786 agus 1795. Maíonn Pádraig Ó Snodaigh go léiríonn saol na ndaoine seo an nasc idir an Ghaeilge a bheith “á caomhnú agus á hathbheochan”.

Dúirt Earnán de Blaghd, a bhí de shliocht Eaglais na hÉireann i gCo. Aontroma, go raibh “sliocht na bPlandóirí á nGaelú go tiubh an uair úd”.

Gné thábhachtach eile den athbheochan ab ea bunú Chumann Cláirsí Bhéal Feirste in 1791, “chun ceol agus filíocht ársa na hÉireann a athbheochan agus leathadh”. Iarradh ar Andrew Bryson cabhrú leis na cruinnithe luatha i dtaca le cúrsaí Gaeilge de. Bhí rath maith ar an gcumann agus bunaíodh scata coistí sa cheantar chun dul i mbun oibre. 

Bhí ballraíocht ag leithéidí Robert Bradshaw, Robert Simms, Hon. Miss de Courcey, Mrs. John Clarke, Miss Grant, Miss Bristow agus Mrs. Kennedy. Daoine eile a bhí chun cinn ná an Dr. James McDonnell, Protastúnach as Bun Abhann Dalla, Edward Bunting, Protastúnach as Ard Mhacha a áirítear i measc na gcéad mhórbhailitheoirí ceoil, agus na clanna Joy agus McCracken as Béal Feirste.

Léiríonn fógra faoi ranganna Gaeilge ón tréimhse an meon a bhí taobh thiar de na hiarrachtaí. Dúradh san fhógra go mbeadh sé

“spéisiúil go háirithe dóibh siúd go léir a dteastaíonn uathu feabhsú agus Aontacht na ríochta seo a bhfuil fáillí déanta inti agus atá scoilte”.

De bharr ár dtuisceana ar an teanga agus a bheith á labhairt d’fhéadfaimis ár smaointe agus treoracha a thabhairt dar gcomhthírigh ar bhealach níos éifeachtaí”. 

Níos déanaí an bhliain chéanna, d’fhoilsigh The Northern Star, nuachtán de chuid na nÉireannach Aontaithe i mBéal Feirste, Bolg an tSolair, iris 120 leathanach ina raibh comhráite, filíocht, aistriúcháin, paidreacha agus stór focal.

Ba chun an Ghaeilge a shlánú ón “neamhaird” a bunaíodh an iris agus creideadh go mbeadh spéis ag Éireannaigh ar bith “a chreideann go bhfuil tábhacht ag baint lenár dtraidisiúin agus teanga agus gur fiú iad a fhiosrú”. Ba í Charlotte Brooke, Protastúnach as Co. an Chabháin, a bhailigh agus a d’aistrigh na dánta do Bolg an tSolair

Níl ach achar beag blianta pléite agam thuas, mar sin is léir go bhfuil oidhreacht shaibhir ag Protastúnaigh i dtaobh na Gaeilge de, i gCúige Uladh san ochtú haois déag go háirithe.

Alltacht ar Sharon Osbourne i ngeall ar thacaíocht Kneecap don Phalaistín

Shamhlófá nach “ábhar conspóide” a bheadh i gceist nuair a bhaineann ceoltóirí leas as ardán ollmhór chun labhairt amach i gcoinne an chinedhíothaithe. Ach is é sin an chaoi a bhfuil an scéal faoi Kneecap ag tacú le muintir na Palaistíne ag an bhféile cheoil Coachella á insint ag na mórmheáin.

Ar an dara huair dóibh seinm ag an bhféile cheoil an deireadh seachtaine seo caite, chonacthas teachtaireachtaí ar son na Palaistíne ar an scáileán nuair a chríochnaigh seit an bhanna.

I dteannta na dteachtaireachtaí bhí “Tá Iosrael i mbun cinedhíothú i gcoinne mhuintir na Palaistíne”, “Tá caoinchead á thabhairt dó ag rialtas SAM a thugann airm agus maoiniú d’Iosrael ainneoin a gcoireanna cogaidh”, agus “Foc Iosrael. Saoirse don Phalaistín”.

Chaith Mo Chara scairf caifía, siombail dlúthpháirtíochta leis an bPalaistín, agus labhair sé faoin gcosúlacht idir an chos ar bolg a imríodh in Éirinn agus sa Phalaistín.

“Ní rófhada ó shin bhí géarleanúint á déanamh ag na Briotanaigh ar Éireannaigh, ach ní dhearnadh buamáil orainne ón aer gan aon áit le dul againn”, a dúirt sé.

Anuas air sin bhí rosc de “Free, Free Palestine” le cloisteáil.

Tá Sharon Osbourne, duine mór le rá sna meáin i Meiriceá, bainisteoir ceoil, agus bean chéile Ozzy Osbourne, tar éis a bheith ag clamhsáin faoin méid a tharla. Rinne sí líomhaintí gur úsáid Kneecap a n-ardán ag Coachella chun an “fhuathchaint” a chuir chun cinn, chun tacaíocht a léiriú “d’eagraíochtaí sceimhlitheoireachta” agus chun “ráitis pholaitiúla ionsaitheach a dhéanamh”.

Rinne sí lucht eagraíochta Coachella, Goldenvoice, a cháineadh as ucht cead a thabhairt don ghrúpa seinm den dara huair, i ndiaidh do Kneecap a bheith ag léiriú a ghráin do Mhargaret Thatcher an chéad bhabhta. D’áitigh Osbourne gur chóir do na húdaráis i SAM víosaí Kneecap a aisghairm.

Agus iad ag tabhairt freagra do ráitis Osbourne, dúirt Kneecap

“nach raibh ráitis ionsaitheacha ann. An rud atá ionsaitheach ná 20,000 páiste a dhúnmharú”, agus iad ag tagairt do shlad Iosrael ar pháistí Gaza go háirithe. 

Dúirt Roinn Stáit SAM nach ndéanfaidís trácht ar chásanna aonaracha, ach go ndéantar aisghairm ar víosa sa chás go bhfuil “bagairt ann do shlándáil an phobail” nó nuair a bhíonn daoine i mbun iompar “nach bhfuil ag teacht le coinníollacha víosa”. 

Tá an t-iarratas seo ó Osbourne déanta tráth a bhfuil ICE (údarás forfheidhmithe inimirce agus custaim SAM) tar éis roinnt daoine a ghabhadh as tacú le cás na Palaistíne. Tógadh Mahmoud Khalil, gníomhaire mic léinn ag Ollscoil Colombia i Nua-Eabhrac, óna árasán ar an 8 Márta.

Bhí ICE ag feidhmiú ar an mbonn go bhféadfaí víosa mic léinn Khalil a aisghairm, ach nuair a fuarthas amach gur saoránach de chuid SAM a bhí ann, dúradh go ndéanfaí aisghairm ar an stádas sin. Seoladh é go hionad coinneála in Louisiana ina dhiaidh sin.

Tagann ag méid seo sna sála ar bhagairtí a rinne Trump pionóis a ghearradh ar mhic léinn a léirigh tacaíocht don Phalaistín.

I ndiaidh dóibh seinm ag Coachella tháinig sé chun solais go bhfuair Kneecap “na céadta bagairtí foréigneacha ó Shíónaigh”. In agallamh a rinne bainisteoir an ghrúpa, Daniel Lambert, ar RTÉ Raidió 1 luaigh sé go raibh na bagairtí “róghéar” chun a rá ar an aer.

Ainneoin an mhéid sin, tá an chuma air go leanfaidh Kneecap ar an turas acu thart ar Thuaisceart Mheiriceá, agus ceolchoirmeacha acu in SAM agus Ceanada sna mionnaí amach romhainn.

