Day: November 8, 2022

Lonnaíochtaí Lán-Ghaeilge i mBÁC: tuairisc

Reáchtáladh cruinniú ar cheist na Lonnaíochtaí Lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath san Ardchathair le déanaí. Ba in Institiúid na hÉireann ar Shráid an Phiarsaigh a thit an cruinniú amach.

Ba é Ciarán Dunbar, údar an leabhair Síolta, an príomhaoi. Ina theannta bhí Mícheál Ó Nualláin, Stiúrthóir Bhaile Átha Cliath le Gaeilge, Simon Ó Donnabháin ó Chraobh Chonradh na Gaeilge Inse Chóir agus an gníomhaí tithíochta agus Oifigeach Bhaile Átha Cliath Misneach Pádraig Mac Oscair. Bhí Oisín Mac Giolla Bhríde ina chathaoirleach ar an bpainéal.

D’aontaigh gach éinne ar an bpainéal go bhfuil géarghá pobal Gaeilge níos láidre a thógáil i mBaile Átha Cliath – pobal atá in ann feidhmiú mar dhlúthphobal, áit a gcloistear an Ghaeilge amuigh ar an tsráid agus áit a ndéantar seachadadh idirghlúine ar an teanga. Tá a leithéid de phobal de dhíth, óir ní leor na líonraí teanga iontu féin, a dúradh.

Labhair Dunbar ar an taighde a rinne sé dá leabhar agus tá cuid mhaith den óráid a thug sé siúd le fáil faoina bhun seo. An bhunphointe a bhí aige, i dteannta cinn eile, ná gur féidir dlúthphobal Gaeilge a bhunú, óir tá sé tarlaithe cheana, ach díriú isteach ar an tionscadal sin agus air sin amháin. Mhaígh sé chomh maith gur chóir do mhná a bheith i gcroílár aon tionscadal dá leithéid.

Ag trácht ar a dheacair is a mbeadh sé dlúthphobal a bhunú i mBaile Átha Cliath, mhol Dunbar, san am i láthair, go mbogfadh Gaeil chuig ceantair ar leith ina bhfuil céatadán níos airde ná an meán de lucht labhartha na Gaeilge cheana. Tátal eile a bhí aige ná nach bhféadfaí brath ar an stát chun gníomh fiúntach ar bith ar son na tithíochta Gaelaí a chur i gcrích.

Dhírigh Ó Nualláin ar an méid a bhí ar siúil ag BÁC le Gaeilge ó tháinig an foth-eagraíocht ar an bhfód le déanaí. Tá neart ar bun chun gnólachtaí na cathrach a spreagadh i dtreo na Gaeilge agus tá toradh le feiceáil i gceantair áirithe, cuir i gcás Bóthar na gCloch, mar a luaigh Mac Giolla Bhríde, áit a mbíonn oíche Ghaelach rialta i gceann de na tithe tábhairne, agus seirbhís Gaeilge le fáil i gceann nó dhó eile, a chuireann le beocht na teanga sa cheantar – ceantair ina bhfuil dlús áirithe de lucht labhartha na Gaeilge cheana.

Rinne Ó Donnabháin rianú ar an méid a bhí déanta ag an gcraobh aige in Inse Chóir agus i nDroimneach, áit a mbíonn an-rath ar na hoícheanta Pop-Up Gaeltacht agus áit a bhfuil obair stuama ar bun chun Áras Chonradh na Gaeilge ar Chorrán Grattan a athchóiriú agus a chur ar fáil do phobal na Gaeilge sa cheantar máguaird arís.

Labhair Pádraig Mac Oscair faoi na deacrachtaí a bhain le spás poiblí a athghabháil i gcathair atá báite faoi thionchar an chaipitleachais. Mar sin féin, luaigh sé samplaí idirnáisiúnta inar éirigh le saoránaigh an athghabháil sin a chur i gcrích ainneoin iad a bheith ag snámh in aghaidh easa.

