Month: October 2021

Na Gardaí – cén mhaith iad?

Le tamall anuas tá go leor cainte ann ar fud an domhain faoi “dhí-mhaoiniú” na bpóilíní, le fáil réidh leo mar institiúid. Is iomaí argóint a dhéantar ar a shon seo – mar shampla go mb’éifeachtaí i bhfad na hacmhainní a théann isteach i bpoll na póilíneachta a chaitheamh ar rudaí cosúil le hoibrithe sóisialta, seirbhísí meabhairshláinte, nó tacaíochtaí eile pobail. Tá carnán mór taighde ann a léiríonn go ngineann an caipitleachas coiriúlacht, agus ní dhéanann na póilíní tada leis seo a athrú, ach a mhalairt: coinníonn an córas seo daoine ar an ngannchuid, agus is é príomhról na nGardaí ná an córas a chosaint.

Tá fhios ag an saol nach bhfuil na Gardaí ann le breith ar choirpigh chorparáideacha nó ar bhilliúnaithe. Na coirpigh is mó amuigh, tá cead a gcinn acu – na bodaigh mhóra atá ag scriosadh an domhain ar mhaithe le brabús, na daoine saibhre seo nach n-íocann cáin, slíomadóirí a bhriseann aon dlí nach bhfeileann dóibh an fhad is atá an chuid eile againn ag sclábhaíocht le cíos a íoc agus brabús a dhéanamh ar son lucht an rachmais.

Táthar ann a deir nach bhfuil na Gardaí s’againne sa Daorstát cosúil leis na brúideanna i SAM nó i dtíortha eile. Ní aontódh muintir Terence Wheelock leat, leaid a dúnmharaíodh i stáisiún i mBÁC in 2005, ná George Nkencho, a caitheadh ag deireadh 2020, ná pobal na Gaeltachta i Maigh Eo, a d’fhulaing brúidiúlacht uafásach ó na Gardaí ar feadh blianta agus iad ag troid in aghaidh Shell. Ná déanaimis dearmad ach an oiread ar scannal Maurice McCabe, a léirigh doimhneacht na caimiléireachta atá sna Gardaí. Ar ndóigh, tá stair fhada den diabhlaíocht chéana sa PSNI, rud a leanann ar aghaidh inniu.

Ní bhaineann sé le daoine aonair sna póilíní. Baineann sé le nádúr na póilíneachta mar institiúid a thugann cumhacht do dhream beag, agus leis an ról atá acu chun an status quo a chosaint, cibé chomh mífheidhmiúil is atá sé.

Seans nach raibh ach taithí mhaith agatsa riamh leis na Gardaí, a léitheoir. Sa gcás sin, is dóiche ná a mhalairt nach as ceantar an-bhocht thú, nó nach teifeach thú, nó duine den lucht siúil, nó duine gan dídean. Gan trácht ar éinne a throid in aghaidh na dtáillí uisce, nó in aghaidh na bhfaisisteach, nó scriosadh na timpeallachta. Dá mba ea, tá sé ionann is cinnte go mbeadh scéal eile agat.

Aon rud maith a dhéanann na Gardaí, d’fhéadfaí a dhéanamh ní b’fhearr gan iad, ach seirbhísí sóisialta agus sláinte maithe poiblí a bheith againn. Agus tá samplaí go leor ann d’áiteanna ina bhfuil sin ag tarlú, cuid acu ag baint úsáid as cuir chuige bhundúchasacha a bhfuil rath inspioráideach orthu.

Cén bhaint atá aige seo leis na Gaeil a deir tú? Bhuel, ar ndóigh, níl na Gaeil scaipthe amach ón tsochaí – gach trioblóid atá ag an tsochaí trí chéile, tá sé ag na Gaeil freisin. Ach mar bharr air sin, is leis an gcóras caipitleach a chosaint atá na póilíní ann – agus mar atá mínithe go minic ag Misneach, sin an rud atá ag marú na Gaeilge, mar aon le gach dochar eile a dhéanann sé. Is cuma má bhíonn cuid acu ag freastal ar ranganna Gaeilge amach anseo, beidh sé fós mar dhualgas proifisiúnta ar na Gardaí córas frith-Ghaelach, frith-dhaonna a chosaint.

Ó tháinig na chéad fhórsaí póilíneachta proifisiúnta ar an bhfód sa 19ú haois (bunaithe ar thaithí na gcoilíneach in Éirinn), bhí siad ann le cur in éadan gach dul chun cinn sóisialta, gach forbairt i dtaobh cearta do dhaoine atá faoi chois, gach stailc agus agóid a d’éiligh ceartas, gach éagóir ar throid daoine ina haghaidh. Ní timpiste é go raibh siad ar an taobh contráilte den stair míle uair agus i míle áit.

Dá n-uireasa, ní bhfaigheadh daoine gan dídean bás ina gcodladh taobh amuigh d’fhoirgnimh fholmha, bheadh ar lucht an rachmais a maoin ollmhór a roinnt, bheadh muid in ann stop a chur le milleadh uafásach na timpeallachta.

Seasann na póilíní idir muid agus saol níos fearr. Faighimis réidh leo.

Más suim leat tuilleadh a fhoghlaim faoin cheist seo, ní rachaidh tú amú leis an fhíseán seo le “Thought Slime”, a leagann amach an cás ar bhealach snasta: All Cops are Bad.

le Ceadharlach Bealtaine

Is as iarthar na hÉireann Ceadharlach Bealtaine. Tá seantaithí acu ar dhiabhlaíocht na bpóilíní. Is fuath leo an córas lofa atá ag scriosadh an domhain agus tá ard-mheas acu ar na Zapatistigh agus grúpaí eile dá sórt atá ag troid ar son shaoradh na cosmhuintire idirnáisiúnta ón stát agus ón gcaipitleachas.

