Buiséad 2019: seanphort Fhine Gael agus Chonradh na Gaeilge mar aon
Iontas na n-iontas, tá rialtas Fhine Gael tar éis loiceadh ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge arís sa mbuiséad is deireanaí a foilsíodh inné (9-10-2018). Cé go raibh €9 milliún á lorg ag Conradh na Gaeilge mar chuid dá bplean infheistíochta, níor gheall an rialtas ach trian de sin, €3 milliún.
Is léir ón mbuiséad seo, gur chun leasa lucht an rachmais atá an rialtas agus faoiseamh cánach tugtha do thiarnaí talún acu. Tá €1.5 billiún curtha ‘ar leataobh’ ag an Aire Airgeadais Pascal Donohoe ‘do lá na coise tinne’, amhail is nach bhfuil géarchéimeanna ann sna córais tithíochta agus leighis, sa Ghaeltacht, agus in go leor leor áiteachaí eile.
Tá slad déanta ar an méid tacaíochta a chuirtear ar fáil don Ghaeltacht agus don Ghaeilge ó aimsir na géarchéime a thosaigh i 2008. Le blianta beaga anuas tá an rialtas tar éis aisiompuithe pá agus maoinithe a chuir i bhfeidhm i roinnt codanna eile den tsochaí agus den státseirbhís, ach tá an Ghaeltacht ach go háirithe go dona as i gcónaí agus méid suarach airgid á chur ar fáil di.
Ag labhairt dó ar an éagothromaíocht seo, dúirt urlabhraí náisiúnta Mhisneach, Seanán Mac Aoidh:
‘Tá neart cleachta ag pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ar an chineál seo neamairt faoin am seo. Ag pointe éigin, áfach, caithfear ath-mhachnamh a dhéanamh ar na modhanna stocaireachta laga a ligeann don rialtas droim láimhe a thabhairt dár bpobal gan mórán stró.
Is léir go mbíonn “díomá” ar an Chonradh i gcónaí, bliain i ndiaidh bliana, faoi easpa ghnímh na mbodach mór sa rialtas. Ach is í an cheist is práinní ná cén uair a thiocfaidh fearg agus samhnas ar an Chonradh agus an mbeidh siad sásta sin a chur in iúl go soiléir go dtí go mbainfear amach athrú bunúsach sa dóigh a gcaitheann an rialtas linn?’
Lean Mac Aoidh leis:
‘Is léir nach leor r-phoist a sheoladh chuig lucht na cumhachta, ná a bheith ag impí ar dhaoine bualadh isteach i gclinicí polaiteoirí ná a bheith ag bualadh le polaiteoirí sóisearacha agus freasúra i mBuswells.
Tá feidhm éigin ag na gníomhartha sin uilig, gan dabht, ach gan gluaiseacht fhorásach, fheargach, ghlórmhar agus eagraithe ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge atá in ann fíor-dhúshlán a thabhairt don stát, ní bheidh toradh suntasach ar an stocaireacht bhéasach agus chiúin sin go deo.’
Le críochnú, thagair Mac Aoidh do shampla de ghluaiseacht dá sórt:
‘Ní chaithfear ach amharc ar an Dream Dearg sna Sé Chontae, lena bhfuil an Conradh féin bainteach, agus ar an ghluaiseacht tithíochta atá ag borradh sna Sé Chondae is Fiche le tuiscint a fháil ar an éifeacht a bhíonn ag mórshiúlta, agóidí agus gníomh díreach ar an staid reatha pholaitiúil, ar an dioscúrsa phoiblí agus ar na meáin.
Má leantar ar aghaidh le stráitéis na stocaireachta ciúine agus múinte, ní imreoidh pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge tionchar ar bith ar éinne agus leanfar leis an éagothromaíocht seo nó go mbeidh deireadh leis an Ghaeltacht. Tá ceannaireacht á lorg ag an bpobal anois agus tá géarghá le hathrú sa mbealach ina gcuireann na ceanneagraíochtaí Gaeilge a gcuid éileamh in iúl.’