Ar an mórgóir ba chruinniú thar a bheith dearfach é agus slua maith, idir óg agus aosta, i láthair – slua as a dtáinig roinnt mhaith moltaí fiúntacha chomh maith.

Tríd is tríd, is léir go bhfuil deiseanna ann an pobal Gaeilge i mBaile Átha Cliath a dhlúthú agus, fiú, Gaelphobal uirbeach a thógáil. Mar a luaigh Mac Giolla Bhríde, tá níos mó cainteoirí laethúla Gaeilge i gCathair Bhaile Átha Cliath ná áit ar bith eile ar domhain.

Beidh Misneach BÁC ag bualadh le chéile go rialta chun an chéid chéim eile den tionscadal seo a phleanáil sna mionnaí amach romhainn. Ach, le cúramaí eile an tsaoil orainn mar ghníomhaithe deonacha, is obair mhall a bheas ann, gan aon agó. De réir a chéile a thógtar na caisleáin.

Óráid Chiarán Dunbar:

Go raibh maith agaibh as deis a thabhairt dom labhairt libh. Go raibh maith agaibh as spéis a chur sa leabhar Síolta ach thar rud ar bith eile, go raibh maith agaibh as spéis a chur i scéalta an lucht oibre, muintir Phobal Feirste, agus muintir Ard Barra cuir i gcás.

Na daoine a rinne é – na daoine a chuir athneartú na Gaeilge i gcrích – na daoine a d’éirigh leo dlúthphobail a thógáil, Gaelphobail a chruthú agus go leor eile ina dhiaidh sin.

Na daoine a d’éist leis na focail is a ghníomhaigh dá réir.

A chairde, d’ainneoin ár n-iarrachtaí tá an Ghaeilge ag fáil bháis – sin an drochscéal.

Is é an dea-scéal ná go bhfuil sé de chumhacht againne go léir sin a stopadh – má bhriseann muid amach ón dearcadh atá againn.

Is gá cinneadh a dhéanamh maireachtáil mar Ghaeil agus – is an cinneadh sin glactha – gníomhú dá réir.

Is gá páistí a thógáil le teanga na nGael nó caillfear í – ná bíodh aon amhras ort faoi sin – ná bíodh aon smaoineamh agat gur féidir le Gaeilge maireachtáil i gcomhthéacs iar-nua-aimsearach mar dhara-theanga go deo.

Ach chun go sealbhódh páistí teanga ar bith mar is ceart, tá pobail de dhíth, tá dlús de dhíth, tá dlúthphobal de dhíth. Ní hé sin mo thuairim – sin bun-shochtheangeolaíocht.

Uime sin, is gá dúinn na pobail atá ann faoi láthair, go fóill, a chosaint AGUS cinn úra a chruthú – ní eolaíocht roicéid é.

Seo an rud a chreidim, seo a rud a d’fhoghlaim mé.

Is fearr dlúthphobal beag de chainteoirí Gaeilge, fiú má tá sé bídeach, chun labhairt na teanga agus aistriú na teanga go dtí an chéad ghlúin eile a éascú ná gréasán mór de chainteoirí scaipthe.

Cuspóirí

Is iad na trí chuspóir a ba cheart a bheith ag gluaiseacht na Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge ar aon (go háitiúil agus go náisiúnta) ná:

·        Líon cainteoirí laethúla a mhéadú

·        Páistí a bhfuil an Ghaeilge acu mar chéad-teanga a mhéadú

·        Ceantair labhartha Gaeilge a chaomhnú / a fhorbairt

Dlúthú nó dlús an aidhm leis na cuspóirí sin sa mheán-tréimhse. Is é an aidhm leis an dlúthú ná ‘mais chriticiúil’ a bhaint amach.

Is é mo thuiscint féin ar mhais chriticiúil i gcás na Gaeilge ná go gcaithfidh céatadán na gcainteoirí laethúla a bheith an-ard ar fad chun cúinsí a bhaint amach ina mbeadh sé iomlán riachtanach an Ghaeilge a bheith ag duine chun páirt iomlán a ghlacadh sa phobal – sin is fíor-chiall le teanga phobail.