‘Anois is iad na hoibrithe a thugann na horduithe!’: Réabhlóid Lus na Gile, an 25 Aibreán

Ba é an t-amhrán Grândola, Vila Morena, a scríobh José Afonso, an comhartha do thús coup d’état sa Phortaingéil a tharla ar an 25 Aibreán 1974. Amhrán é faoi thír dhúchais ina mbeadh glór ag an gcosmhuintir, amhrán a cuireadh faoi chosc faoin deachtóireacht a bhí i bhfeighil sa tír.

Roghnaigh oifigigh chléacha san arm an t-amhrán chun tabhairt faoin réabhlóid, a bhí síochánta ar an mórgóir, agus a nglaoitear Réabhlóid Lus na Gile air.

Bhí míshástacht ann i measc an airm sa Phortaingéil ar feadh tamall de bhlianta. Cé go raibh coilíneachtaí na dtíortha coilíneacha eile ag ‘díchoilíniú’ le beagnach scór bliain, chinn deachtóireacht António de Oliveira Salazar greim a choinneáil ar Angóla, Guine Bissau agus Mósaimbíc, fiú agus gluaiseachtaí ar son na saoirse ag teacht in inmhe iontu.

Bhí costas mór ag baint leis an gcogaíocht seo, agus caitheadh thart ar leath de bhuiséad na tíre uirthi. Chuir sé seo go mór le bochtaineacht na cosmhuintire.

25 Aibreán 1974 – Níos Mó na Reabhlóid le Daniel Arrhakis (2021)
Daniel Arrhakis/Flickr

Tháinig réimeas Salazar i gcumhacht i ndiaidh coup míleata in 1926. Ainmníodh mar phríomh-aire é in 1932, agus chuaigh sé i mbun an tír a iompú ina Estado Novo, ‘stát nua’ faisisteach-cléireach a bhí cosúil le stát na Spáinne faoi Franco.

Bhí na gnáthdhaoine beo bocht agus na fiacha náisiúnta á n-íoc. Ar an lámh eile, bhí na húinéirí móra talún, daoine gnó agus oifigigh mhíleata ag déanamh go maith. Bhí an freasúra polaitiúil á chur faoi chois ag póilíní rúnda sa Phortaingéil agus sna coilíneachtaí. Dá ainneoin seo, glacadh leis an tír mar bhall bunaithe ECAT in 1949.

Nuair a tosaíodh ar an gcogaíocht chun na coilíneachtaí a choinneáil, tháinig deireadh, i bhfocail an staraí Urte Sperling,

‘leis an gcomhghuaillíocht aicmeach a bhí bunaithe ar an gcaomhnaitheacht agus gadaíocht choilíneach’.

Scoilt olagarcacht na Portaingéile ina dhá dhream, ceann ar theastaigh uaidh dul i dtreo an nuachóirithe agus an geilleagar a oscailt suas don domhandú, agus na éilítigh thraidisiúnta a bhain brabús ón gcoilíniú. 

De bharr gur tharraing réimeas Salazar ar oidhreacht sheanbhunaithe na coilíneachta, bhí dlúthnasc ann idir a mbeadh i ndán don deachtóireacht agus don choilíneacht araon. Tháinig Marcelo Caetano i gcomharba ar Salazar in 1968, ach níor chuir a réimeas aon leasaithe i bhfeidhm a mhaolódh na fadhbanna eacnamaíocha agus sóisialta nó a shásódh an chuid sin de lucht an rachmais ar theastaigh uathu geilleagar na tíre a oscailt.

Is de bharr na gcontrárthachtaí córasacha seo a thit réimeas Caetano ar an 25 Aibreán 1974. Tháinig an Ginearál António de Spínola i bhfeighil na tíre. Ach de bharr gur theastaigh uaidh leanúint le réimeas údarásach, bhí aighneas ann leis an gcuid sin den arm ar theastaigh uathu dul i dtreo an daonlathais, an díchoilínithe agus leasuithe sóisialta.

D’éirigh Spínola as, agus bhog an réabhlóid i dtreo tréimhse radacach nuair a chuathas i mbun stailceanna, rinneadh forghabháil ar mhonarchana, gabhadh talamh na n-úinéirí talún móra, agus deineadh náisiúnú ar thionscail chomh maith le leasuithe ar chúrsaí talmhaíochta. Mhaígh oibrí monarchan in Liospóin

Agora é o povo quem mais ordena!’ (Anois is iad na hoibrithe a thugann na horduithe!)

Mar sin féin, tháinig deighilt pholaitiúil chun cinn i ngeall ar threo na réabhlóide. Rinne an Páirtí Sóisialach agus liobrálaigh, le tacaíocht comhghuaillithe san iarthar a bhí i gcoinne an chumannachais, iarracht an réabhlóid a cheansú. 

Faoi 1975 bhí an choimhlint idir na fórsaí réabhlóideacha agus na coimeádaigh imithe i dtreis. Rinne Spínola iarracht coup a chur ar bun i mí an Mhárta, ach theip air agus tógadh isteach tuilleadh bearta cléacha. Ach chuir frith-coup i mí an Mhárta deireadh leis an tréimhse radacach.

Chuir an réabhlóid an daonlathas i bhfeidhm, tharraing an Phortaingéil as na tíortha a bhí mar choilíneachtaí aici, agus cuireadh cearta sóisialta i bhfeidhm, ach cuireadh deireadh leis an gclaochlú eacnamaíoch sular baineadh amach é.

Cnámh Spairne tharaifí na nDlíthe Arbhair sa 19ú hAois

Tá taraifí Trump go mór i mbéal na meán agus lucht an rachmais le roinnt seachtainí anuas. Go deimhin, tá siad go mór i mbéal an phobail de bharr go bhfuil buairt ann i measc go leor daoine in Éirinn go ndéanfar dochar do roinnt codanna éagsúla de gheilleagar stát na sé chontae is fiche.

Lena bpolasaithe eacnamaíocha agus trádála, a bhfuil eacnamaithe caipitlíocha fiú ag rá fúthu go mbeidh siad díobhálach, tá Trump ag tabhairt dúshlán do status quo an domhandaithe. Is díospóireacht é seo idir iad siúd a chreideann in eacnamaíocht laissez-faire (sé sin go mbeidh saorthrádáil idir tíortha) agus iad siúd ar nós Trump a chreideann go mbeidh buntáiste le baint ag tíortha níos mó ar nós SAM as polasaithe caomhnaitheacha.

Bhí ré eile i stair an domhain, agus stair na hÉireann, ina raibh na hargóintí céanna ina gcnámh spairne. Le linn an naoú haois déag go háirithe bhí na Dlíthe Arbhair á bplé go mion minic.

I ndiaidh dheireadh Chogaí Napoléon thit an praghas ard a bhí ar an arbhar a bhí á íoc le linn na gcogaí. Bhí éileamh mór ar an arbhar le linn na gcogaí agus feirmeoirí agus tiarnaí talún móra ag déanamh go maith as. Ach nuair a tháinig an tsíocháin, deineadh arbhar níos saoire a iompórtáil ó thíortha lasmuigh den Ríocht Aontaithe agus d’ísligh an praghas a bhí ar phunt arbhair go sciobtha.

Ag an am, bhí cumhacht ollmhór ag na tiarnaí talún i bParlaimint Westminster. Chun dul i ngleic le titim na bpraghsanna, theastaigh uathu taraifí a chuir i bhfeidhm. Ritheadh reachtaíocht, na Dlíthe Arbhair, in 1815 agus cuireadh taraifí móra ar an arbhar a tháinig isteach sa stát, beart a choinnigh arbhar a d’fhás na tiarnaí ag praghas an-ard.

