Author: misneach

Marú George Floyd. Guth ón bpobal: Ólámidé Ojegbenro

Scríobhann Ólámidé Ojegbenro i nGaeilge mar gheall ar marú George Floyd and an ciníochas. Tá leagan Béarla le fáil thíos.

Ólámidé Ojegbenro writes in Irish about the killing of George Flyod and racism. English version below.

Bhí sé an-dian ar an bpobal dubh ar fud an domhain le cúpla seachtain anuas mar chonaiceamar sceimhle ciníoch – póilín le glúin go muineál George Floyd agus a aghaidh ag insint dúinn gur cuma leis faoi shaol an fhir seo. 

Tuigeann go leor Meiriceánaigh dhubha deacrachtaí Floyd mar tá an cineál sin iompair feicthe acu go mion minic. Las dúnmharú Floyd splanc i measc an phobail i ndiaidh na gcéadta bliain de chiníochas.

Rinneadh taifead ar nóiméid dheireanacha Floyd ag lámha ceathrar póilín le Stát Minneapolis. Bhí an físeán ar fud na meáin shóisialta timpeall na cruinne taobh istigh de chúpla uair an chloig i ndiaidh na heachtra.

Bhí sé rídheacair domsa, mar dhuine dubh, breathnú ar an bhfíseán sin. Bhí mé croíbhriste, na deora ag titim díom agus an t-olcas seo ag dul i bhfeidhm orm.

Siombail atá sa bhás seo, siombail den chiníochas sistéamach ina maireann daoine dubha i Meiriceá an t-am ar fad, ciníochas sistéamach atá le feiceáil go róshoiléir sa chóras dlí choiriúil.

Cuireann bás éagórach Floyd béim ar an ualach a bhaineann le bheith i do dhuine dubh i Meiriceá agus ar fud an domhain. Chruthaigh sé an spréach a bhfuil éirí amach ann le seachtainí beaga anuas.

Rinneadh agóidí i gcoinne marú foréigneach ar fud na cruinne le cúpla seachtain anuas do George Floyd, Breonna Taylor, Ahmaud Arbery agus daoine eile nach iad. Daoine dubha atá marbh anois de bharr dath a gcraiceann.

Tá na céadta míle daoine de gach cine agus gach aois tar éis a bheith ag máirseáil le comharthaí “Black Lives Matter” in os cionn 50 tír, Éireann san áireamh.   

Is fiú go mór aird  a thabhairt ar an méid atá le rá ag Inger E Burnett-Zeigler, síceolaí agus comh-ollamh sa Scoil Leighis Feinberg in Ollscoil Northwestern, Illinois

“Tá a lán daoine le dath tuirseach. Táimid tuirseach de dhaoine nach dtuigeann muid agus nach bhfeiceann muid”, arsa Inger.

“Sílim go bhfuil sé tábhachtach do gach duine, beag beann ar chine, fiafraí ‘cén ról atá agam sa chóras seo?’, a deir sí. “Fiafraigh díot féin ‘ar thóg mé seasamh neamhghníomhach go dtí seo agus conas is féidir liom sin a athrú?’”

Tá deis againn anois comhbhá a léiriú le daoine, go háirithe daoine dubha. Tá fearg ar go leor leor daoine anois i ndiaidh na himeachtaí tragóideacha a tharla le cúpla seachtain anuas, ach is deis é seo.

Deis dúinn ar fad a bheith níos tuisciní dá chéile.

Deir daoine áirithe nach bhfeiceann siad dath. Cé go ndeirtear seo le dea-thoil den chuid is mó, is bréag é, bréag chontúirteach. Aithníonn gach duine, fiú páistí, an difir idir cine amháin agus cine eile. Déanann an bhréag “nach bhfeiceann daoine dath” beag is fiú d’eispéireas daoine dubha.

Déantar neamhaird ar phíosa tábhachtach d’aitheantas duine muna dtugtar suntas dá dath. Tá daoine ag iarraidh go n-aithneofar iad mar dhaoine iomláine.

Is féidir le ciníochas a bheith chomh caolchúiseach sin sa chaoi is nach dtuigeann an t-íospartach ná an té atá ciníoch é go hiomlán. Ach is féidir leis na mion-ionsaithe seo, mar a ghlaoitear orthu, fíor-damáiste a dhéanamh freisin.

Mar fhocal scoir, is é an chéad chéim chun deireadh a chur le ciníochas ná súile daoine a raibh dúnta a oscailt le go bhfeicfidh siad gach rud go soiléir.

Creidtear go minic gur ábhair ró-chonspóideach iad an cine agus an ciníochas. Ní bhíonn daoine ag iarraidh cur isteach ar dhaoine eile. Ach is ceist cearta daonna é faoin am seo agus caithfimid cur isteach ar dhaoine agus labhairt ar na hábhair atá ‘ró-chonspóideach’.

Níl an dara rogha againn anois ach an córas a athrú. Muna déanfaimid amhlaidh leanfaidh foréigean agus dúnmharú daoine dubha ar aghaidh. An rud is fearr le déanamh anois ná oideachas a chur ort féin.

Tá dualgas ar dhaoine geala foghlaim faoin gciníochas córasach, faoi conas mar ar éirigh le daoine dubha an lámh in uachtar a fháil go dtí seo, agus faoin streachailt a bhí ag daoine dubha go dtí seo.

Bí airdeallach ar na claontaí atá agat féin, éist le daoine dubha agus tabhair poiblíocht don mhéid atá le rá acu. Ní leor é gan a bheith ciníoch, is mithid anois bheith frith-chiníoch.

Caithfear seasamh suas i gcoinne an chiníochais gach lá, fiú nuair atá sé míchompordach duit, nuair nach bhfuil tú ag iarraidh, nuair a bheadh sé níos fusa duit fanacht i do thost.

—————–

The past few weeks has been very tough for the black community all around the world as we saw a racial terror – a cop with a knee to George Floyd’s neck, a soulless look and a casual disregard for life.

Floyd’s struggle resonates with many black Americans and the timing of his killing created a spark that has lit an uprising over centuries of racism.

His final moments at the hands of four Minneapolis police officers was replayed on social media by a witness at the scene and a couple hours after it had gone viral. Watching that video as a black person was very heart-wrenching, upsetting, barbaric and distressing to the extent that I could not even stop the tears from dropping.

