Meitheal Misneach: Corca Dhuibhne 28ú-30ú MF

Meitheal Misneach: Corca Dhuibhne 28ú-30ú MF

A chomrádaithe, a thacaitheoirí, a Ghaela,
 
Tá an t-am tagtha arís do chruinniú bliaintúil MISNEACH. Is i dtreo Chúige Mumhan atá muid ag dul an uair seo agus Gaeltacht Chorca Dhuibhne le bheith mar áit chruinnithe againn. Mar is gnáth, beidh meascán de phlé daonlathach agus cainteanna poiblí ann, mar aon le neart siamsaíochta, ceoil agus craic.
 
Beidh imeachtaí an deireadh seachtaine ar siúil in Ionad Oidhreachta Chorca Dhuibhe i mBaile an Fheirtéaraigh idir an 28ú-30ú Meán Fómhair.

 
Tá neart tarlaithe le bliain anuas i saol na Gaeilge agus lasmuigh di. Rinneadh dul chun cinn áirithe ó thaobh na pleanála teanga de, agus tá an obair sin ag leanúint ar aghaidh i gcónaí. Tá biogóidí sna Sé Chontae ag diúltú d’Acht Teanga fós, cé go bhfuil obair mhór ar bun ag an Dream Dearg lena ndúshlán a thabhairt. Chomh maith leis sin bhí reifreann ann a thug dúshlán don tseanbhunaíocht shóisialta a bhí i réim in Éirinn le fada an lá.
 
Ach tá neart fadhbanna ann go fóill, ach go háirithe an meath leanúnach atá ag teacht ar shaol na tuaithe fud fad na tíre, próiseas a bhfuil impleachtaí móra aige do shaol na Gaeltachta, ar ndóigh. Cé go bhfuil neart dreamanna forásacha ag treabhadh a ngoirt féin faoin tuath, níl gluaiseacht láidir aontaithe ar son na tuaithe tagtha ar an bhfód go fóill.
 
Ach is léir go bhfuil lucht na cumhachta agus an rachmais mionnaithe go leanfar ar aghaidh leis an gcathrú, ag brú daoine i dtreo na príomhcathrach go háirithe – áit a bhfuil fadhbanna móra ann ó thaobh tithíochta agus infreastruchtúir de chomh maith – agus tá na ceantair tuaithe á mbánú dá réir ag an gcóras eacnamaíochta.
 
Ar leibhéal níos leithne, tá géarchéim na timpeallachta ag dul in olcas, tá na milliúin teifeach díshealbhaithe ag cogaidh impiriúlacha sa mean oirthear agus tá an faisisteachas ag teacht i réim arís ar fud an domhain, ag cur chuile milleáin ar na daoine dearóile seo, amhlaidh is gurb iadsan is ciontaigh leis an scrios atá cruthaithe ag an gcóras caipitleach.
 
Is léir, mar sin, go bhfuil géarghá le gluaiseachtaí fórasacha sóisialta a thabharfas dúshlán an chórais chraosaigh seo atá ag cruthú an oiread sin géarchéimeanna, ní hamháin do na Gaeil, ná do na hÉireannaigh, ach don chine daonna go léir. Más mian leat a bheith páirteach san iarracht chun gluaiseacht mar seo a thógáil, bí linn, an chuid is radacaí de Ghluaiseacht na Gaeilge, i gCorca Dhuibhne ag deireadh na míosa chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhóra seo ag Meitheal Misneach!
 
Dé hAoine 28 Meán Fómhair
7.30 i.n. – Teacht le chéile in Ionad Oidhreachta Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh
8.00 i.n. – Caint phoiblí le Daithí De Mórdha – Dúshláin agus Féidearthachtaí don cheantar
9.00 i.n. – Sóláistí i dTigh Bhric
 
Dé Sathairn 29 Meán Fómhair
10.00 r.n. – Plé inmheánach: tuairiscí ó na coistí, urlabhraithe agus cisteoirí agus toghchán na n-oifigeach náisiúnta
12.00 meán lae – Caint phoiblí le hOrlaith Ruiséal: ag tabhairt na teanga ar aghaidh go glúin óg na Gaeltachta
1.00 i.n. – Lón
2.00 i.n. – Comórtas Poc fada
2.30 i.n. – Ceardlann scileanna: ag déanamh físeán poiblíochta d’fheachtasóirí
3.00 i.n. – Plé straitéiseach: Feachtas ar son na Gaeltachta nó feachtas tuaithe i gcoitinne?
4.00 i.n. – Caint le hIarla Ó Murchú – tógáil tithe agus a thaithí sa Ghaeltacht
5.00 i.n. – Ceardlann smaointeoireachta: Géarchéim na dteifeach agus dualgas na nGael
6 i.n. – Béile le chéile
8 i.n. – Ceol agus Craic i dTigh an tSaorsaigh le ceolteoirí áitúla: amhráin agus cuideachta!
 
Dé Domhnaigh 30 Meán Fómhair
12.00 i.n. – Siúlóid treoraithe timpeall an cheantair
 
Lóistín le fáil i mBrú na Gráige ar €12 an oíche, nó i dteach áitiúl ach scairt a chur ar Séamus (gníomhaí Mhisneach i gCiarraí) ar 087 164 2832.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*