De dheasca gurbh é arán an príomhbhia a bhí ag lucht oibre na Breataine, bhí drochthionchar ag praghsanna arda an arbhair ar go leor teaghlach agus iad stiúgtha leis an ocras.

Bhí lucht oibre Shasana, na hAlban agus na Breataine Bige sna cathracha agus bailte tionsclaíochta ag fulaingt go mór cheana féin de bharr tuarastail ísle agus drochchoinníolacha sna muilte, monarchana agus mianaigh. Ba tharcaisne curtha i gceann na héagóra na praghsanna ardaithe arbhair dóibh siúd.

D’éirigh an éagothromaíocht shóisialta níos measa de bharr na nDlíthe Arbhar. Ar thaobh amháin bhí na tiarnaí talún móra, agus ar an taobh eile bhí an lucht tionsclaíochta rachmasach agus an lucht oibre, a chreid gur ualach míchothrom ar an ngeilleagar a bhí sna dlíthe.

Bhí úinéirí na monarchana i gcoinne na nDlíthe Arbhar de bharr go raibh orthu tuarastail níos airde a n-íoc lena n-oibrithe chun nach mbeidís beo bocht agus stiúgtha. Bhí cuid mhaith acu ar son na saorthrádála agus chreideadar go dtiocfadh méadú ar an táirgiúlacht déantúsaíochta agus go mbeadh earraí Briotanacha níos iomaíche sna margaí domhanda dá ndéanfaí aisghairm ar na Dlíthe Arbhair.

“Poles Offering Corn” – Anti-Corn-Law Circular #8 (Thackeray)

Tháinig cuid acu le chéile chun an Conradh i gCoinne na nDlíthe Arbhair a bhunú in 1838. D’fhorbair an eagraíocht ina gluaiseacht chumhachtach pholaitiúil, le daoine mór le rá ar nós Richard Cobden agus John Bright chun cinn san fheachtas.

Dúirt Cobden go raibh na Dlíthe Arbhair, “ar an gcoir pholaitiúil is mó le linn ár ré. Is íobairt leas sóisialaí an phobail ina iomláine iad na dlíthe ar mhaithe le haicme amháin”. D’éirigh agóidí ón mbun aníos i gcoinne na ndlíthe chomh maith. Mar a dúirt oibrí teicstíle ó Chathair Mhanchain sa Northern Star (nuachtán de chuid na gCartach) in 1839:

“Táimid ag fáil bháis a fhad is go bhfuil na tiarnaí talún ag éirí ramhar ar ár saothar. Coinníonn na Dlíthe Arbhair an t-arán daor, agus ár bpá íseal. Cén fáth ar cheart dúinn a bheith ag obair ó dhubh go dubh , agus fós ár leanaí a fheiceáil ag caoineadh ar son aráin, agus na daoine saibhre ag ithe cruithneacht mhín ónár bpáirceanna féin?” 

Aisghaireadh na dlíthe ar deireadh sna 1840í ar dhá chúis, idé-eolaíocht eacnamaíochta na saorthrádála laissez-faire agus an Gorta Mór in Éirinn. Nuair a chuaigh an Drochshaol in olcas in 1846 mar gheall ar mheath na bprátaí, bhí bac á chur ag na Dlíthe Arbhair ar iompórtáil arbhair níos saoire isteach in Éirinn, agus cuireadh brú ar an bPríomh-Aire, Robert Peel, a bhí ina Thóraí, gníomhú chun reachtaíocht a rith.

Bhí smaointeoireacht na saorthrádála tagtha i réim i measc na bpolaiteoirí liobrálacha agus lucht na tionsclaíochta faoin tráth seo, a bhuí le smaointeoirí caipitlíocha amhail David Ricardo agus Adam Smith. Luaigh Smith ina leabhar The Wealth of Nations (1776) go rachadh ‘lámh dhofheicthe an mhargaidh’ chun leasa don tsochaí i gcoitinne. 

Cé gur Coimeádach a bhí in Peel thuig sé nach bhféadfaí leanúint leis na dlíthe agus aisghairmeadh iad in 1846, rud a scoilt an Páirtí Coimeádach. Bhí toradh na fealsúnachta saorthrádála le brath go mór an bhliain dár gcionn, 1847, le linn an Ghorta Mhóir, nuair a cheadaigh polaiteoirí Liobrálacha do mhilliún Éireannach bás a fháil de bharr gur chreid siad go dlúth sa tsaorthrádáil laissez-faire.

Cé go bhféadfaí arbhar a thabhairt isteach sa tír anois gan taraifí, bhí an méid sin bia á sheoladh amach as an tír de bharr na saorthrádála gur beag an buntáiste a bhí ann dóibh siúd a stiúg. 

Mar a dúirt an náisiúnaí Seán Mistéil (a chosain córas na sclábhaíochta i gCónaidhm Mheiriceá ar ball, faraor), “sheol an Tiarna meath na bprátaí, gan dabht, ach chruthaigh na Sasanaigh an Gorta”. Bhí an ceart aige, ar bhealach.

Ach i ndáiríre, ba é an córas caipitlíoch laissez-faire i bpáirt leis an gciníochas frith-Éireannach ba chúis leis. Ní thuigtear seo fós, agus ní cuidiú chun an bhearna ollmhór seo i dtuiscint an phobail ar an nGorta Mór leabhar Tim Pat Coogan, The Famine Plot. Is fearr i bhfad an léargas a thugtar i leabhar de chuid Bhreandáin Mhic Shuibhne, The End Outrage, chun tuiscint a fháil ar na córais a ghéaraigh uafás an Drochshaoil

Nuair a aisghairmeadh na Dlíthe Arbhair, thit praghas an arbhair do lucht oibre na Breataine, agus thit costais lucht na tionsclaíochta, rud a thug tuilleadh airgid dóibh chun infheistíocht a dhéanamh ina gnóthaí agus an táirgiúlacht a neartú. Tháinig rath níos mó fiú ar gheilleagar na himpireachta i ré na Banríona Victoria, nó “Banríon an Ghorta” mar a ghlaoigh an Conghaileach uirthi in Labour and Irish History (1910).

De bharr, cuid mhaith, gur cuireadh deireadh le polasaithe an chaomhnaithe, tháinig an Bhreatain i réim mar impireacht thionsclaíoch an domhain. Bhí an impireacht in ann naisc gheilleagracha a chruthú le stát ar nós Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na Rúise, agus leathnaíodh cumhacht na himpireachta sa naoú haois déag. Tháinig Meiriceá i gcomharba ar an mBreatain i ról stát ceannasach an domhain i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, 1939-1945.

Tá sé aisteach, mar sin, go dteastaíonn ó Trump droim láimhe a thabhairt do chóras a bhí go mór chun tairbhe don impireacht.

Seans go dtuigeann sé nach domhan “aon-pholach” a bheas ann a thuilleadh, agus gur gá do Mheiriceá filleadh ar an déantúsaíocht “dhúchasach” chun dul in iomaíocht leis na BRICS, mar a ghlaoitear orthu. Nó seans nach dtuigeann sé faic agus gur duine naircisíoch é gur mhaith leis beartais aisteacha a thabhairt isteach ar mhaithe le haird a tharraingt air féin.

Léiríonn conspóid Charna drochthionchar pholasaithe an rialtais agus imeallú na Gaeltachta araon

Le coicís anuas tá conspóid tagtha go cnámh na huillinne i ngeall ar iarrthóirí tearmainn atá ceaptha teacht go hÓstán Chuan Charna i nGaeltacht Chonamara. D’ofráil úinéir an óstáin an t-ionad don Roinn Lánpháirtíochta, agus meastar go bhféadfadh 84 duine bogadh isteach ann. Tá léirsiú ar bun ag muintir na háite lasmuigh den óstán ina aghaidh sin. Faraor, mar is dual dóibh, tá an eite dheas i bhfad amach ar líne ag déanamh a ndíchill an ciníochas a bhrú isteach i lár báire.