His death has come to symbolize the generations of systemic racism that black people are subjected to and the plight of black people navigating the criminal justice system.

Floyd’s unjust death highlights the burden of being black in America and all over the world.

Hundreds of thousands of demonstrators, including people of all colours and ages, marched and protested against the violent killing of not only George Floyd but of Breonna Taylor, Ahmaud Arbery and countless others.

They carried signs saying “Black lives matter” in around 50 countries, including here in Ireland.

The words of Inger E Burnett-Zeigler, associate professor in psychology at the Feinberg School of Medicine at North-Western University, Illinois, are worth heeding:

“A lot of people of colour are tired. We’re tired of being the unseen and misunderstood”, she says.

“I think it’s important for everyone, regardless of race, to ask ‘what is my role in this system?’’, says Burnett-Zeigler. “Ask yourself ‘have I been passive bystander, and how can I change that?’”

The tragic events of recent weeks have fired many people up. But they have also created an opportunity for us to show empathy towards others, especially people of colour.

Some people claim not to see colour. Although this may be well-intended, the idea that people are colour-blind is false. Everyone, even kids, can discern differences in races.

This colour-blindness also invalidates people of colour who may have “lived experience” that is not like their white counterparts. Moreover, people don’t want important parts of their identity to be erased. They want to be recognized and respected for the entirety of their person.

Some racism is so subtle that neither the victim nor perpetrator may entirely understand what is going on. This underlying racism is often especially toxic for people of colour, for example in the form of racial micro aggressions.

In conclusion, the first step in eliminating racism is to make the “invisible” visible. I realize how controversial topics of race and racism are and how many people believe it’s safer not to say anything and not ruffle any feathers.

However, this is a fundamental issue of human rights issue and not a mere issue of issue of opinion. Maintaining the status quo of a system that continues to marginalize and disproportionately murder people of colour is not simply an opinion or a topic for debate.

The best thing to do is to educate ourselves on systemic racism, the struggles, and barriers to success of people of colour, examine our personal biases, and listen to and amplify the voices of people colour. It is imperative to be more than “not racist’” but, instead, to be actively anti-racist and confront racial injustices daily – even when it’s uncomfortable.

An Chairt Cheilteach um Thithíocht – Preasráiteas

Tá grúpaí agus gníomhaithe cearta teanga ó Éirinn, Albain, an Bhreatain Beag, Manainn agus Corn na Bhreataine – Misneach na hÉireann ina measc – tar éis teacht le chéile chun “An Chairt Cheilteach um Thithíocht” (atá le léamh thíos) a fhoilsiú. 

Tháinig an comhaontas seo le chéile chun cáineadh láidir a dhéanamh ar an ngearchéim tithíochta atá ag titim amach inár dtíortha éagsúla agus ag déanamh scrios ar ár bpobail teanga. 

Leagtar amach liosta éileamh sa gcairt seo, agus maítear gur gá do rialtais agus d’údaráis réigiúnacha polasaithe a chur a bhfeidhm a chinnteos gur féidir le cainteoirí mionteanga cur futhú go hinbhuanaithe ina gceantair dhúchais.

Tuigeann Misneach agus na grúpaí eile atá páirteach sa bhfeachtas seo nach mbaineann bás teanga go príomhúil le ceisteanna cultúrtha nó oideachais ach le polasaithe eacnamaíocha atá ag déanamh scrios ar phobail imeallacha, agus le dearcadh a chuireann dia beag na turasóireachta chun tosaigh ar leas fadtéarmach na ndaoine sna pobail seo.

Ar ndóigh, ní fadhb cathrach amháin í an ghéarchéim tithíochta in Éirinn nó na tíortha Ceilteacha eile. In Éirinn, maraon le himircigh, an lucht siúil agus grúpaí imeallacha eile, tá muintir na Gaeltachta i measc na bpobal is mó ata thíos leis an éigeandáil. 

I dteannta le pobail mionteangacha eile, tá fás mór tagtha ar líon na dtithe  saoire agus tithe eile atá le ligean ar  AirBnB sna ceantracha seo, rud atá á dhéanamh níos deacra ar dhaoine a oibríonn agus a chónaíonn sa Ghaeltacht teacht ar áit chónaithe. 

I mí na Samhna 2019, mar shampla, ní raibh ach trí theach le fáil ar cíos i nGaeltacht Chiarraí ar Daft.ie – san am céanna bhí 219 teach saoire ar fáil le haghaidh turasóirí! San am céanna tá An Bord Pleanála ag diúltiú cead pleanála do Ghaeilgeoirí atá ag obair i gceantracha Gaeltachta chun tithe a thógáil agus cur fúthu ann go buan.

Dar le Tomás Ó Loingsigh, gníomhaí cearta tithíochta agus ball de Mhisneach, go bhfuil:

“an ghéarchéim tithíochta ag titim amach ní amháin sna cathracha, ach i gceantracha tuaithe agus Gaeltachta chomh maith, ní amháin in Éirinn, ach i measc pobal mionteangacha sna tíortha Ceilteacha ar fad.”

“Ar mhaithe leis an turasóireacht agus le lucht an rachmais, níl teacht ar thithe ar phraghas réasúnta ag muintir na Gaeltachta agus tá scrios á dhéanamh ar an nGaeilge mar teanga pobail mar thoradh díreach air sin. Tá an troid ar son cearta teanga agus cearta tithíochta nasctha le chéile go dlúth.” 

Deir Robat Idris, ball Cymdeithas yr laith, grúpa cearta teanga sa mBreatain Bheag: 

“tá an-chuid fadhbanna nua a bhaineann leis an ngéarchéim tithíochta tagtha chun cinn mar thoradh ar Covid-19. Tá líon mór daoine feicthe againn ag teitheadh chuig a gcuid athbhailte, agus tá fógraí le haghaidh lóistín ar cíos fós suas ag Airbnb i rith an dianghlasaithe.” 

“Feictear an Bhreatain Bheag mar áit le héalú chuige, mar cinéal clós súgartha, ní mar áit ina bhfuil pobal beo ina gcónaí. Tá an easpa tithíochta le haghaidh daoine áitiúla ag bagairt an bonn a bhaint den Bhreatnais mar theanga pobail sna ceantracha is láidire don teanga”

Is féidir an Chairt Cheilteach um Thithíocht a léamh ina hiomláine anseo:

An Chairt Cheilteach um Thithíocht – An Ceart chun Áitribh 

Is fadhb ollmhór í an ghéarchéim tithíochta atá ag cur todhchaí phobail labhartha na dteangacha Ceilteacha i mbaol.