Tuairisc ar agóid tithíochta ar son na Gaeltachta

Bhí baill Misneach ag agóid ar son chearta teanga, cearta pleanála agus cearta tithíochta a d’eagraigh Todhchaí na Tuaithe, Breandán Ó Beaglaoich agus muintir Chorca Dhuibhe inné (30/09/2021). Bhí slua réasúnta ann de 100-150 duine lasmuigh de Theach Laighean.

Reáchtáladh an agóid i ngiorracht do dhá agóid eile a bhí ag titim amach ar an láthair chéanna. Ceann amháin a bhain le hOspidéal an Uaimh, agus ceann eile a bhain le cúrsaí tithíochta chomh maith, ‘sé sin agóid mar gheall ar an scannal mica agus pyrite.

Bhí neart clúdach ó na meáin d’agóid Todhchaí na Tuaithe. Reáchtáladh seisiún ceoil ar feadh cuid den am, rud a chur le hatmaisféar na hagóide. An ceart le maireachtáil sa Ghaeltacht do mhuintir na Gaeltachta a bhí mar phríomhéileamh ag an lucht agóide.

Is féidir éisteacht le hagallaimh a chuireamar ar Bhreandán píosa ó shin faoi na ceisteanna úd anseo

I dteannta Mhisneach, bhí baill Chonradh na Gaeilge, baill an Rabharta Ghlais, Sinn Féin, comhairleoirí neamhspleácha, dreamanna ó Ghaeltachtaí eile amhail Ráth Chairn agus Cois Fharraige, agus Gaeil aonaracha sa slua.

Bhí Michael Healy-Rae le feiceáil sa slua ar feadh tréimhse chomh maith. Má bhaintear an téip dhearg den phróiseas tógála i nGaeltacht Chiarraí rachaidh sé chun leasa siúd agus comhlacht gléasra tógála a dheartháir.

Bíodh sin mar atá, i dtuairim Mhisneach, tá ceist na tithíochta sa Ghaeltacht ar cheann de na gaid is gaire do scornach na Gaeilge trí chéile sa lá atá inniu ann.

Ní gá dúinn trácht ar na himpleachtaí a bheadh ag bás na Gaeltachta ar an nGaeilge trí chéile – ar an saibhreas teanga, ar an nGaelscolaíocht, ar na meáin chumarsáide Gaeilge, ar mheanma na nGael.

I ndáiríre, níor chóir go bhfágfaí é faoi dhream beag deonach amháin, nó pearsantacht aonair amháin, amhail Todhchaí na Tuaithe agus Breandán Ó Beaglaoich, feachtas den sórt seo a eagrú.

Is mithid do na ceanneagraíochtaí uilig a ndícheall a dhéanamh feachtas leanúnach den sórt seo a thiomáint, óir tá acmhainní daonna, scileanna agus am acusan nach bhfuil ag grúpaí deonacha. 

Tá pleananna maithe thithíochta déanta cheana, ach caithfear feachtas ar an talamh sa Ghaeltacht agus sna bailte a bheith taobh thiar de na moltaí sin – feachtas a chuireann brú ceart ar na polaiteoirí ó na sráideanna agus a dhíríonn ar an mbánú tuaithe fud fad na tíre seachas sa Ghaeltacht amháin.

Tá Misneach ag déanamh ar ndícheall feachtas dá shórt a thógáil aineoinn na constaicí atá romhainn.

Tá spriocanna agus éilimh na hagóide a bhí ar siúl inné leagtha amach go beacht anseo:

PRÍOMHAIDHMEANNA THODHCHAÍ NA TUAITHE 

1. Go mbeadh Gaelainn líofa agus sárthuiscint ar thionchar an phróiséas phleanála ar  labhairt laethúil na Gaelainne sna ceantair Ghaeltachta ag pleanálaithe na Comhairle  Contae atá ag feidhmiú sna ceantracha Gaeltachta. 

2. Go mbeadh ar chumas iarrthóirí Gaeltachta a gcuid gnó go léir leis an údarás áitiúil a  dhéanamh trí mheán na Gaelainne – idir chruinnithe agus comhfhreagras scríofa.  

3. Go dtabharfaí aitheantas do bhailte fearainn na Gaeltachta mar aonaid phleanála fé leith agus go ndéanfaí limistéir fé leith le haghaidh tithíochta a zónáil laistigh de gach  baile fearainn chun tacú le patrún lonnaíochta traidisiúnta na Gaeltachta. 

4. Go gcuirfí tionchar teanga an iarrthóra san áireamh agus breithiúnas á thabhairt ag an  údarás áitiúil ar iarratais phleanála sa Ghaeltacht.  

5. Go scríobhfaí plean tithíochta don nGaeltacht, ar mhúnla pleananna tithíochta atá i  bhfeidhm in áiteanna eile san Aontas Eorpach1agus sa Ríocht Aontaithe,2chun tacú  le muintir na háite agus le lucht labhartha na Gaelainne tithe cónaithe a cheannach  agus a thógaint fén dtuaith sa Ghaeltacht.  

6. Go ndéanfaí ceangal láidir oifigiúil idir polasaithe tithíochta agus an phleanáil teangan  sa Ghaeltacht, .i. go mbeadh sé d’iachall ar na húdaráis phleanála Gaeltachta  athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar an dtionchar atá ag na cinntí pleanála sa  Ghaeltacht ar labhairt laethúil na Gaelainne sa Ghaeltacht.