An comhthéacs domhanda 

Is ceist chigilteach agus ceist chasta í ceist na himirce. Teastaíonn ón eite dheas i bhfad amach ceist shimplí bunaithe ar an gciníochas a dhéanamh di. Sa chaoi sin, ní thuigfidh saoránaigh na cúiseanna móra struchtúrtha a bhaineann leis an imirce.

Agus é ag scríobh in 1972 ina leabhar How Europe Underdeveloped Africa, d’áitigh an Marxach díchoilíneach Walter Rodney gur bréag a bhí ann nuair a dúradh gurb ann do ‘thíortha forbartha’ agus ‘tíortha atá i mbéal forbartha’. I ndáiríre, sciobadh acmhainní nádúrtha agus baineadh an bonn de gheilleagar na hAfraice le linn ré an choilíneachais. 

Ina dhiaidh sin, coinníodh mar ‘thíortha tearcfhorbartha’ cuid mhór den Afraic trí ghadaíocht na gcomhlachtaí ilnáisiúnta, iasachtaí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Bhainc Dhomhanda agus ‘cabhair’ ón iasacht le coinníollacha a spreag an spleáchas. Tá na tíortha ‘tearcfhorbartha’ ar an imeall sa chóras domhandaithe agus na tíortha impiriúlacha i lár baill an chórais.

De bharr na n-éagothromaíochtaí stairiúla seo, agus de bharr an impiriúlachais agus na bhfeachtas buamála reatha sa Mheánoirthear, gan trácht ar an téamh domhanda, leanfaidh an imirce i dtreo ‘na gcroíthíortha’ ar aghaidh.

Cé go raibh Éire go stairiúil ina tír a ndearnadh coilíniú uirthi, tá stát na sé chontae is fiche suite i dteach an leathbhealaigh anois de bharr shaibhreas lucht an rachmais agus sciar suntasach den mheánaicme. 

Infreastruchtúr

Ach níl an mhaoin sin á dáileadh mar is cóir. Léiríonn staitisticí de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh agus na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta le blianta beaga anuas go bhfuil idir 25% agus 30% den chosmhuintir ‘ag streachailt’ i dtaobh cúrsaí airgid de agus thart ar 13% ‘i mbochtaineacht’. 

Sa mhullach air sin, mar is eol dúinn uilig faoin tráth seo, tá an ghéarchéim thithíochta ag brú síos ar sciar mór den phobal. Tá míréir thíreolaíoch ann agus ceantair lucht oibre sna cathracha agus roinnt ceantair thuaithe, in iarthar na tíre go háirithe, faoi mhíbhuntáiste. Léiríonn léarscáil de chuid na heagraíochta Pobal go bhfuil an toghcheantar ina bhfuil Carna suite ‘go mór faoi mhíbhuntáiste’. 

De réir dhaonáireamh 2022 tá 197 ina gcónaí i gCarna. Dá gcuirfí 84 iarrthóir tearmainn leis sin is méadú daonra 43% a bheadh i gceist, i gceantar atá ar bheagán seirbhísí cheana. Níl ach bus uair sa ló ann, mar shampla.

Le blianta beaga anuas tá roinnt de mhuintir na háite, i gcomhpháirt le hÚdarás na Gaeltachta, ag déanamh iarrachta fostaíocht a chruthú dóibh féin trí Pháirc na Mara a bhunú. Dhiúltaigh Comhairle Contae na Gaillimhe agus ansin an Bord Pleanála don scéim. 

Níl fágtha ach an t-óstán chun airgead turasóireachta a thabhairt isteach sa cheantar sa samhradh. Fanann roinnt de thuismitheoirí dhaltaí na gcoláistí samhradh san óstán agus bíonn cuairteoirí ag triail ar an gceantar do na féilte cultúrtha agus sean-nóis chomh maith. Is é an t-óstán an t-aon áit gur féidir le muintir na háite ócáidí sóisialta, an chéad chomaoineach, bainiseachaí is araile a bheith acu. Níl an t-óstán ar fáil mar ionad sóisialta ó bhí 2022 ann.

Mar sin féin, níl an locht ar na hiarrthóirí tearmainn as sin, agus mar a dúirt oibrí pobail atá lonnaithe sa Ghaeltacht liom, ‘níl postannaí ann daofa … níl siad ag iarraidh a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht’.

Is ar an stát atá an locht as an aighneas seo, mar nach n-aithnítear an Ghaeltacht mar phobal beo atá i dteideal fostaíochta agus ionaid sóisialta.

An Ghaeilge

I dtaobh cúrsaí teanga de, mheas an t-oibrí pobail céanna nach mbeadh na hiarrthóirí tearmainn ag athrú cúrsaí teanga, ach gurb é gradam an Bhéarla agus daoine aitheanta áitiúla ag brú an Bhéarla a thiomáinfeadh an t-iompú teanga, cé go bhfuil neart daoine áitiúla ag cothú na teanga.

Labhair mé le sochtheangeolaí ar an gceist chéanna, agus mar a d’áitigh siad, ‘níl aon taighde go bhfios dom déanta ar mheall imirceach a bhogadh isteach … [ach] is léir go mbeidh tionchar acu ar an iompú teanga sa bpobal’.

I mo thuairim féin, is botún a bheadh ann líon suntasach daoine gan Ghaeilge a chur isteach i gceantar Gaeltachta a bhfuil an phleanáil teanga ar bun ann, bíodh siad ina n-iarrthóirí tearmainn nó Éireannaigh gheala gan Ghaeilge. 

Ar an ábhar sin, bheadh contúirt níos mó i dtaobh na teangeolaíochta dá dtógfaí eastát buan lán Bhéarlóirí, mar a tharla i mBearna le déanaí, ná ó iarrthóirí tearmainn a bheadh in óstán go sealadach. Níor chualathas gíog ná míog ón eite dheas i bhfad amach faoi choilíniú Béarlóirí geala ar an nGaeltacht. Tríd is tríd, ba chóir tacú le héileamh Tinteán ‘straitéis daonra agus tithíochta’ don Ghaeltacht a fhorbairt a chinnteodh fás inbhuanaithe do na ceantair sin.

D’fhéadfadh líon áirithe iarrthóirí tearmainn agus inimirceach a bheith mar chuid den straitéis chéanna. Tá éirithe le cúpla scoil Ghaeltachta, a bhí i mbaol a ndúnta de bharr an bhánaithe tuaithe, páistí ón iasacht a spreagadh i dtreo na Gaeilge. Agus tá ag éirí leis an tionscadal Le Chéile de chuid Chonradh na Gaeilge eachtrannaigh a thabhairt i dtreo na Gaeilge, cé gur gá é leathnú amach go mór.

Rátaí na hinimirce

I dtaobh na hinimirce de, ó 2020 go háirithe, tá fás as cuimse tagtha ar líon na n-imirceach atá tagtha isteach i stát na sé chontae is fiche. Ag tabhairt na mblianta 2020-2024 san áireamh, meastar go mbeidh thart ar 320,000 sa bhreis ar an daonra tar éis teacht. 