Fógraímid, mar eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar mhionteangacha na náisiún Ceilteach, go bhfuil géarghá le gníomh gan mhoill. Caithfear an damáiste atá déanta ar ár bpobail agus ár dteangacha a leigheas – lena n-áirítear in áiteanna nach labhraítear ár dteangacha a thuilleadh.

Tá rátaí easpa dídine ag dul in airde go leanúnach, agus tá níos mó agus níos mó daoine ann nach bhfuil sé d’acmhainn acu maireachtáil ina gceantair dhúchais. Feictear dúinn go bhfuil an méid seo tarlaithe de bharr polasaithe na rialtaisí lárnacha agus cineachta. Ina measc sin, tá polasaí na déine agus na blianta d’éagothromaíocht eacnamaíoch a dhéanann cos ar bolg ar ár bpobail tuaithe.

Mar sin, éilímid ar na rialtais sraith polasaithe a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh na daoine a mhaireann agus a n-oibríonn sna ceantracha seo – lena n-áirítear daoine ar baill iad de phobail immeallaithe agus mionlaigh – in ann fanacht ina bpobail áitiúla. Rachadh sé seo chun tairbhe ár dteangacha agus rath ár bpobal, le haird chuí á tabhairt ar chothramaíocht deiseanna, beag beann ar aicme, inscne nó cine. Ar bhearta na bpolasaithe sin, ba chóir iad seo a leanas a bheith san áireamh:

  • uasteorainn le céatadán na n-athbhailte agus na dtithe saoire in aon phobal;
  • athrú ar an sainmhíniú de thithíocht inachmhainne agus rialú costaisí cíosa ionas go mbeidis inachmhainne do dhaoine ar mheán-tuarastal an cheantair;
  • rialú breise agus cáin nua pionósach ar thithe a úsáidtear i gcomhair AirBnB amháin nó go príomhúil, lena n-airítear idirdhealú sainiúil a dhéanamh idir tithe/árasáin a úsáid mar teach saoire nó mar réadmhaoin AirBnB;
  • plean stráitéiseach a fhorbairt i leith tithíochta agus turasóireachta i gceantracha tuaithe chun dul i ngleic leis an gcaoi go bhfuil an-chuid tithe fágtha ar lár ón stoc tithíochta áitiúil;
  • cumhachtaí pleanála a dhílárú go dtí an leibhéal áitiúil is iomchuí, lena n-áirítear spriocanna tithíochta a leagan síos, agus riachtanas dosheachanta a dhéanamh den phleanáil teanga;
  • praghasanna cíosa a bhainistiú ionas go mbeadh siad inachmhainne do daoine ar thuarastail áitiúla;
  • leasú a dhéanamh ar aon laigí nó lúbanna ar lár sa dlí a thabharfadh deis cáin a sheachtaint;
  • reachtaíocht nua réadmhaoine a thabhairt isteach chun praghasanna agus cíosanna a rialú, chun tacaíochtaí sainiúla a ofráil do chainteoirí mionteangacha chun go mbeidh siad in ann fanacht ina bpobail, agus chun a chinntiú go n-úsáidtear aon tithíocht fholamh atá in áit sula dtabharfaí faoi fhorbairtí nua;
  • an stoc tithíocht shóisialta agus stoc tearcúsáidte a thabhairt ar ais faoi úinéireacht an phobail, agus úinéireacht pobail a bheith ar chuid shuntasach de gach tionscadal tithíochta nua;
  • cáin ar bhrábús tiarnaí talún a thabhairt isteach as a ndéanfaí infheistíocht chun tithe folmha agus tithe saoire a chur ar ais in úsáid do phobail áitiúla agus do na daoine a mhaireann agus a n-oibríonn iontu;
  • dreasachtaí a chur ar fáil ar mhaithe le hathchóirí agus/nó tógáil tithíocht atá inbhuanaithe ó thaobh ábhair agus modh tógála de;
  • fíneálacha a ghearradh as diúltiú d’áit chónaithe a ligean amach ar cíos do bhaill aon phobail faoi míbhuntáiste, an Lucht Siúil nó teifigh mar shampla.

Is féidir físeán a ghabhann leis an gCairt agus leaganacha den doiciméad sna teangacha Ceilteacha éagsúla a fheiceáil ar suíomh Cymdeithas Yr Iaith anseo.

Seasaimís le hoibrithe Debenhams

Tá lucht oibre Debenhams fós á dtréigint ag an gcomhlacht ó scaoileadh iad uilig chun bealaigh i rith Mí Aibreáin. Chinn lucht bainistíochta an chomhlachta na siopaí uilig sna Sé Chontae Fhichead a dhúnadh de bharr nach raibh brabús mór go leor á dtuilleamh acu.

Bhí buairt ann le tamall anuas i measc na n-oibrithe go ndúnfaí na siopaí sna Sé Chontae Fhichead, óir ní raibh an brabús céanna á ghiniúint acu is a bhí ag na cinn i Sasana. Thapaigh bord bainistíochta an chomhlachta an deis a thug an ghéarchéim Covid i mbealach soiniciúil.

Is mná iad na hoibrithe den chuid is mó agus roinnt mhaith acu ag obair leis an gcomhlacht leis na blianta fada ó aimsir Roche’s Stores.

Ainneoin é sin, níl cúiteamh ar bith curtha ar fáil ag Debenhams do na hoibrithe dílse seo. Sheol an comhlacht ríomhphost chuig na hoibrithe go luath i ndiaidh do na srianta dianghlasála a bheith curtha i bhfeidhm inar dúradh leo go raibh siad á ligean chun bealaigh

Míníodh sa teachtaireacht nach mbeadh pacáiste scartha ar bith ar fáil agus gur chóir do na hoibrithe cúiteamh a lorg ón stát.

Idir an dá linn, eagraíodh feachtas agóide. Ní raibh bealach ar bith ag na hoibrithe labhairt amach ar a son féin le linn na paindéime, seachas agóidí a eagrú lasmuigh de na siopaí a bhí dúnta.

