Month: November 2019

Tacaímis le Feirmeoirí Beaga, Lucht Oibre na Tuaithe

Le os cionn 24 uair a chloig bhí feirmeoirí agus a gcuid tarracóirí ag plódú na sráideanna taobh amuigh den Dáil i mBaile Átha Cliath.

D’imigh na tarracóirí inné ó na sráideanna i ndiaidh do na feirmeoirí bualadh leis an Aire Talmhaíochta ach geallann siad go leanfaidh siad lena n-agóid sa phríomhchathair muna ndéanann polaiteoirí fíor-iarracht cruachás ioncam na bhfeirmeoirí a leigheas.

Gníomh díreach é seo le bac a chur ar ghnóthaí na cathrach agus le cur ar a súile do pholaiteoirí go bhfuil feirmeoirí, a gclanna agus muintir na tuaithe go ginearálta ag streachtailt go mór ar na saolta seo agus gur deacair ag an fheirmeoir a bheatha a thabhairt i dtír.

Nuair atá ardú pá agus coinníollacha níos fearr de dhíth ar an oibrí oifige nó ar an oibrí monarachan thig leo dul amach ar stailc lena gcuid comhoibrithe mar chuid den cheardchumann.

Níl an rogha seo go díreach ag an fheirmeoir ach is féidir leo taicticí eile a úsáid cosúil leis an ghníomh díreach agus an easumhlaíocht shibhialta lena gcás a chur in iúl agus a gcuid éileamh a bhaint amach.

Tá sé ríthábhachtach go dtacaíonn muid ar fad le feirmeoirí agus iad ag iarraidh tuarastal ceart a bhaint amach dá gcuid oibre.

Tá go leor feirmeoirí beaga sa tír seo ar an ghannchuid agus thíos go mór le fórsaí an mhargaidh chaipitligh a chaitheann leo gan trua gan taise.

Caithfear smacht a chur ar cheannaitheoirí feola agus ollmhargaí a chaitheann go holc agus go dímheasúil le feirmeoirí a oibríonn go crua ar son a gcoda.

Ar ndóigh, tá an cath seo ina chuid de streachailt níos mó ar son na tuaithe agus is dual do Ghaeil agus do shóisialaigh de gach cineál seasamh gualainn ar ghualainn le feirmeoirí sa troid thábhachtach seo.

Bréag-ilchultúrachas Educate Together

D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh roinnt laethanta ó shin go mbeadh dhá scoil lán-Ghaeilge le hoscailt i gContae Átha Cliath.

Go luath ina dhiaidh do McHugh an dea-scéal a fhógairt, scríobh Educate Together chuig an Roinn Oideachas.

Seachas fáiltiú leis an gcinneadh, mar a dhéanfadh fíor-eagraíocht ilchultúrtha, chuireadar achainí ina choinne.

An chúis atá leis an achainí ná go ndéanfadh dhá Ghaelscoil bhreise i gContae Átha Cliath bac a chur ar thuismitheoirí a “rogha oideachais” a dhéanamh dá gclann.

I gceann de na scoileanna, an scoil atá beartaithe do Theach Sagard/Iarthar na Cathrach, is ar bhonn ilchreidmheach a bheidh sí á reáchtáil.

Mar sin, is ríléir gur in aghaidh na teanga atá an eagraíocht Educate Together seachas i bhfabhar oideachais ina bhfuil éiteas ilchultúrtha ann.

Is ag iarraidh bheith ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin agus a bheith ag dul in iomaíocht leis an nGaelscolaíocht atá an eagraíocht seo.

Is bréag ilchultúrachas atá anseo.

Tá iarracht á déanamh a chur in iúl go bhfuil claonadh éigin ag an stát i leith na Gaeilge agus na Gaelscolaíochta nuair a deir na staitisticí uilig, mar aon leis an stair, gurb é a mhalairt de scéal é i ndáiríre.

Tá neamhaird á déanamh ag Educate Together ar an staid reatha maidir leis na teangacha in Éirinn mar atá.

Tá sé áiféiseach go dteastaíonn uathu a rá nach bhfuil “rogha” ann i leith na scolaíochta Bhéarla, ó tharla gur pobal mionlaithe iad cainteoirí Gaeilge in Éirinn.

An tseachtain seo caite rinne bean chróga Éireannach de shliocht na hAfraice cáineadh orthu siúd a bhí á maslú go ciníoch.

Iriseoir is ea Zainab Boladale le RTÉ agus rinne sí agallamh as Gaeilge mar gheall ar an scéal seo. An toradh a bhí air seo ná gur náirigh sí na bréag-tírghráthóirí a bhí á maslú.

Is í an Ghaeilge ceann de na láithreacha catha inar féidir linn bua a bheith againn ar na faisitigh.

Is teanga í ar féidir léi an pobal a thabhairt le chéile, is cuma cibé cúlra eitneach gurb as duine.

B’fhiú do Educate Together seo a thuiscint seachas a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a chur faoi chois.