Tá meascán cúiseanna leis seo: ionradh na Rúise ar an Úcráin, iarrthóirí tearmainn ón Afraic agus an Meánoirthear, éileamh saothair na gcomhlachtaí teicneolaíochta agus tógála, easpa altraí, dochtúirí is araile san earnáil sláinte, agus easpa oibrithe san earnáil fáilteachais. Beidh fás 6.4% tagtha ar dhaonra an stáit in achar ceithre bliana de bharr na himirce, rud atá as riocht le tíortha eile na hEorpa. 

Más ag caint ar leibhéal an stáit nó an leibhéal logánta atáimid, is é an inbhuanaitheacht an phríomhghné gur gá díriú air. Laistigh den chóras mar atá, agus gnáthdhaoine in iomaíocht lena chéile do bhlúiríní saibhris lucht an rachmais agus é ag dul deacair dóibh teacht ar lóistín agus seirbhísí, de réir dealraimh ní bheidh sé inbhuanaithe arduithe suntasacha d’imircigh, murab ionann agus iarrthóirí tearmainn, a spreagadh ar mhaithe le héilimh an lucht gnó agus na gcóras stáit a shásamh.

De réir fhigiúirí na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, mar shampla, is ionann an t-éileamh ó imircigh ar thithíocht agus 50-60%, rud atá ag cur leis an mbrú ar an stoc tithíochta.

Mura dtagann athrú ó bhonn ar chur chuige an stáit i dtaobh na tithíochta de, agus mura dtógtar tithíocht uilíoch phoiblí ar mhúnla Vín, Shingeapór, na Fionlainne is araile, agus má leantar le rátaí na hinimirce mar atá, is cinnte go bhfuil tuilleadh coimhlinte sóisialta i ndán dúinn. Déanfaidh an eite dheas i bhfad amach gach iarracht teacht i dtír ar an gcoimhlint sin.

Ar an dea-uair, i gCarna tá sé beartaithe ag muintir na háite teacht le chéile chun ‘óstán pobail’ a chruthú. In éagmais tacaíocht ón stát, is é an féintuilleamaí an cur chuige is fearr.

An Páipéar: Eagarfhocal

Scríobhann Rúnaí Misneach, Kerron Ó Luain, Eagarfhocal do An Páipéar

Ina leabhar Decolonizing Methodologies: Research and Indigenous Peoples, pléann an tOllamh Maorach, Linda Tuhiwai Smith, ‘fiche a cúig tionscadal bundúchasach’ atá ar bun go domhanda faoi láthair.

I measc na dtionscadal, a dtagraíonn sí dóibh i gcomhthéacs ginearálta, tá: ‘an athghabháil’ ar an stair; ‘teacht in inmhe an bhéaloidis’; finnéithe ‘ag tabhairt fianaise’; ‘an ceiliúradh’ ar an gcultúr/teanga; na ‘naisc’ atá á gcruthú le ceantair dhúchais/logainmneacha, agus ‘an t-athréimniú  teanga’.

Luann sí chomh maith go bhfuil ‘athfhrámáil’ tagtha ar léamh na mbundúchasach ar an tsochaí, ar an bpolaitíocht agus ar an stair agus, ina theannta sin, go bhfuil níos mó acu ag léamh agus ag foilsiú ina dteanga dhúchais ná mar a bhí riamh.

Ní shéanann Tuhiwai Smith go bhfuil géarchéimeanna ollmhóra ann lena gcaithfimid, mar phobal, mar chainteoirí teanga mionlaithe, dul in adharca leo, ach baineann sí dóchas as an méid atá ar bun i dtaobh an phróisis díchoilínithe go domhanda.

Is sa chomhthéacs sin a mbreathnaím ar fhoilsiú An Páipéar, agus eagrán fiche a haon bainte amach againn; cineál deasghnátha aistrithe saoil nó teacht in inmhe, b’fhéidir. Más buille i gcoinne an choilínithe agus an domhandaithe aonchineálaigh gach focal a labhraítear i nGaeilge, cá bhfágann sin léamh na Gaeilge?

Tá a fhios againn ón taighde a dhéantar ar theangacha mionlaithe go mbíonn leibhéal litearthachta níos ísle iontu ná mar a bhíonn sna teangacha ceannasacha. Dar ndóigh, baineann seo le heaspa deiseanna oideachais sa teanga mhionlaithe, leis an imeallú socheacnamaíochta agus polasaí a dhéantar orthu, agus le gradam na dteangacha ceannasacha.

Ach baineann sé chomh maith le heaspa meáin léite sa teanga mhionlaithe, cibé acu an ganntanas meán sa réimse digiteach nó a laghad ábhar clóite cosúil le leabhair agus nuachtáin atá ann i gcomparáid le teanga fhorlámhach cosúil leis an mBéarla. 

Mar sin, cothóidh léamh rialta An Páipéaran Ghaeilge mar tiocfaidh feabhas ar scileanna teanga roinnt mhaith léitheoirí, a mbeidh stór focal níos leithne acu don chomhrá agus, b’fhéidir, a chuirfidh peann le pár iad féin amach anseo. I mo thuairim féin, ní féidir cóip chrua de théacs nó nuachtán a shárú más ag iarraidh eolas nó teanga éigin a shú isteach atá tú.

Agus an chloch mhíle seo, eagrán le cois an scóir, bainte amach againn, teastaíonn uainn leanúint le forbairt an nuachtáin, bíodh sin ar an gcóip chrua nó ar an suíomh gréasáin. Ach, a léitheoirí, ba mhór againn bhur gcabhair chun na chéad chéimeanna eile a ghlacadh!

Murab ionainn agus nuachtáin eile Ghaeilge agus Bhéarla, níl aon tacaíocht chorparáideach ná stáit faighte againn. Táimid ag brath oraibhse, ár léitheoirí dílse, an nuachtán a cheannach, síntiúis a ghlacadh, agus an scéal a scaipeadh. 

Tá sé feicthe againn cheana go roinneann léitheoirí postálacha ar na meáin shóisialta a léiríonn gur cheannaigh siad an nuachtán, agus táimid buíoch as sin. Tá feachtas ar bun againn ar na meáin shóisialta i láthair na huaire agus ba mhór againn dá roinnfeadh ár gcuid léitheoirí cuid den ábhar.

Más coincheap coimhthíoch iad na meáin shóisialta duit, ná bí buartha, is féidir an scéal faoin nuachtán a scaipeadh de bhéal i measc bhur ngaolta, bhur gcairde nó, níos fearr fós, in bhur gcumainn Ghaelacha, clubanna CLG, clubanna spóirt, ciorcail chomhrá áitiúla agus araile.

Nó, más múinteoir thú i nGaelscoil, Gaelcholáiste nó scoil Bhéarla, is fiú a iarraidh ar an bpríomhoide síntiúis a ghlacadh chun an teanga a normalú sa seomra foirne nó sa scoil i gcoitinne? 

Ar an gcaoi chéanna, más oibrí san earnáil phoiblí tú, beidh buntáiste ann An Páipéar a dháileadh i measc do chomhghleacaithe chun iad a chur ar a gcompord leis an teanga agus a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú.

Tá spriocanna móra le baint amach san earnáil phoiblí i leith na Gaeilge sna blianta amach romhainn, sé sin go mbeidh 20% d’earcaithe sna comhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge roimh 2030. D’fhéadfadh nuachtán ar nós An Páipéar a bheith ina ghléas tábhachtach sna hiarrachtaí sin.

Ar scáth a chéile a mhaireann na Gaeil.

Ní Mór Seasamh le Kneecap

Mar Ghaeil, mar dhaoine daonna a sheasann i gcoinne an chinedhíothaithe sa Phalaistín, ní mór dúinn seasamh le Kneecap. Tá an grúpa faoi ionsaí i láthair na huaire, ní hamháin ó na mórmheáin chorparáideacha sheoiníneacha agus Shíónacha, ach, ó stát na Breataine chomh maith.