Eagraíodh agóidí ar Shráid Mhic Anraí i mBaile Átha Cliath, i dTamhlacht agus i mBaile Bláinséir i mbruachbhailte na cathrach, i bPort Láirge, Gaillimh, Corcaigh agus in áiteachaí eile nach iad. Bhí na hoibrithe airdeallach ar an scaradh sóisialta agus iad i mbun agóide agus bhí mascanna agus láimhíní á gcaitheamh acu.

Mar sin féin, rinne na Gardaí leatrom orthu agus an fhianaise uilig le feiceáil anois ar na meáin sóisialta. Úsáideadh an reachtaíocht éigeandála a tugadh isteach de bharr na géarchéime Covid chun na hagóidí a bhriseadh suas.

Ba dhíol suntais é d’oibrithe Debenhams nach bhfuil spéis dá laghad ag na Gardaí cur isteach ar na hagóidí atá á reáchtáil go rímhinic ag faisistithe amhail Gemma O’Doherty.

Tá lámh mhór ag Banc na hÉireann san eagraíocht a stiúrann Debenhams. Tá na hoibrithe anois ag éilimh ar an mbanc sin agus ar an rialtas an rud ceart a dhéanamh agus cúiteamh a íoc leis na hoibrithe. 

Ar ndóigh, agus bancanna na tíre tar éis na scórtha de bhilliúin euro a fháil ó cháiníocaitheoirí le dhá bhliain déag anuas, cheapfá go mbeidis ag iarraidh an cothrom na féinnne a thabhairt do chosmhuintir na tíre gan aon ghá le feactasaíocht.

Tá oibrithe Debenhams tar éis tosaíochtaí an stát chaipitligh a léiriú go soiléir. Tugtar tús áite do na comhlachtaí móra, na bancanna agus, fiú, na faisistithe. Is mithid dúinn seasamh le hoibrithe Debenhams agus ár nglór a ardú ar a son.

Maraíonn an Caipitleachas Mionteangacha

Ón am a ath-bhunaíodh Misneach in 2012, tá muid tar éis an argóint a dhéanamh gurb é an córas eacnamaíochta brúidiúil, éagothrom atá againn, an caipitleachas, is ciontaí le meath na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Leis an dearcadh seo, tá muid ag leanacht traidisiún fada de Ghaeil radacacha a chuaigh romhainn.

Ba é an Cadhnach an duine ba cháiliúla i saol na Gaeilge a bhí den tuairim seo, seans, agus é ag rá in Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar Strae gur é “dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh”.

Ach bhí agus tá an tuairim chéanna ag go leor eile freisin, ina measc Séamus Ó Conghaile, an t-Éireannach (nuachtán radacach Gaeltachta sna 30idí), Aindrias Ó Cathasaigh, Tomás Mac Siomóin, Caoimhghin Ó Croidheáin, srl.

Dá fheabhas í, tá go leor den tuairimíocht seo sách éadomhain ó thaobh na hanailíse sochtheangeolaíochta de, áfach, agus mar sin b’fhurasta do dhaoine a rá nár tháinig sé uilig le fírinne an tsaoil san 21ú haois.

Le bonn níos fearr a chur faoin dearcadh seo, áfach, thug ball de Mhisneach, Ben Ó Ceallaigh, faoi PhD le hiniúchadh a dhéanamh ar an nasc idir an caipitleachas agus imeallú na Gaeilge agus a pobal.

Pléann sé an scrios a rinneadh ar thacaíochtaí don teanga tar éis 2008 agus an dochar uafásach a rinne an déine do shaol na Gaeltachta.

Léirítear ina shaothar go bhfuil contrárthachtaí bunúsacha idir an nualiobrálachas – an leagan reatha den chaipitleachas – agus iarrachtaí chun teangacha agus pobail mhionlaithe a chothú.

Agus an t-eolas seo uilig againn, is soiléire anois ná riamh gur gá an gcóras craosach seo ar fad a scriosadh agus ceann bunaithe ar leas na cosmhuintire agus comhar na ndaoine a chruthú má tá muid ag iarraidh an Ghaeilge – agus éagsúlacht theangeolaíoch agus bhitheolaíoch eile na cruinne – a chur chun cinn.

Anois gur cosúil go bhfuil géarchéim eacnamaíochta fiú níos measa ná ceann 2008 ag bagairt orainn tá sé ríthábhachtach go dtuigeann na Gaeil na hargóintí láidre seo.

Tá PDF de thráchtas Bhen anois ar fáil le léamh anseo

Léirmheas leabhair: Hitching for Hope

Bhí am ann R. C. – roimh choróna! Bhí am ann go raibh cead ár gcinn againn dul ag spaisteoireacht timpeall na tíre gan aon srian dhá chiliméadar orainn!

Roinnt blianta ó shoin bhí srian de chineál eile orainn – srian eacnamaíochta toisc go raibh teipthe ar shláinte an Tíogair Cheiltigh.

Bhí easpa dóchais ollmhór le braith sa stát agus eagla ar dhaoine nach dtiocfadh an stát as an sáinn ina raibh sí, nach gcúiseofaí éinne des na baincéirí a bhí tar éis an stát a scrios lena gcraos agus nach dtiocfadh slite úra maireachtála chun cinn a chinnteodh nach dtarlódh a leithéad arís.

I 2013 agus an ghéarchéim eacnamaíochta faoi lán seoil fuair an t-údar, Ruairí McKiernan, cuireadh caint a thabhairt ag Scoil Samhradh MacGill. B’iad tuairimí muintir na hÉireann ar chás na tíre ábhar na cainte.

Agus é ag machnamh ar conas díriú ar chaint mar seo cheap McKiernan nach raibh aon rud fé ach dul i measc na ndaoine.

Mar sin chuaigh sé i mbun eachtraíochta, lena ordóg san aer ag síob-shiúl bhóithre na tíre. ‘Hitching for Hope’ a thug sé ar an turas – turas a bhí ag lorg tuartha dóchais agus an tír i ndroch-chaoi.

Agóidí agus scríbhneoir is ea McKiernan. Bheadh seanaithne ag muintir Ros Dumhaigh air, mar shampla. Is minic go bhfoilsítear altanna leis sna nuachtáin náisiúnta. Chuir sé tús le Spunout.ie – suíomh idirlíon a chuidigh go mór le guth agus cabhair a thabhairt do dhaoine óga.

