Day: April 28, 2022

Scéim Chónaithe agus Gluaiseacht na Gaeilge in Ollscoil na Banríona

Sa bhliain acadúil 2022/2023, beidh Scéim Chónaithe na Gaeilge i bhfeidhm in Ollscoil na Banríona (OnaB) don chéad uair riamh.  D’eascair an scéim seo amach as feachtas An Cumann Gaelach ar son comharthaíocht dhátheangach ar champas a thosaigh i 2017.  

I 2018, cuireadh fuadar faoin bhfeachtas seo nuair a dhiúltaigh an Leas-Seansailéir ag an am aon chomhartha ‘provocative, offensive or intimidatory’ a chuir in airde in OnaB. Áiríodh an Ghaeilge sa mhéid sin. Ghabh sé a leithscéal láithreach nuair a nocht an Cumann a bhfreagra ar na meáin agus dúirt OnaB fosta go réiteoidís ceist na comharthaí, ceist chonspóideach ónar baineadh anuas cinn dátheangacha i 1997.  

Níl comharthaí dátheangacha ann go fóill in OnaB ach is féidir a rá gur bhain An Cumann Gaelach a gcuspóir amach go dtí seo: normalú na Gaeilge ar champas.

Ar dtús báire, is fiú a rá go raibh tionchar ag an bhfeachtas féin ar an Chumann Ghaelach chomh maith.  D’éirigh muid airdeallach ar an nasc eatarthu agus grúpaí eile san Ollscoil a bhí thíos leis an chur chuige caipitlíoch agus nualiobrálach ón bharr anuas ansin.  

Bheadh téarmaí amhail “aicme” agus “díchoilíniú” sna comhráite laethúil taobh istigh den Chumann. Bhí tionchar nach beag ag Máirtín Ó Cadhain agus ceannródaithe Bhóthar Seoighe orainn, go háirithe an mana ná habair é, déan é

Ó 2017, ghlac an Cumann páirt in achan stailc a d’eagraigh oibrithe OnaB in éadan ciorruithe a raibh (agus atá go fóill) lucht na bainistíochta ag brú orthu. 

In 2018, ghlac mic léinn agus gníomhaithe seilbh ar fhoirgneamh ar champas chun an ruaig a chuir ar Mark Regev, ambasadóir Iosraelach don Ríocht Aontaithe. 

Bhí Regev le caint phoiblí a thabhairt san Ollscoil ach níor éirigh leis mar gheall ar an agóid seo in éadan slad rialtais Iosrael ar mhuintir na Palaistíne.  Ba bhaill An Cumann Gaelach an chuid is mó de lucht na hagóide an lá sin.

Cibé ar bith, tá ceist na Gaeilge anois i mbéal an phobail go rialta ar champas OnaB agus ní clann léinn óg gan taithí iad An Cumann Gaelach níos mó, ach grúpa eagraithe agus muiníneach réidh le dul i mbun troda ar champas ar son cearta teanga.  Ina theannta sin, tá ról lárnach acu san fheachtas níos leithne de chuid an Dream Dearg ar son Acht Gaeilge ó thuaidh.

De réir mar a d’éirigh an Cumann níos eagraithe ó 2017, d’éirigh siad níos eolaí ar chearta teanga sna hollscoileanna ó dheas, sa Bhreatain Bheag agus in Albain. Chonacthas dóibh go raibh níos mó ná comharthaíocht dhátheangach in airde sna hollscoileanna sin chun na mionteangacha dúchasacha a chur chun cinn, scéimeanna cónaithe san áireamh. Ach ní go dtí 2021 a chuireadh fuinneamh úr in éileamh an Chumainn ar scéim chónaithe.

Tháinig an chlann léinn, oibrithe báúla OnaB agus grúpaí an phobail le chéile faoi scáth ‘Dearcán’ chun tuairisc a scríobh ag cur ina luí pleananna agus buntáistí scéim chónaithe na Gaeilge. 

Tuairisc chuimsitheach a tháinig amach as an chaidreamh seo mar gheall ar obair na gcapall a bhí déanta ag na hoibrithe ach go háirithe. Chinn Dearcán ar chruinniú príobháideach a eagrú le lucht na bainistíochta chun an tuairisc a léiriú dóibh – in éadan moltaí an Chumainn mar gheall ar an taithí a bhí acu leis an bhainistíocht seo i dtaca le comharthaí dátheangacha. 

Mar a thuar an Cumann, caitheadh aníos ar an mholadh don scéim sa chruinniú agus dhiúltaigh OnaB glan dó.  Dar leis an bhainistíocht, b’ionann an scéim agus “deighilt” i measc na clainne léinn. 

Rinne siad trácht ar “mhothúchán” de chuid “the other local ethno-religious background”, amhail is Caitlicigh iad na Gaeilgeoirí go léir, d’ainneoin go raibh Protastúnaigh agus aontachtaithe lárnach sa tuairisc don scéim!

Dearg le fearg, ghlac An Cumann Gaelach seilbh iomlán ar an scéim agus chuaigh siad i mbun troda in OnaB arís. 

Sheol muid pleananna don scéim go poiblí os comhair níos mó ná céad duine ag imeacht ar champas, nocht siad na fáthanna ar dhiúltaigh OnaB don scéim agus mheall siad tacaíocht ón phobal agus ó na páirtithe polaitiúla araon. Taobh istigh de mhí amháin, ghéill OnaB faoin bhrú agus gheall siad an scéim a chuir i bhfeidhm. Bhí sé chomh simplí sin. 

Beidh scéim chónaithe ann sa bhliain acadúil 2022/2023 in OnaB don céad uair riamh.

Ach tá dua roimh an Chumann go fóill agus é ag dul i ngleic leis an dhearcadh nualiobrálach agus frith-Ghaelach ón bharr anuas in OnaB a dhéanfaidh a seacht ndícheall seilbh iomlán a ghlacadh ar an scéim agus scrios a dhéanamh ar an rud. Tiocfaidh seo salach ar chuspóirí an Chumainn agus phobal na Gaeilge i leith aon scéim chónaithe. Coinneoidh siad i gcuimhne, áfach, cén dóigh a bhrú siad an scéim chónaithe: cumhacht na hagóide.