Tá “aonad sceimhlitheoireachta” i  measc póilíní Shasana ag fiosrú ar chóir an banna a ionchúiseamh i ngeall ar “thacaíocht a léiriú leis an sceimhlitheoireacht”. Agus deir an Príomh-Aire, “Sir” Keir Starmer, go bhfuil sé “ceart” go mbreathnódh na póilíní ar ráitis a rinne Kneecap.

Níor deineadh aon imscrúdú ar Starmer féin nuair a d’áitigh sé go raibh sé “de cheart ag Iosrael” uisce na bPalaistíneach a ghearradh.

Tá seantaithí ag muintir na hÉireann, ach go háirithe Éireannaigh na Sé Chontae, ar chleasanna salacha stát Shasana. Bhí an cogadh sna Sé Chontae ó 1969 ar aghaidh breac le brathadóirí agus gníomhairí rúnda státchóras Shasana a d’fheidhmigh i gcoinne saoirse na tíre, mar a léiríonn cáipéisí agus fianaise atá á scaoileadh le blianta beaga anuas.

Ó chuala aos óig SAM teachtaireacht Kneecap ar son na Palaistíne ag féile cheoil Coachella, tá fórsaí antoisceacha ag feidhmiú ina gcoinne.

Tá saoirse cainte na n-ealaíontóirí i gcoitinne i mbaol. Shínigh scata bannaí agus ceoltóirí (ina theannta, Christy Moore, Damien Dempsey, Massive Attack, Primal Scream) ráiteas a thacaíonn le cead cainte bannaí cheoil, agus ba chóir fáiltiú roimhe sin, óir is cosúil go bhfuil lucht rachmais an tionscail cheoil sásta Kneecap a “chealú”.

An rud is measa faoi seo ná go bhfuil aird á dhíriú ar ráitis banna ag ceolchoirmeacha a tharla roinnt blianta ó shin seachas ar an slad atá ar bun ag Iosrael sa Phalaistín anois díreach. Is mithid neamhaird a dhéanamh den aos polaitiúil agus tacú le seasamh Kneecap a cháineann gníomhaíochtaí Iosrael.

As Gaels, as human beings who oppose the genocide in Palestine, we must stand with Kneecap. The group is currently under attack, not only from the Shoneen and Zionist corporate media, but also from the British state.

A “counter-terrorism unit” within the English police is investigating whether the band should be prosecuted for “expressing support for terrorism.” And the Prime Minister, “Sir” Keir Starmer, has said it is “right” that police should examine statements made by Kneecap.

No investigation was carried out into Starmer himself when he claimed that it was “Israel’s right” to cut off Palestinian water supplies.

The Irish people — especially those from the Six Counties — are well acquainted with the dirty tricks of the British state. The war in the Six Counties from 1969 onwards was riddled with informers and secret agents from the British state apparatus who acted against the country’s freedom, as documents and evidence released in recent years have shown.

Since young people in the U.S. heard Kneecap’s message in support of Palestine at the Coachella music festival, extremist forces have been operating against them. The freedom of speech of artists in general is under threat.

A host of bands and musicians (among them Christy Moore, Damien Dempsey, Massive Attack, and Primal Scream) signed a statement supporting the free expression of musical groups, and that should be welcomed — because it seems the wealthy elite of the music industry are willing to “cancel” Kneecap.

The worst part of all this is that attention is being focused on statements made by the band at concerts several years ago rather than on the slaughter currently being carried out by Israel in Palestine. It’s high time we ignored the political establishment and supported Kneecap’s stance condemning Israel’s actions.

Táillí uisce le tabhairt isteach in athuair faoi scáth ‘táillí ró-úsáide’, ach an mbeidh freagra ann ón bpobal an babhta seo?

Tá sé beartaithe ag an Roinn Tithíochta i mBaile Átha Cliath tabhairt faoi tháillí uisce arís. Cé go ndúradh i ráiteas leo ‘nach raibh aon phleananna’ acu táillí ar son ‘ró-úsáid uisce’ a thabhairt isteach agus ‘nach raibh siad luaite sa Chlár Rialtais’, is cosúil go bhfuil neart oibre ar bun sa chúlra chun tabhairt faoina leithéid sa todhchaí.

An leithscéal a bhfuil leas á bhaint as an uair seo ná cúrsaí caomhnaithe. Bhuel, b’in an leithscéal a bhí ann cheana sa tréimhse inar éirigh an pobal amach i gcoinne na dtáillí. An babhta seo, tá an Roinn Tithíochta ag díriú isteach níos mó ar cheist an chaomhnaithe, agus ar bhealach níos glice. 

Beidh idirdhealú á dhéanamh idir ‘táillí uisce’ (ar theip orthu iad a thabhairt isteach cheana) agus ‘táillí ar son ró-úsáid uisce’.

An plean atá ann ná liúntas bliantúil 217,000 lítear a thabhairt do gach teach, ach go mbeidh costas €1.85 ar gach 1,000 lítear thar an teorainn sin má sháraítear í. Tá eagraíocht stáitiomlán nua ann agus ainm breá Gaeilge air, An Fóram Uisce, bunaithe le ‘comhairle’ a thabhairt fiú amháin.

Léirigh anailís a foilsíodh in 2023 gur úsáid 10% d’áitribh 35% den uisce. Is dócha gur daoine iad seo a bhfuil gairdíní acu, gairdíní móra a bhformhór, agus a úsáideann neart uisce sa samhradh go háirithe dá bplásóga agus bláthanna breátha. 

De ghnáth ní bheinn i gcoinne cáin a ghearradh ar lucht an rachmais ina dtithe ollmhóra. Ach, tá a fhios againn ónár dtaithí le táillí uisce sna tíortha béal dorais linn, an Bhreatain Bheag agus Sasana, gur úsáideadh leithscéal an chaomhnaithe chun clár príobháidithe a bhrú isteach. Bealach é seo chun acmhainn nádúrtha, an t-uisce, a iompú isteach i sealúchas príobháideach gur féidir le comhlachtaí brabús a bhaint as.

Má ghlactar le prionsabal na dtáillí, déanfar iad a leathnú amach agus is cáin bhreise a bheas iontu. Tá daoine ag streachailt a ndóthain leis an gcostas maireachtála faoi láthair, go háirithe le costais fuinnimh. 

Ní bheidh sna táillí uisce, má ghlactar leo, ach uirlis eile le maoin a aistriú ó ghnáthoibrithe agus na bochtáin go lucht an rachmais. Is é seo nós an caipitleachais nualiobrálaigh ar fud na cruinne.

An bhuncheist don phobal is ea an mbeidh éirí amach i gcoinne na dtáillí seo? Ós rud é go bhfuil gliceas an stáit ag díriú ar cheann caol na dinge ar dtús báire agus nach bhfuil bagairt láithreach d’fhormhór an phobail, beidh sé níos deacra daoine a shlógadh an uair seo.

Anuas air sin, tá fearg bhlianta na déine laghdaithe cuid mhaith, nó curtha i dtreo na n-imirceach ag an eite dheas i bhfad amach, agus i dtreo tuairimí comhcheilge ag na meáin shóisialta nach raibh chomh cumhachtach sin deich mbliana ó shin. 

Tá athruithe tagtha ar chomhdhéanamh ceannaireacht cuid de na ceardchumainn a bhí go mór chun cinn san fheachtas i gcoinne na dtáillí idir 2014 agus 2016 go háirithe. Brúdh amach daoine sinsearacha a bhí ar an eite chlé, agus tá daoine coimeádacha i bhfeighil anois agus spéis dá laghad acu in ollslógaí móra sráide.