Le blianta beaga anuas bhí dlúthbhaint aige le ‘Gaelic Voices for Change’ a tharraing imreoirí na gcluichí Gaelacha le chéile le haird a tharraingt ar ábhair ar nós meabharghalar.

Seans freisin go mbeadh aithne ag muintir an Spidéil ar a mháthair, Ann Keenaghan, a bhunaigh an t-ionad leighis, Ionad Bhríde, i mBaile Éamuinn, roinnt blianta ó shoin.

Séard atá sa leabhar ná dialann de shórt den am a chaith sé ar an mbóthar. Chuir sé leabhar an chraoltóra, Paddy O’Gorman, i gcuimhne dom – Queuing for a Living. Bhí leabhar O’Gorman, a foilsíodh é i 1994, bunaithe ar agallaimh raidió. Leabhar tábhachtach a bhí ann a thug deis chainte do dhaoine nach gcloisfeá uathu go hiondúil.

Tugann McKiernan an deis chéanna do an-chuid daoine ó ghach cearn den tír.

Mar aon le O’Gorman is beag de féin ná a chuid tuairimíochta a chuireann McKiernan sa leabhar. Tá cur síos aige ar a chlann agus an chomhairle a chur a sheanathair air, ach a bheag nó a mhór tá an leabhar dílis dos na daoine lenar bhuail sé.

Ina measc bhí: bean ón Pholainn a labhair leis faoi mhac tíre; lánúin ón Iodáil a thug síob dó thar cúpla lá; daoine a bhí ag freastal ar ionad buail isteach Cill Dá Lua; file a bhí ag campáil ar bharr Uisneach; ceannaí éisc ó Dhún na nGall; bean rialta agus mór, mórchuid eile.

Tá scéal gach duine agus a gcuid smaointe fíorspéisiúil.

‘Sé laige an leabhair, má tá laige ann, ná a laghad. Mar shampla, ní shroicheann sé

Gaeltacht na Rinne agus é cúpla míle ó thuaidh uaithi; nó ní shroicheann sé lár Uladh, Ciarraí ná Corcaigh.

Ba bhreá liomsa féin dá rachadh sé ar ais ar an mbóthar arís agus smaointe an chuid eile den tír a chruinniú mar tá sé go maith chuig an jab seo agus is soiléir nach leasc le héinne labhairt leis.

Mholfainn an leabhar d’éinne ar spéis leo guthanna gnáthdhaoine a chloisint. Bhaineas an-taitneamh as é a léamh agus mé ag smaoineamh ar an am R. C. go raibh cead ár gcinn againn dul amach ar an mbóthar, ordóg a ardú agus dul ag spaisteoireacht.

– Colm Ó Snodaigh

Ruairí McKiernan, Hitching for Hope: a Journey into the Heart and Soul of Ireland, (Chelsea Green Publishing, 2020), 240 lth.

Is féidir aon eolas faoin leabhar a fháil ar www.hitchingforhope.com

Is féidir eolas ar phodchraoladh rialta Ruairí ‘Love & Courage’ a fháil ag podcast@loveandcourage.org

Sraith alt: #7 Pleanál Lárnach agus Spiorad na Meithle

Sa tsraith alt seo, rinneadh anailís ar ghnéithe áirithe den ghéarchéim corónach. Ina theannta sin, leagadh síos fís dhearfach den chineál sochaí atá de dhíth chun a leithéid de ghéarchéim a sheachaint arís sa todhchaí.

San alt deireanach seo, breathnófar ar an leigheas atá air seo uilig. Dar ndóigh, níl na freagraí uilig againn, ach is fiú aird a tharraingt ar ghné nó dhó a d’fhéadfadh feabhas a chur ar chúrsaí amach anseo.

Chun go dtiocfaidh muid slán ón tsáinn ina bhfuilimid, agus chun go bhfanfaidh muid slán, caithfear droim láimhe a thabhairt don chóras eacnamaíochta mar atá agus na sean-rialacha a ghabhann leis. 

Ba chóir do na hoibrithe seilbh a ghlacadh ar a gcuid láthair oibre, ach go háraithe na hoispidéil phríobháideacha. Níor chóir go mbeadh aon bhaint ag an mbrabús ná an t-ioncam leis an leibhéal cúraim a chuirtear ar fáil don phobal.

Caithfear polasaí uile-Éireann a chur i bhfeidhm agus cúl a thabhairt don críochdheighilt atá, arís is arís, ag déanamh dochair do shláinte mhuintir an oileáin. 

Ba chóir go bhfanfadh na scoileanna agus ollscoileanna dúnta fud fad an oileáin go dtí Meán Fómhair. Nuair a osclófar iad, caithfear an chomhréir idir na daltaí agus múinteoirí a laghdú go mór.

Chun freastal ar an riachtanas seo, beidh ardú as cuimse i dtaobh earcaíochta agus i dtaobh infheistíochta de dhíth, ar ndóigh.

Ba chóir líon na dtástálacha don víreais a leathnú go mór agus srianta níos déine a chur i bhfeidhm sna haerphoirt agus sna calafoirt.

Ag leibhéal an phobail, ní mór cloí le spiorad na meithle a chothaíodh ó thosaigh an ghéarchéim seo.

B’fhiú go mór do tuilleadh grúpaí pobail teacht le chéile chun cabhrú le cúrsaí glaineachta i mblocanna árasáin, chun freastail ar sheandaoine ó thaobh siopadóireachta de, agus chun eolas a scaipeadh mar gheall ar dhea-chleachtas agus caitheamh masc chun déileáil leis an víreais sa chaoi is go laghdaítear tionchar na ráige atá le teacht. 

Is léir ónár éispeáras go dtí seo gur orainn féin is fearr bheith ag brath chun cinntiú go dtiocfadh an oiread daoine is féidir slán ón ghéarchéim.

Tharla seo i go leor áiteanna cheana féin. Tháinig grúpaí pobail le chéile agus bhain roinnt dóibh leas as na meáin shóisialta le heagrú agus leis an mana “ar scáth a chéile a mhaireann na daoine” a chleachtadh.

Ar ndóigh, tá “comhar na gcomharsana” ina dhlúthchuid den chultúr Gaelach leis na blianta marbha.

Nuair a sháraíonn muid an ghéarchéim seo – agus sáróidh – ní féidir filleadh ar an seanchóras mar a bhí.