Mar sin de, dul chun cinn ó thaobh méadú críche de, sin an t-aon chritéar is fiú a úsáid le tomhas a dhéanamh ar na hiarrachtaí a dhéantar chun aistriú teanga a aisiompú.

Baile Átha Cliath

Maidir le Baile Átha Cliath – agus níor chónaigh mé riamh anseo agus níl aithne ceart agam ar an chathair – ach tá trí rogha ann measaim don Ghael atá ag iarraidh bogadh chun tosaigh chuig réaltacht Ghaelach, chuig cúinsí ina bhfuil an Ghaeilge beo go hiomlán, chuig pobail inár féidir seachadadh idir-ghlúine na teanga – chuig díchoilíniú coincréiteach seachas dioscúrsach.

Is iad seo a leanas na roghanna:

·        bogadh na Gaeltachta

·        Scéim tithíochta / lonnaíocht a bhunú

·        nó dlúthú go neamh-fhoirmeálta – is é sin le rá  – díreach bogadh go dtí an ceantar is láidre Gaeilge i mBÁC

Is dóigh liom gurb é an tríú cheann an rogha is éascú ag an phointe seo i mBÁC.

Amharcaimis ar na cinn eile. Bogadh na Gaeltachta – moladh Deasún Fennell – an imirce mór siar.  Tá ciall leis.  Tá an Ghaeltacht á phlandáil ag Béarlóirí cibé ar bith – is rogha é – ach ní ábhar na cainte seo é sin.

Amharcaimis ar Ghaelphobal – cad atá riachtanach?

Seo an teoiric a leag mé síos i gconclúid Shíolta.

Gaelphobail

Má ghlactar samplaí Bóthar Seoighe agus Ard Barra mar eiseamláirí, agus má ghlactar leis go bhfuil dul chun cinn as an ghnáth déanta acu ó thaobh labhairt na Gaeilge a chur chun cinn de, feictear go mbíonn ceithre ghné ar leith ann ar a bhfuil ‘Gaelphobail’ úra (idir phobail sainleasa agus phobail taobh istigh de limistéir thíreolaíochta) bunaithe.

·        Gaelscoil(eanna)

·        ‘Cultúrlann’ / Club Sóisialta nó Spórt

·        Ionad Gnó / Institiúid

·        Dlús cainteoirí

Maidir le dlús cainteoirí, cén dóigh le sin a dhéanamh? Tá trí bhealach ann:

·        Sciar suntasach den phobal a thiontú ina nGaeilgeoirí

·        Gaeilgeoirí a lonnú i gceantar ar leith

·        Scéim tithíochta

Níl rud ar bith acu sin dodhéanta. Tá siad déanta agus tá siad á ndéanamh. Is é an dúshlán ná iad a dhéanamh san áit chéanna.

Maidir le daoine a mhealladh chuig scéim nó ceantar tá dhá rogha ann – dream beag daoine atá an-chosúil le chéile a mhealladh nó iarracht a dhéanamh go leor daoine éagsúla a mhealladh.

Rinneadh an dá rud i mBóthar Seoighe feictear dom.

Ní raibh aon idé-eolaíocht oifigiúil i gceist ach an Ghaeilge agus is iomaí tuairim polaitiúil ann. Mar sin féin, admhaím go rabh cúlra an-chosúil le chéile ag muintir na scéime.

Maidir le scéim, an bhfuil muid ag caint ar fhorbairt déanta a cheannach? An bhfuil muid ag caint ar thalamh a cheannach agus iarraidh ar fhorbróir an obair a dhéanamh nó an bhfuil muid ag caint ar thalamh a cheannach agus iarraidh ar Ghaeil, go deonach ar ndóigh, le saineolas an ceadúnas pleanála a fháil? An bhfuil muid ag iarraidh ar Ghaeil a bhfuil saineolas airgeadais aici cabhrú leis an taobh sin de? Iarraidh ar aturnae cabhrú go deonach? Scileanna tógála a fhoghlaim? Togálaithe le Gaeilge a mhealladh chun a bheith ag obair go deonach?