Ach, i ndeireadh na dála, roimh do na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla cléacha teacht ar bord leis an bhfeachtas 10 mbliana ó shin, b’fheachtas é a d’fhorbair ón mbun aníos. Thagadh pobail amach ina n-eastáit chun cosc fisiciúil a chuir ar lucht Uisce Éireann agus na Gardaí a bhí ag cur na méadar uisce isteach.

Mar sin féin, tá na méadair sa talamh anois lasmuigh de chuid mhaith tithe. Beidh an tréimhse amach romhainn spéisiúil. An bhfuil an t-ocras sin ar an eite chlé tabhairt faoi bhabhta eile sa chath chun an acmhainn nádúrtha is bunúsaí, uisce, a choinneáil i seilbh an phobail seachas i seilbh na scairshealbhóirí?

Beidh dreamannaí poblachtánacha, agus Misneach ina measc, sásta an fód a sheasamh i gcoinne na dtáillí arís.

Léiríonn dhá chonspóid ainmniúcháin nach bhfuil deireadh leis an imeallú ar stair an phoblachtánachas go fóill

Díol suntais ab ea athainmniú leabharlann Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, agus ainmniú an droichid nua coisithe thar Abhainn na Coiribe i gCathair na Gaillimhe le déanaí. Léiríonn an próiseas mídhaonlathach sa dá chás go bhfuil an frithphoblachtánachas fós go smior i mbunaíocht na sé chontae is fiche.

Tabharfaimid spléachadh ar chás na Gaillimhe ar dtús. Thiar in 2021, d’fhógair Comhairle Cathrach na Gaillimhe go mbeidís ag tabhairt faoi dhroichead nua do choisithe a thógáil chun an brú a bhí ar Dhroichead na mBradán a laghdú. Go luath ina dhiaidh sin tháinig Éirígí na Gaillimhe sa chathair le chéile chun feachtas a bhunú go n-ainmneofaí an droichead as Julia Morrissey, a bhí ar dhuine de na mná is mó le rá i gCumann na mBan i nGaillimh le linn Éirí Amach 1916.

Ba as Baile Áth an Rí do Morrisey agus bhí sí i gceannas ar 50 bean le linn Sheachtain na Cásca mar chuid den Éirí Amach a bhí faoi stiúir Liam Uí Mhaoilíosa. Nuair a tháinig Ó Maoilíosa chun na Gaillimhe in 1915 ba í Morrisey a thiarna talún. D’fhorbair caidreamh eatarthu agus tuigtear gur buille mór a bhí i mbású Uí Mhaoilíosa in 1922 do Morrisey.

Faoi na 1930í bhí Morrisey san ospidéal meabhairghalair i mBéal Átha na Slua. Chuir sí isteach ar an bpinsean stáit a bunaíodh d’iarthrodairí poblachtánacha, ach ní bhfuair sí a dhath. Níor tugadh bonn ar bith di ag aithint na páirte a d’imir sí le linn an Éirí Amach ach oiread. Básaíodh i mBéal Átha na Slua í in 1974 agus gan aon duine muinteartha aici, agus cuireadh in uaigh gan leacht í, áit ar fhan a corp ar feadh 43 bliain go dtí gur chuir dream áitiúil comórtha leacht in airde di i mBaile Átha an Rí.

Ba léiriú an t-imeallú ar Morrisey ar an gcaoi ar chaith an stát nua le mná, agus le mná a raibh fadhbanna meabhairshláinte acu go háirithe. Mar sin, bhí cás an-láidir ann an droichead nua a ainmniú as Morrisey. 

In 2022, leathnaíodh an feachtas i gCathair na Gaillimhe go dtí an Feachtas ar son Dhroichead Julia Morrissey chun tuilleadh daoine a mhealladh agus cúrsaí a bhrú chun cinn. D’éirigh le hachainí ar líne os cionn 2,200 síniú a bhailiú, fuarthas tacaíocht ó Chomhairle na gCeardchumann i nGaillimh, reáchtáladh cruinnithe poiblí, agus nuair a d’eisigh an chomhairle cathrach próiseas comhairliúcháin cuireadh aighneacht isteach.

San iomlán fuair an chomhairle 66 aighneacht agus bhí 31 acu i bhfabhar an droichead a ainmniú as Morrisey. Ach rinne an chomhairle cathrach neamhaird iomlán ar an bhfeachtas, ar an móramh d’aighneachtaí, agus ar an toil dhaonlathach a léiríodh, agus ainmníodh an droichead mar ‘Droichead an Dóchais’ in 2024. Ní bhfuarthas ach 3 aighneacht i bhfách leis an ainm leamh gan brí úd, agus ní raibh éinne sa phobal á éileamh.

Agus bhí an easpa daonlathais agus seóníneachas céanna le sonrú nuair a athainmníodh Leabharlann Berkeley i gColáiste na Tríonóide go Leabharlann Eavan Boland le cúpla lá anuas. Téann scéal an athainmnithe siar go 2022 nuair a rinne mic léann agóid faoi ról George Berkeley sa sclábhaíocht. Tharla na hagóidí le linn léirsithe Rhodes Must Fall in Oxford agus tuiscint níos leithne ar champais ollscoile an domhain ar an díchoilíniú (cé gur annamh a thógtar cás na nÉireannach isteach faoi scáth an díchoilínithe, ach is scéal é sin do lá eile).

Mar fhreagra ar na hagóidí, rinne Coláiste na Tríonóide ‘próiseas comhairliúcháin’ a chur ar bun chun ainm nua a lorg. Chuir ionadaí de chuid na hollscoile síos ar an bpróiseas le cúpla lá anuas mar cheann a bhí ‘trédhearcach agus bunaithe san fhianaise’. Dar ndóigh is seafóid a bhí sa ráiteas sin. Fuarthas 855 aighneacht ón bpobal mar gheall ar an ainm nua. Bhí 264 (31%) de na haighneachtaí ar son Wolfe Tone agus níor ghnóthaigh Eavan Boland ach 59 (7%).

Nocht Seansailéir na hOllscoile, Mary McAleese, ainm nua na leabharlainne, Leabharlann Eavan Boland, le cúpla lá anuas, agus níor deineadh tagairt ar bith do Tone. Scríobh Tommy Graham, eagarthóir History Ireland, litir chuig The Irish Times ag fiosrú faoin trédhearcacht agus é ag ceistiú an phróisis ainmniúcháin.

Sa dá chás, cás Julia Morrisey agus cás Wolfe Tone, céard is fiú próiseas comhairliúcháin a reáchtáil mura dtugtar aird na muice orthu? Ní raibh sna próisis úd ach bealach le cuma an daonlathais a chuir ar chúrsaí. Rinneadh neamhaird ar an mian dhaonlathach a bhí ann go n-ainmneofaí an droichead agus an leabharlann as poblachtánach. 

Ina theannta sin, tugadh ainmneacha dóibh a thagann le zeitgeist liobrálach na seoiníní a bhfuil lámh lárnach acu in institiúidí an stáit seo go fóill. ‘Dóchas faoin todhchaí, ná bígí ag smaoineamh ar an stair phoblachtánach sin ar fad’, an teachtaireacht ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. 

I dtaobh Choláiste na Tríonóide de, díríodh ar ghné na hinscne. ‘Nach iontach é gur bean a bhfuil an leabharlann ainmnithe aisti anois?’ Bhuel, is rud maith é nuair a chuirtear mná chun cinn go cinnte, ach sa chás seo baineadh mí-leas as Boland chun éileamh poblachtánach a cheilt.

Sa dá chás deineadh armlón den liobrálachas chun an phoblachtánachas a chuir faoi chois. 