D’fhéadfadh an ghéarchéim seo cur ar shúile na ndaoine an géarghá atá le hathrú córais ó bhonn. Is fúinne atá sé na hargóintí ar a shon sin a chur chun cinn anois.

Buailimis an t-iarrann agus é te!

Tá sé in am dúinn cearta na n-oibrithe sa gheilleagar ‘gig’ a aithint

Tá creimeadh marthanach déanta ag dírialáil an tsaormhargaidh ar cearta na n-oibrithe leis na blianta fada anuas, agus íosphointe nua bainte amach ón uair ar tháinig an geilleagar poistíneachta – nó ‘gig economy’ – ar an bhfód.

Cuireann géarchéim an choróinvíris in iúl nach féidir neamhaird a dhéanamh ar an streachailt seo a thuilleadh.

Nuair a tháinig ardáin nua idirlíne chun cinn ag deireadh na 2000idí, gheall siad níos mó neamhspleáchais agus níos mó ceannais ar a saoil féin d’oibrithe, agus rogha níos leithne á thairiscint acu do thomhaltóirí ag an am céanna.

I ndáiríre, áfach, ní bhíonn ach éiginnteacht agus éidearfacht faoi bhláth.

Cé go bhfuil luach áifeálta $4.5 trilliún ar an ngeilleagar poistíneachta, tagann scéalta uafáis amach go leanúnach faoi oibrithe a bhíonn ag obair ar na hardáin seo gan cosaintí bunúsacha acu agus an taos leis an oigheann i gcónaí acu.

Tá léargas á thabhairt ag an pandéim coróinvíris ar go leor de na scéalta seo. 

Braitheann comhlachtaí ar nós Uber agus Deliveroo ar lucht mór oibrithe ar fud an domhain, ach de réir fholús dleathach san Aontas Eorpach, tá na comhlachtaí siúd scaoilte saor ó aon fhreagracht as a gcuid oibrithe.

Tá cearta bunúsacha bainte as oibrithe, iad fágtha gan laethanta saoire íoctha, saoire bhreoiteachta, cómhargáil, agus sochar sóisialta, toisc go bhfuil siad sainithe de réir an dlí mar shaoroibrithe ‘freelance’, oibrithe sealadacha, oibrithe ar chonarthaí nó mar hconraitheoirí neamhspleácha.

Tá leas bainte ag 10% ar a laghad de dhaonra oibre an AE as ardáin idirlíne chun seirbhísí a sholáthair.

Sin beagnach 23 milliúin oibrí, líon suntasach oibrithe atá easpa cearta, slándáil, agus cosaint sóisialta acu, líon atá ag méadú i gcónaí, agus ní foláir dúinn iad a chosaint.

Sa Fhrainc, ní shaothraíonn tiománaí de chuid Uber ar an mheán ach 36% de chostas an síbe.

Agus Uber ag déanamh brábúis ón obair atá faoi bhun acu, tá sé ag diúltú conarthaí oibre a thabhairt dá chuid tiománaí, agus freagracht a ghlacadh as ucht leasa na dtiománaithe.

Mar bharr ar an donas, tá na comhlachtaí seo i gcónaí ag teacht i dtír ar na billiúin euro ar son na n-oibrithe mar gheall ar lúba ar lár sa chóras cánach.

Tá oibrithe ar fud na hEorpa ag teacht le chéile i gcoinne an dúshaothraithe seo atá ag tochailt faoi chearta shaothair a saothraíodh go maith; dúshaothrú a fhágann oibrithe gan cosaint ar chruatan ó chúinse nach bhfuil neart ar bith acu orthu, mar dhuine aonair nó mar ghrúpa oibrí.

Seasamh glórach atá á ghlacadh acu in aghaidh obair neamhbhuan agus conarthaí uaireanta nialasacha – ‘zero-hour’ – a bhrúnn bochtanas ar ní fios cé mhéad teaghlaigh.

Le déanaí, ghlac mé páirt i ngníomhaíocht stailce ag ‘cistin dhorcha’ de chuid Deliveroo (tithe trádstórais a chuireann bialainn in áirithe chun bia le tabhairt leat a réiteach), agus d’éist mé le hábhair imní na n-oibrithe agus iad ag gníomhaíocht i gcoinne cineál nua sclábhaíochta, téarma a thugann siad féin air. 

“Níl sé ach bliain ó shin, bhíodh costas 5 euro ar síob, ach anois táimid síos ag 2 euro. Creideann siad gur féidir leo a rogha rud a dhéanamh linn toisc go bhfuil siad den tuairim nach n-eagraíonn tiománaí ina measc féin, ach níl an ceart acu,” a mhínigh Ahmed, agus é ag blocáil an slí isteach ar chistin i bPáras.

Tá oibrithe i mbun agóide i gcoinne na comhlachtaí seo sna cúirteanna. De réir breith cinniúnach níos luaithe sa mhí seo, thacaigh an cúirt is airde sa Fhrainc leis an gceart atá ag tiománaí Uber aitheantas a fháil dá stádas mar fhostaí.

Beidh impleachtaí ollmhóra ag an cinneadh seo don mhúnla ghnó atá ag Uber ar fud an AE.  

Thángthas ar bhreith den chineál céanna mar gheall ar stádas thiománaithe de chuid Deliveroo i Maidrid ag tús na bliana, ag cur le cinneadh cúirte san Iodáil roimhe sin arís.

Tugann sé seo go léir le fios go bhfuil an fuinneamh ag bailiú nirt i dtreo treoir AE atá ag teastáil go géar a ath-cháileoidh oibrithe ardáin mar fhostaí, más mian leo siúd, rud éigin a thabharfadh aitheantas dá gcearta agus dá gcosaint sóisialta go léir.

Ní leor ar chor ar bith dlí a eisíodh le gairid maidir le dálaí oibre intuartha, a bhí mar chuspóir aige déileáil le roinnt den éiginnteacht a airíonn oibrithe sa gheilleagair phoistíneachta.

Is léir ón ngéarchéim atá orainn faoi láthair nach bhfuil an dlí seo sásúil.

Tá na milliúin oibrithe poistíneachta tréigthe ag comhlachtaí le linn ráig an choróinvíris.

gearán déanta ag oibrithe nach gcuireadh lámhainní, mascanna, nó glóthach ar fáil ar mhaithe lena sláinte agus a sábháilteacht agus iad ag déanamh a ndualgais.