Dodhéanta a deir daoine.

Ach Cumann Lúthchleas Gael an freagra atá agam ar sin, an INF, Comharchumann Creidmheasa. Tá samplaí ann d’obair mheithil i gcónaí.

Gan trácht ar mhuintir Bhóthar Seoighe a fuair iasacht chun an talamh a cheannach, a fuair ailtire le Gaeilge agus dlíodóir le Gaeilge chun cabhrú leo agus a thóg tithe s’acu féin le lámha s’acu féin.

Is féidir é.

Thóg muintir Bhóthar Seoigh dhá theach is fiche agus cuireadh splanc le réabhlóid teanga. Tá an cheantar iomlán Gaelaithe.

Ceantar ina mbeadh stádas na mórtheanga ag an mhionteanga é Gaelphobal, ceantair ina mbeadh cearta ag lucht na Gaeilge, ceantair nach mbeadh ar Ghaeil géilleadh do Bhéarlóirí go huathoibríoch.

Ceantair dhíchoilínithe – ceantair ina bhfuil athneartú na Gaeilge curtha i gcrích.

Dul chun cinn ó thaobh méadú críche de, sin an t-aon chritéar is fiú a úsáid le tomhas a dhéanamh ar na hiarrachtaí a dhéantar chun aistriú teanga a aisiompú. Tá gach critéar tomhais eile tánaisteach, óir tá pobal agus dlús de dhíth ar shealbhú teanga agus ar sheachadadh teanga ó ghlúin go glúin.

Ní féidir le mionteanga mionlaithe maireachtáil, tá gach mionteanga ag fáil bháis, caithfidh an mionteanga tiontú ina mórtheanga. Ní féidir sin i dtéarma ginearálta ach seans gur féidir leis spásanna a chothú ina féidir leis a bheith ina mórtheanga.

Caithfear meath teanga a thuiscint mar cheist chríche go príomha óir gan pobail aitheanta ar leith ina bhfuil lámh in uachtar ag an teanga sin (maidir le líon cainteoirí agus ceannas sochaíoch araon), ní féidir leis an teanga sin maireachtáil san fhadtéarma.

Mura bhfuil ann ach gréasáin cainteoirí, imeoidh siad de réir a chéile go bunúsach, beag beann ar cé chomh dílis atá siad don teanga, mar gheall ar easpa seachadta idirghlúine nó teip ar an seachadadh idirghlúine.

Uime sin, caithfear dlúthú cainteoirí a bheith ina aidhm acu sin atá ag iarraidh aistriú teanga a aisiompú, chun tearmann a chruthú do na cainteoirí sin, chun ceannas na teanga i ngach réimse den dlúthphobal sin a chinntiú, agus rud a dhéanfadh seachadadh idirghlúine na teanga sin a éascú.

Ceist chríche is ea athréimniú teanga agus caithfear é a mheas sa chaoi sin. Tá seans ann áfach go sílfeadh cuid áirithe de chainteoirí Gaeilge go bhfuil an dearcadh agus an cur chuige sin achrannach, fiú sa chás ina n-aontaíonn siad leis an loighic taobh thiar de.

I ndeireadh na dála áfach, an bunús moráltachta atá leis an chur chuige sin, ní mór é a mheas mar phróiseas chun éagóir stairiúil a chur ina ceart, chomh maith le gníomh atá riachtanach ó thaobh na praiticiúlachta de.

Sa dara dul síos, ba chóir do lucht na Gaeilge a bheith feasach gur beag duine in Éirinn a mheasann gur fadhb é galldú na Gaeltachta, próiseas atá ag dul ar aghaidh le blianta anuas.

Meastar gur cearta absalóideacha iad an ceart chun dul a chónaí in cibé áit ba mhaith leat agus an ceart chun Béarla amháin a bheith agat agus a labhairt.

Ní bhítear ag smaoineamh ar an Ghaeltacht nó ar aon ghá teanga na háite a chothú.