Scríobh mé le déanaí in An Páipéar go bhfuil straitéis den chineál céanna ag roinnt seoiníní chun an Ghaelscolaíocht a imeallú. Ainneoin easpa fianaise, deirtear nach bhfuil na Gaelscoileanna ‘ionchuimsitheach’ go leor d’inimircigh agus an lucht oibre, agus léiríodh an meon sin arís ar an gclár Up Front faoin nGaeilge ar RTÉ i rith na seachtaine.

I mbeagán focal, tá leas á bhaint ag seóiníní as an ‘forásachas’ bréagach chun gnéithe de stair, teanga, cultúr agus polaitíocht na cosmhuintire nach maith leo a ionsaí nó a bhrú ar leataobh.

Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe san Astráil, 1804: Cnoc an Chaisleáin agus Cnoc Fhiodh na gCaor

I mí an Mhárta 1804 d’éirigh na hÉireannaigh Aontaithe amach den uair dheireanach. Cé go raibh Caisleán Bhaile Átha Cliath ag súil le hathbheochan ar an eagraíocht phoblachtach i gCúige Laighean an tráth sin, ba in New South Wales na hAstráile a tharla a n-eachtra dheireanach. Bhain Éirí Amach Chnoc an Chaisleáin geit as na húdaráis choilíneacha. 

Ní raibh súil ann go n-éireodh an líon sin reibiliúnach amach, óir d’éirigh leis na húdaráis roinnt comhcheilgí Éireannacha a chur faoi chois idir 1800 agus 1802. D’fhógair an Gobharnóir Philip Gidley King dlí míleata den chéad uair i stair na hAstráile agus chreid sé gur beag nár éirigh leis na hÉireannaigh aontaithe smacht a ghabháil ar choilíneachtaí pianseirbhíse Impireacht na Breataine.

Bhain comhthéacs ar leith le hÉirí Amach 1804 a chuaigh siar go dtí an bhliain 1788. Ón mbliain sin ar aghaidh seoladh na mílte daoránach Éireannach agus Sasanach go dtí New South Wales chun brú a bhaint ón gcóras príosún sa Bhreatain. I ndiaidh Réabhlóid Mheiriceá (1765-1783), b’éigean d’Impireacht na Breataine áit nua a aimsiú chun daoránaigh a sheoladh agus ba chun na hAstráile a cuireadh iad.

Sna 1790í go háirithe, agus sciar maith de chosmhuintir na hÉireann ag bogadh i dtreo na réabhlóide, seoladh go leor Éireannaigh Aontaithe agus Cosantóirí (dream comhcheilge de chuid na hísealaicme Caitlicí) chun na hAstráile. Faoin mbliain 1800, b’Éireannaigh iad an tríú cuid de dhaonra New South Wales ar a laghad; ina theannta siúd bhí 600 príosúnach poblachtach. Bhí neart fear ó Chill Mhantáin, Loch Garman, Baile Átha Cliath, Cúige Uladh agus roinnt ó Chúige Mumhan i measc na bpríosúnach. I measc fhir Chill Mhantáin bhí an ‘Ginearál’ Joseph Holt. Ón uair a tháinig siad i dtír chuaigh siad i mbun comhcheilge arís.

Bhí leithéidí Phil Cunningham as Cluain Meala go mór chun cinn i measc lucht Chúige Mumhan faoin mbliain 1804. I measc na nUltach bhí stádas ar leith ag Samuel Hume as Contae Aontroma, agus ag William Johnson, a raibh nasc aige le Co. Thír Eoghain agus a chaith seal mar sháirsint sa mhílíste nó arm. Ba léiriú é an comhoibriú idir Johnson, Cunningham agus Hume, ‘Protastúnach, Caitliceach agus Easaontóir’, go raibh beocht sa tionscadal poblachtach go fóill i ndiaidh chliseadh 1798.

Nuair a chuala na reibiliúnaigh gur éirigh Robert Emmet agus a chomrádaithe amach arís i mBaile Átha Cliath i mí Iúil 1803 tugadh ugach dóibh. Thit Comhaontú Síochána Amiens as a chéile i mí na Samhna na bliana céanna agus bhí an Bhreatain i mbun cogaidh leis an bhFrainc arís. Tar éis neart cur agus cúiteamh bheartaigh na hÉireannaigh Aontaithe éirí amach go luath in 1804 – d’úsáidfí dream fear a d’oibir thart ar an lonnaíocht feirme ag Cnoc an Chaisleáin, atá soir ó thuaidh de Chathair Sydney.

Ar an 3 Márta 1804, fuair Holt an scéal go raibh caint bhéalscaoilte tar éis an plean chun éirí amach a chur i mbaol. B’fhadhb é seo do Holt agus na cinnirí eile ó cheantair Sydney agus Hawkesbury, óir bhí siad díreach i ndiaidh cruinniú a eagrú a chuir bailchríoch ar na pleananna in Parramatta. 

Rinne Holt iarracht deireadh a chur leis an éirí amach, ach rinne go leor d’fhir Chill Mhantáin neamhaird de. Tar éis thitim na hoíche ar an 4 Márta, bhris 200 daoránach as an lóistín a bhí acu i gCnoc an Chaisleáin. Bhailigh siad le chéile ag Cnoc na Bunreachta, garr do Parramatta, áit ar fhógair Cunningham straitéis na gcinnirí. Ghabhfaí airm ó na lonnaitheoirí áitiúla agus d’fhillfí ar Chnoc na Bunreachta, roimh siúl i dtreo Paramatta agus Syndey ar an 5 agus 6 Márta.

Níor éirigh leis na reibiliúnaigh mórán arm a bhailiú chucu féin, cé gur fhill 300 acu, mar aon le dream beag daoránaigh Shasanacha, ar Chnoc na Bunreachta ar an 5 Márta. Bhí an mí-ádh orthu ar dhá bhealach eile. Bhíothas ag súil go bhfágfadh an HMS Calcutta Cathair Syndey ar an 4 Márta, ach cuireadh moill air trí sheans, rud a thug an deis don Ghobharnóir King na muirshaighdiúirí a úsáid chun an t-éirí amach a chur faoi chois. Anuas air sin, ba é an Maorghinearál George Johnson a bhí i gceannas ar na saighdiúirí áitiúla. Bhí taithí ó Réabhlóid Mheiriceá ag Johnson. Throid sé ag Bunker Hill agus thuig sé go gcaithfí na reibiliúnaigh a bhuaileadh go luath agus go sciobtha.

Tháinig Johnson ar na reibiliúnaigh ag Cnoc Rouse (nó ‘Cnoc Fhiodh na gCaor’ in aithris ar an logainm céanna lasmuigh d’Inis Córthaidh) agus ba léir go raibh míréir idir airm na saighdiúirí agus na hairm a bhí á n-iompar ag na hÉireannaigh Aontaithe. Maraíodh 30 reibiliúnach ach níor maraíodh saighdiúir ar bith. Crochadh ochtar reibiliúnach ina dhiaidh sin ar an 8 Márta. I measc na marbh bhí Cunningham, Hume agus Johnson. 

Dá n-éireodh leis na hÉireannaigh Aontaithe Sydney a shroicheadh bhí King den tuairim go n-éireodh ‘na hÉireannaigh ar fad’ amach leo, ach cuireadh faoi chois iad sular shroich siad a sprioc. Tá leac chuimhneacháin ollmhór le feiceáil ar Chnoc Rouse/Cnoc Fhiodh na gCaor, a cuireadh ann in 1988 ar chomóradh 200 bliain choilíneacht na hAstráile. Níor cuireadh ainmneacha na reibiliúnach leis go dtí 2004.