Agus bearta coraintín ag teacht i bhfeidhm, fágadh níos mó fós gan aon ioncaim, mar sin tá siad i mbaol mainneachtain a dhéanamh ar íocaíochta cíos agus morgáiste, nó gan a bheith in ann billí a íoc.

Ní chlúdaíonn formhór na mbearta státchabhracha oibrithe poistíneachta ar chur ar bith, rud a chuireann an tarcaisne i mullach na héagóra ar fad.

Tá dearmad déanta orthu, ach fós oibríonn siad i dteagmháil leis an bpobal ar bhonn leanúnach, ag cur a bheo i gcontúirt i ndáiríre, agus an scéal mar atá faoi láthair.

Nochtann ráig an choróinvíris an éiginnteacht fostaíochta a bhraitheann na milliúin oibrithe sa gheilleagar poistíneachta ar fud an AE agus lasmuigh de.

Mar chéim láithreach, ní foláir don AE agus dá baill-stáit cúnamh airgid a shíneadh chucu le linn an am corrach seo, agus aitheantas agus cosaint dleathach a thabhairt dá gcuid cearta mar ábhair práinneach, rud atá thar am againn le déanamh.

Tá buíochas tábhachtach, ach tá dínit agus cearta riachtanach. 

Is Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) í Leïla Chaibi (France Insoumise) leis an ngrúpa GUE/NGL (an Grúpa Cónasctha den Chlé Aontaithe Eorpach agus den Chlé Ghlas Nordach).

[Aistrithe go Gaeilge ag Eoghan Finn, cúntóir polaitiúil faoi oiliúint ag GUE/NGL as Gaillimh]

Sraith alt: #6 An Stát Nualiobrálach

Sa tsraith alt seo, rinneadh anailís ar ghnéithe áirithe den ghéarchéim corónach. Ina theannta sin, leagadh síos fís dhearfach den chineál sochaí atá de dhíth chun a leithéid de ghéarchéim a sheachaint arís sa todhchaí.

An babhta seo, breathnófar go tapa ar nádúr an stát nualiobrálaigh, rud atá tar éis an ghéarchéim a dhéanamh i bhfad níos measa, mar a mhínigh muid sna hailt eile.

Tugtar an “nualiobrálachas” ar an tréimhse reatha den chaipitleachas, tréimhse a thosaigh sna 70idí mar réiteach ar an ngéarchéim “stagflation” a bhí ann ag an am sin. 

De réir theoiric an nualiobrálachais, níor chóir don stát a ladar a chur isteach sa margadh ach amháin chun tacú leis na caipitlithe – chun tarrtháíl a dhéanamh ar bhancanna, mar shampla. 

Níor chóir baint mhór a bheith aige le polasaithe sóisialta eile – tithíocht, sláinte, oideachas, srl. Ar an drochuair, tá Éire an lae inniu ar cheann de na tíorta is nualiobrálaigh ar domhan, agus ní híonadh é, mar sin, nach raibh an stát sásta seirbhísí sóisialta a mhaoiniú go ceart go dtí seo. 

Ach anois, agus géarchéim i bhfad níos measa ná 2008 ag bagairt orainn, tá athrú port orthu, áfach.

Cé go bhfuil Varadkar agus an stát tar éis íocaíocht leasa sóisialaí a gheallúint ar feadh tréimhse dóibh siúd a chaill a bpost, ní leor an méid é, €350 do go leor daoine. Lena hais sin, táthar siúd atá fós ar ráta de €203. Ba chóir go mbeadh gach éinne ar an ráta ard.

Tá líon na ndaoine atá anois ag plé na féidearthachtaí a bhaineann le tuarastal uilíoch bunúsach méadaithe go mór de bharr na géarchéime seo.

Sa chomhthéacs níos leithne, tá an ghéarchéim tar éis a léiriú cé chomh treallach agus atá an córas eacnamaíoch nualiobrálach. Is é sin le rá nach féidir leis an gcóras croitheadh mar seo a sheasamh gan dul go tóin poill.

Fiú roimh an ngéarchéim seo bhí cúlú eacnamaíoch ar na bacáin cheana féin, agus leithéidí an IMF fiú ag rá le cúpla bliain anuas go raibh baol mór ar an ngeilleagar domhanda.

Níl ann ach gur chuir an galar seo luas faoi rud a bhí ag teacht luath nó mall ar aon nós.

Rud eile ná go léiríonn an ghéarchéim tábhacht an ghnáthoibrithe. Ní hiad na baincéirí ná lucht bainistíochta na gcistí fálaithe [hedge funds] atá riachtanach don sochaí, ach na banaltraí, dochtúirí, póirtéirí, tiomáinithe seachadta, múinteoirí, agus iad siúd a líonann na seilfeanna sna hollmharagaí.

Léirigh an ghéarchéim gur bréaga a bhí i síoráitimh na heite deise nach raibh go leor airgid againn do na seirbhísí sláinte, nach bhféadfaí reo cíosanna a chur i bhfeidhm, nó nach raibh sé indéanta teorann a chur ar taisteal eitleáin. 

Nach trua gur thóg sé chomh fada seo, agus géarchéim chomh tromchúiseach seo, chun na bunpholasaithe ciallmhara seo a chur i bhfeidhm? 

Sraith alt: #5 Na Gnáthdhaoine agus an Phaindéim

Sa tsraith alt seo, déanfar anailís ar ghnéithe áirithe den ghéarchéim chorónach. Ina theannta sin, leagfar síos fís dhearfach den cineáil sochaí atá de dhíth chun a leithéid de ghéarchéim a sheachaint arís sa todhchaí.

An babhta seo, breathnófar ar cheist na haicme. Cé acu is mó a bheas thíos leis na víreais seo? 

Bíodh is nach ndéanann an víreas corónach idirdhealú ar bhonn aicmeach, is an chosmhuintir a bheas thíos leis i ndeireadh na dála – ach go háirithe iad siúd atá amuigh ar a bpinsean agus ar bheagán phá.

Cheana féin, tá tuairiscí go bhfuil lucht an racmhais, an 1%, ag eitilt leo chuig a n-árais iarghúlta nó ag dul i bhfolach ina mbuncair faoi thalamh. Tá stocannaí bídh acu a mhairfeadh na blianta agus, lena hais sin, a gcuid dochtúirí leighis pearsanta féin acu.

