“Conas a tha Misneach?”  –  Obair na heagraíochta le bliain anuas

“Conas a tha Misneach?”  –  Obair na heagraíochta le bliain anuas

Ó bhí an Mheitheal dheireanach againn in Inis Oírr tuairim is bliain ó shin tá gníomhaithe Mhisneach tar éis roinnt mhaith a chur i gcrích. Seo cuid de na buaicphointí.

Ní phléitear é leath sách minic, ach tá buiséad caipitil na Gaeltachta tite ó €75.7 milliún in 2008 go €10.9 milliún i mbliana. Mar sin, nuair a ceapadh 2018 mar “bhliain na Gaeilge” rinne muid teagmháil leis na meáin Ghaeilge agus le Conradh na Gaeilge ag moladh go ndéanfaí “bliain éirí amach na nGael” den bhliain agus go n-eagrófaí sraith agóidí le haird a tharraingt ar ghéarchéim na Gaeltachta. Mhol muid freisin go mbeadh an phríomhbhéim ar chás na Gaeltachta ag an mórshiúil “Beo”. Iontas na n-iontas, is beag aird a fuair muid ón gConradh!Go luath sa mbliain thacaigh muid le hiarrachtaí phobal Thoraí troid in aghaidh chinneadh an stáit bád mífheiliúnach a thabhairt dóibh. Bhí baill ag na hagóidí éagsúla i dTír Chonaill, i mBÁC agus i nGaillimh. Chuir muid eagrán speisialta dár n-iris, Mionlach, amach faoin troid sin. Faraor, d’éirigh leis an stát an pobal a scoilt agus glacadh le seanbhád brocach – buille mór do phobal láidir Gaeilge a chaill 17.4% dá dhaonra ó 2011-16.

I mí Mhárta thosaigh muid ar shraith cainteanna poiblí, Misneach in aimsir na nÉigeandálaí, ina léiríonn muid ár n-anailís ar an mbunús eacnamaíochta atá leis na géarchéimeanna éagsúla atá ag bagairt ar na Gaeil agus ar an gcine daonna go léir. Go nuige seo eagraíodh cainteanna i mBéal Feirste, i mBÁC agus i gCorcaigh, agus beidh cinn eile againn ag an Oireachtas, i nGaillimh agus i nDoire sna míonna atá romhainn.

Chuaigh ceathrar ball ar thuras go Manainn in éindí le Misneachd na hAlban, áit ar thug ball caint faoi Mhisneach do Ghaeil Mhanainn agus do mhacasamhail Mhisneach ansin, Coraa. Bunaíodh Coraa (“glór”) le bliain anuas agus rinne siad aistriúchán ar bhunreacht s’againne le húsáid mar bhunchloch dá n-eagraíocht féin.

Tugadh cuireadh dúinn labhairt os comhair choiste na Gaeltachta agus na nOileán i dteach Laighean, áit ar thug muid ráiteas a rinne cáineadh géar ar chur i gcéill an stáit i leith na Gaeltachta agus a mhol athrú réabhlóideach!

Bhí muid páirteach sna hiarrachtaí a thosaigh an grúpa neamhspleách Teacht Aniar chun eagraíocht náisiúnta ar son na gcoistí pleanála teanga a bhunú. Tá an grúpa sin anois ar an bhfód faoin teideal “Gaeltacht Bheo”.

Lean muid linn ag foilsiú Mionlach, le heagrán amháin eile beartaithe le teacht roimh dheireadh na bliana.

Chlúdaigh na meáin roinnt mhaith ráiteas a d’eisigh muid faoi na fadhbanna atá ag goilliúint ar shaol na Gaeltachta. Labhair baill ar RnaG, TG4, agus ar na stáisiúin raidió áitiúla chomh maith.

Ag iarraidh a chinntiú go mbeadh glór na nGael le cloisteáil sna háiteacha a bhfuil an cath á chur go tréan in aghaidh lucht an rachmais – mar a mhol an Cadhnach – bhí muid páirteach sna hagóidí le gairid faoi chúrsaí tithíochta. Thacaigh muid freisin leis na hagóidí faoi dhúnadh na n-oifigí poist agus tá sé fógartha againn go dtacóidh muid le hiarrachtaí na bpobal troid in aghaidh an chinnidh sin.