Meastar gur ceart absalóideach é teach saoire a bheith ag duine freisin, d’ainneoin an tionchair a imríonn a leithéid ar na pobail óstacha agus d’ainneoin go mbíonn na tithe folamh bunús an ama. 

Uime sin, cén fáth a mbeadh fadhb mhorálta ag cainteoir Gaeilge le cainteoirí eile Gaeilge a bheith ag roghnú cur fúthu i gceantar ar leith? Agus ar an chaoi sin, ag athrú leagan amach teangeolaíochta an cheantair sin ar ais go dtí an teanga a labhródh ann go dtí le déanaí, ar feadh na mílte blianta?

Bheifí ann, tá mé ag meas, a bheadh míchompordach leis an choincheap ‘lonnú’, i. daoine a mhealladh chun cur fúthu i gceantar mar gheall ar an Ghaeilge.

Bheifí ann fosta, tá mé ag meas, a cheapfadh gur gníomh ‘saorga’ é an lonnú sin, gur rud mí-nádúrtha atá ann.

Tarlaíonn sé cheana áfach, gach lá, i saol na Gaeilge agus taobh amuigh de, is cuid den saol nua-aimseartha é.

Tá an dea-thoradh ar ‘lonnú’ san iar-Ghaeltacht soiléir. Tá na céadta daoine tar éis iad féin a lonnú i mBéal Feirste mar gheall ar an Ghaeilge, cuir i gcás.

Mheall fostaíocht a bhaineann leis an teanga go leor leor acu sin, iad meallta ag deiseanna staidéir agus oibre, sna meáin, in earnáil an oideachais agus in earnáil na n-eagras Gaeilge, gan trácht ar an saol sóisialta.

Chomh maith leis sin, tá ról nach beag á ghlacadh ag cainteoirí dúchais Gaeltachta i saol na Gaeilge i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath ó bhí tús na hathbheochana ann.

Mheall na Gaeltachtaí go leor Gaeilgeoirí siar fosta, agus bhí tionchar dearfach ag na daoine sin ar úsáid na Gaeilge ann.

Is fíor fosta áfach, go meallann deiseanna fostaíochta (agus an dea-shaol i gcoitinne) na mílte daoine eile chun cur fúthu sa Ghaeltacht, an chuid is mó acu gan Ghaeilge agus gan spéis acu í a fhoghlaim.

Ní chloistear mórán de raic faoi sin. Cé go ndéanann an imirce seo an-dochar don Ghaeilge, meastar go bhfuil sí go hiomlán inghlactha agus go mbeadh sé mí-ghlactha cur ina coinne, cé go ndéantar iarracht éigin sciar de thithíocht nua a chur i leataobh do lucht labhartha na teanga.

Ar a bharr sin, caithfear a chur san áireamh go bhfuil nádúr agus carachtar go leor leor bailte in Éirinn á n-athrú ag an imirce le daoine ag teacht isteach iontu mar gheall ar dheiseanna fostaíochta agus de bhrí go bhfuil siad gar do bhailte móra / cathracha agus de bhrí go bhfuil siad sa chrios comaitéireachta.

Arís, ní thógtar raic faoi, glactar leis mar ‘dhul chun cinn’. Ní mheastar go bhfuil siad saorga nó mí-nadúrtha.

Mar sin de, cén fáth a mothódh Gaeilgeoirí ciontach as teacht le chéile i mbaile éigin, ar bhóthar éigin, nó faoi scéim thithíochta a thógáil?

Is gá seachadadh idir-ghlúine chun teanga a choinneáil beo nó a athshealbhú, is gá dlúthphobal chun sin a éascú.

Meon an Lucht Oibre

Sílim go bhfuil meon an lucht oibre de dhíth chun Gaelphobal a thógáil – ní teoiricí, ní sochtheangeolaíocht. Tá scileanna an lucht oibre de dhíth, más ag iarraidh rud a thógáil sibh féin atá – siúinéireacht, bríceadóireacht srl.

Cuntasóirí, dlíodóirí de dhíth fosta cinnte ach tá fios an lucht oibre de dhíth. Iad siúd a bhfuil a fhios acu cén dóigh rudaí a dhéanamh.