Is na daoine is boichte a bheidh buailte go dona. De ghnáth is iadsan a chónaíonn agus a mbíonn ag taisteal ar an gcóras iompar poiblí i ngaireacht dá chéile.

Ní bheidh siad in ann an scaradh sóisialta caoi a dhéanamh mar gheall go mbíonn orthu cónaí a dhéanamh i dtithe le deichniúr eile, in óstáin mar lóistín éigeandála, nó iad ag fáil codladh na hoíche i mbrúanna.

Anuas air sin, is na hoibrithe is boichte a bheidh thíos leis agus gan cearta pá tinnis nó airgead curtha i dtaisce acu. 

Tá scéalta tagtha chun cinn le roinnt seachtainí anuas maidir le tiarnaí talún nach bhfuil sásta cíosanna a chuir ar athló nó, níos measa, ag déanamh díbirt ar dhaoine.

Tá ar na daoine is boichte an córas iompar poiblí a úsáid, an dól a bhailiú, nó dul chuig an mbanc chun billí a íoc agus airgead a lóisteáil. Cuirfear iad siúd i mbaol go mór.

Caithfear éileamh a dhéanamh go ndéanfar aon íocaíocht leasa sóisialaí i rith na géarchéime seo díreach isteach i gcuntas baince iad siúd atá thíos leis. 

Ar ndóigh tá i bhfad níos mó daoine dífhostaithe anois ó scaoill roinnt comhlachtaí lena gcuid oibrithe. Tá sé beartaithe ag rialtas na Sé Chontae Fichead íocaíocht speisialta €350 sa tseachtain a thabhairt do dhaoine a chaill a gcuid postanna de bharr an víreais. 

Admháil is ea an méid sin nach leor an €203 a thugtar do dhaoine a bhí dífhostaithe roimhe seo. Pionós a bhí agus atá sa mhéid suarach sin, pionós gearrtha ar ghnathdhaoine ag rialtas ar cúis tarcaisne dóibh cosmhuintir na tíre seo.

Mar a dúirt Varadkar féin le linn an toghcháin, ní ar ár son atá a rialtas, ach ar son na ‘meánaicme’ atá ag saothrú €35,000-50,000 sa bhliain, dar leis. Na daoine ‘a éiríonn go luath ar maidin’. 

Níor chóir dúinn glacadh leis an míchothromaíocht seo. Tá sé seafóideach go bhfaighfidh an té a chaill a phost i Mí Feabhra beagnach €150 níos lú ná an té a chailleann a phost inniu. Ní mór dúinn cothromaíocht pá a éileamh do gach duine. 

Maidir leis na comhlachtaí sin a thréig a gcuid oibrithe, is beag is féidir linn a dhéanamh le linn na géarchéime. Ach nuair a fhosclaítear na gnóthaí sin a gcuid doirse arís, is cóir dúinn an dóigh ar thréig siad a gcuid fostaithe a chuimhniú agus a mheabhrú dóibh gach seans a bhfaigheann muid. 

Ná tacaimis leo siúd nár thacaigh linne. 

Ná glacaimis le saint shuarach lucht an chaipitil arís go deo!

Sraith alt: #4 Banc na hÉireann ag tapú deis na Géarchéime Corónaí

Sa tsraith alt seo breathnófar ar impleachtaí na géarchéime corónaí. An uair seo caithfear súil ar Ghaeltacht Thír Chonaill.

Le blianta anuas, tá muid ag caint anseo i nGaeltacht Dhún na nGall faoin dochar atá déanta don cheantar seo ó thit an tóin as an gheilleagar i 2008.

Ó shin, druideadh óstáin, cailleadh jabanna, d’imigh comhlachtaí amach as an Eastát Gnó ar an Screabán, chaill muid cúig oifig poist agus dhruid an AIB an chraobh a bhíodh acu i nGaoth Dobhair.

Anois tá géarchéim an choróinvíris againn agus níl a fhios againn cé hiad na himpleachtaí a bheas aige sin ar shaol an cheantair seo.

Ach thug Banc na hÉireann leideadh dúinn ar an chineál rud atá romhainn mar phobal.

Cúpla lá i ndiaidh do dhaoine toiseacht ar an scaradh sóisialta, d’fhógair siad go raibh siad ag druid cúig chraobh bheag i gContae Dhún na nGall, craobh an Bhun Bhig ina measc.

Ar ndóigh, dúirt siad gur rud sealadach a bhí ann ach is beag duine sa cheantar seo a chreidfeadh iad. Mar níl an dara rogha acu. Is tionscnamh caipitileach é Banc na hÉireann agus ní thuigeann siad ach an rud amháin – brabach.

Mar sin de, má fheiceann siad go bhfuil siad ag déanamh níos mó airgid de thairbhe go bhfuil craobhacha beaga tuaithe druidte, cén fáth go bhfosclódh siad arís iad nuair atá an ghéarchéim seo thart?

Beidh sé mar an gcéanna ar fud na tíre. Bainfidh na caipitiligh úsáid as achan chleas le brabach a gcomhlachtaí a mhéadú agus tiocfaidh an stát lena dtarrtháil má tá siad i bponc.

Tabharfar reachtaíocht éigeandála isteach leis an córas a chosaint agus titfidh sé orainne seasamh ina éadan.

De réir mar a théann an ghéarchéim seo ar aghaidh, beidh cur i gcéill an stáit níos soiléire.

Tá cuid de feicthe againn cheana féin. Polaiteoirí ag moladh oibreannaí sa tseirbhís sláinte nuair a dhiúltaigh siad pá ceart a thabhairt daofa roimhe seo. Dualgaisí troma ag titim ar oibreannaí siopa nach bhfuil fiú conradh ceart oibre acu. Éiríonn liosta na fimíneachta níos faide in aghaidh an lae.

Tá sé soiléir anois do achan duine nach bhfuil an córas caipitileach ábalta réiteach a fháil ar an ghéarchéim seo mar ní thuigeann siad an tábhacht atá le pobal láidir, buan, inmharthana.

Ach tuigeann muidne.

Cha dtig linn pilleadh ar an dóigh a bhí rudaí.

Tá domhan úr le tógáil againn.