Bhí bliain an-rathúil ag Misneachd na hAlban freisin. Bhí siad i láthair ag go leor agóidí de chuid na heite chlé – in aghaidh na déine, ag léiriú dlúthpháirtíochta leis an gCatalóin, léirsithe ar son chearta na mban, srl. Bhí siad páirteach in agóid inar ghlac mic léinn seilbh ar fhoirgneamh ollscoile i nDún Éideann ar feadh 9 seachtaine. D’eagraigh siad cainteanna poiblí, chuir siad go leor físeán ar líne agus beidh “Plean radacach náisiúnta do Ghaeilge na hAlban” s’acu á sheoladh i gceann coicíse ag an Mòd – Oireachtas na hAlban.

Mar eagraíocht dheonach, níl aon dabht ach go bhfuil méid suntasach á bhaint amach againn, agus anailís á scaipeadh againn nach bhfuil ag aon ghrúpa eile i saol na Gaeilge. Ach tá géarghá, áfach, le daoine eile a bheas sásta cuid d’ualach na hoibre a iompar. Tá ról ann do chuile dhuine – ag scríobh preasráiteas, dearadh grafach, ag baint úsáid éifeachtach as ár gcuntais ar na meáin shóisialta, ag seoladh amach irisí, ag cuidiú le scríobh/profáil na hirise, ag eagrú cainteanna poiblí, ag déanamh ionadaíochta ar Mhisneach ag agóidí/ócáidí taobh amuigh de shaol na Gaeilge, ag déanamh graifítí, físeáin, srl… ’Sí obair dheonach na mball an t-aon rud a choinníonn Misneach ag imeacht, mar sin déanaimis cinnte go ndéanann muid uilig ár gcionsa ar son na cúise sa mbliain atá romhainn, in aimsir seo na n-éigeandálaí. Bíodh Misneach againn!

 

Meitheal Misneach 2018

Dé hAoine 28 Meán Fómhair

7.30 i.n. – Teacht le chéile in Ionad Oidhreachta Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh

8.00 i.n. – Caint phoiblí le Daithí De Mórdha – Dúshláin agus Féidearthachtaí don cheantar

9.00 i.n. – Sóláistí i dTigh Bhric

Dé Sathairn 29 Meán Fómhair

10.00 r.n. – Plé inmheánach: tuairiscí ó na coistí, urlabhraithe agus cisteoirí, agus toghchán na n-oifigeach náisiúnta

12.00 meán lae – Comhrá le hOrlaith Ruiséal ó Tús Maith: ag tabhairt na teanga ar aghaidh go glúin óg na Gaeltachta

1.00 i.n. – Lón

2.00 i.n. – Comórtas Poc fada

2.30 i.n. – Ceardlann scileanna faoi na meáin chumarsáide agus shóisialta

3.00 i.n. – Plé straitéiseach: Feachtas ar son na Gaeltachta nó feachtas tuaithe i gcoitinne?

4.00 i.n. – Caint le hIarla Ó Murchú – tógáil tithe agus a thaithí sa Ghaeltacht

5.00 i.n. – Ceardlann smaointeoireachta: Géarchéim na dteifeach agus dualgas na nGael

6 i.n. – Béile le chéile

8 i.n. – Ceol agus Craic i dTigh an tSaorsaigh le ceoltóirí áitiúla: amhráin agus cuideachta!

Dé Domhnaigh 30 Meán Fómhair

12.00 i.n. – Siúlóid treoraithe timpeall an cheantair

Eolas eile:

Tá lóistín ar fáil i mBrú na Gráige ar €12 an oíche, nó i dteach áitiúil ach scairt a chur ar Shéamus Barra (gníomhaí Mhisneach i gCiarraí) ar 087 164 2832.

Tá an brú cúpla ciliméadar ón ionad ina mbeidh muid i rith an lae ach socróidh muid síobanna do dhaoine nach bhfuil fonn siúil orthu.

Má tá síob ag teastáil ó éinne ón Daingean/Trá Lí/srl. bígí i dteangmháil le Séamus agus socrófar sin. Agus cuimrimis – is meitheal í seo – bímis ag obair le chéile ar son na cúise agus chun tír agus domhan níos fearr a bhaint amach do chách!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *


*