‘Ceannaircigh gan ciall’ a bhí i muintir bhóthar Seoighe dar leo féin. Ach bhí idé-eolaíocht acu – chreid siad sa náisiún Gaelach.

Is mó de theoiric “ná habair é déan é” a bhíodh i gceist i gcónaí, gníomh seachas caint, a dúirt Séamus Mac Seáin liom ar na mallaibh.

Smaoinigh faoi na scileanna agus eolas a bheas de dhíth seachas ar na teoiricí a deirim. Bíodh aisling agat – ach cuir i gcrích é.

Bíodh idé-eolaíocht agat más gá, ach bíodh sé ina ghairm chun gnímh. Murab é sin cad atá ann ach teoiric, creideamh. Is é an gníomh a dhéanfas é a fhíorú nó a bhréagnadh.

An Phraiticiúlacht

Fadhb ollmhór i mBÁC ná cén dóigh airgead a bhailiú chun suíomh a cheannach, más ag tógáil a bheas duine?

Smaoinigh faoi na ceardchumainn. Sin bealach chun airgead a chruinniú. Dá mbeadh míle duine ag tabhairt €10 sa mhí, sin 120,000 sa bhliain. Tús maith leath na hoibre. Smaoinigh faoi chomhlacht a bhunú.

Bogadh chuig áit ar leith

Níl aon amhras ann – ní bheadh sé éasca scéim tithíochta – cibé caidé cineál rud a bheadh i gceist – a thógáil i mBÁC.

Mar sin de – seans gurbh é an rud is simplí gur féidir le Gaeil Bhaile Átha Cliath a dhéanamh ná pionna a chur i léarscáil agus cruinniú le chéile thart ar an cheantar áirithe sin – agus sa dóigh sin, dlús a chruthú sa chaoi sin, mar a bheadh China Town ann, nó Kilburn i Londain nó Woodside i New Eabharc agus mar sin de.

Mná

D’fhág mé an eilimint is tábhachtaí sa chaint seo go dtí an deireadh.

Tá a fhios agam nach bhfuil gach duine heitrighnéasach, tá a fhios agam nach teaghlach traidisiúnta gach caidreamh, grá nó gaol.

Ach is féidir liom rath agus teip gach iarracht a rinneadh chun Gaelphobal a thógáil a chur i bhfocal amháin – MNÁ.

Bíonn na fir chun tosaigh go cinnte – agus an scéal á rá – ach is iad na mná a thóg Ard Barra agus Bóthar Seoighe – agus na tithe fiú.

Tá mná de dhíth ar eagraíochta agus ar ghrúpa.

Is iad na mná a thóg Bóthar Seoighe agus Ard Barra. Is iad na mná a thug beatha 50 bliana do na pobail sin, más na fir a thóg Bunscoil phobal feirste go fisiciúil, ba iad na mná a thóg í mar scoil féin.

Is iad na mná an eochair, i gcónaí.

Focal scoir

Is féidir Gaelphobal a thógáil – déanann Béarlóirí Gallphobail a thógáil gach lá  é den tseachtain.

An bhfuil siad níos cliste ná mar atá muid – níl – ach is eol dóibh rudaí nach mbíonn ar eolas ag go leor Gaeilgeoirí.

Ach seo an rud, chun Gaelphobal a dhéanamh, bheadh ar dhaoine díriú ar an aidhm sin go hiomlán, ag déanamh neamhaird ar gach cúis eile, ag foghlaim cad a bheadh riachtanach a fhoghlaim, ag déanamh dearmad ar na rudaí nach bhfuil riachtanach.

Ach tá an deis ann i gcónaí fís a fhíorú. Ní féidir an domhain ar fad a chur ina cheart – ach is féidir rud beag de a chur ina cheart.

Ní féidir Éire ar fad a dhíchoilíniú, ach is féidir rud beag di a dhíchoilíniú, agus bheadh tionchar aige sin ar an saol mór.

Beannacht libh.