Ní mó go mbeidh siad pioc níos fearr ná na seóiníní nó na coilínigh a tháinig rompu má leanann siad leis an ngeáitsíocht sin.

Caifé na Gaeilge

Agus muid ar thob cultúr chathair na Gaillimhe a cheiliúradh, nach mbeifeá ag súil go mbeadh an Ghaeilge i gcroílár na féile seo?

Agus muid ar tí oidhreacht na Gealchathrach, an chondae agus na tíre trí chéile a chomóradh, nach mbeifeá ag súil go mbeadh urraim ar leith le tabhairt do phobal na Gaeilge agus don éacht marthana a chuir an pobal seo de ó thús na staire go dtí an lá atá inniu ann?

Agus nach gceapfá go ndéanfadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, thar aon chomhlacht poiblí eile, ceart a sheasamh don phobal seo?

Más amhlaidh a cheapfá, caithfidh gur mór an díomá atá ort, fiú anois, go háirid más mac léinn le Gaeilge i nGaillimh thú. I mí Dheireadh Fómhair i mbliana, d’fhógair Comhaltas na Mac Léinn go raibh deireadh á chur acu le Caifé na Gaeilge in Áras na Gaeilge.

Ba é Caifé na Gaeilge an t-aon spás sóisialta lán-Ghaeilge dá raibh ar an gcampas agus sa gcathair ar fad, d’fhéadfá a rá.

An t-aon áit a bhféadfá a bheith ar do chompord ag ordú braon tae nó greim bia as Gaeilge, ag labhairt na teanga, ag caint le do chairde i nGaeilge. An t-aon áit a gcloisfeá an Ghaeilge san Ollscoil agus sa gcathair, mar theanga phobail nádúrtha.

An áit a bhfuair mise cuid mhaith de mo chuid Gaeilge nuair a tháinig mé go Gaillimh den chéad uair i mo bhliain ERASMUS.

Nach breá an mhaise é sin don Ollscoil a mhaíos gurb í féin an coláiste is Gaelaí in Éirinn? Cén fáth ar dúnadh an caifé, meas tú?

Cén fáth ar minicí a mbaintear na rudaí atá dlite dúinn dínn? Airgead. Airgead agus saint chun a thuilleadh airgid a dhéanamh.

Dúradh go ndearna Comhaltas na Mac Léinn caillteanas airgid ó thosaigh siad ag reáchtáil an chaifé. Dhiúltaigh an Ollscoil an caillteanas a chúiteamh leis an gComhaltas. Más ea, ní mé cén sórt bainistíochta a bhí, nó atá, ar siúl ag Comhaltas na Mac Léinn ná ag an Ollscoil?

Nár cheart an bhainistíocht a athrú, mar sin, seachas seirbhísí a bhaint den phobal a bhíos ag íoc astu ’chuile bhliain? Agus is daor an ceannach é.

Gan trácht ar na táillí ollscoile, gearrann an Ollscoil tobhach mac léinn (student levy fee) ar gach uile mhac léinn i dtús na bliana acadúla.

Tá an t-airgead sin le dul do Chomhaltas na Mac Léinn, do chumainn de chuid na mac léinn agus eile, le saol sóisialta na mac léinn a chothú.

Níor íoc mé an tobhach sin ná ní íocfad go dtí go n-osclófar ár gCaifé in athuair, go dtabharfaidh an Ollscoil dúinn an rud atá dlite dúinn.

Iarraim ar gach uile Ghaeilgeoir atá ina mhac léinn i nGaillimh déanamh amhlaidh.

Alt scríofa ag Hynek Daniel Janoušek atá ina chónaí ar an gCeathrúin Ruaidh.

Pobal Mapuche na Sile ag éirí amach

Os cionn gach duine eile sa mhórshiúl i rith na n-agóidí atá ar siúil sa tSile, tá duine amháin, seasta ar bharr dealbh ón ré choilíneach, le bratach pobal na Mapuche ar foluain acu.

Ceann de na pobail bhundúchasacha sa tSile iad na Mapuche, a chónaigh i gceantar a thrasnaíonn an Airgintín agus an tSile le blianta fada roimh theacht na coilínigh Eorpacha. 

Le blianta anuas, tá siad ag streachailt in aghaidh an stáit agus tiarnaí móra talún chun seilbh a athghlacadh ar thalamh a sinsear.

I measc na ngrúpaí lena bhfuil siad ag troid tá an comhlacht idirnáisiúnta Benetton, comhlacht ar dheas leo íomhá ilchultúrtha a chur i láthair don saol mór, san am céanna is a bhfuil siad ag iarraidh na bundúchasaigh Mapuche a dhíbirt óna gcuid tailte

Tá an choimhlint sin tar éis a bheith foréigneach ó am go chéile, le fórsaí an stáit agus na dtiarnaí talún araon ag déanamh iarrachtaí brúidiúla na Mapuche a dhíbirt ón talamh a bhfuil seilbh glactha acu air, agus na lonnaíochtaí atá bunaithe acu ar an talamh sin a bhánú.

In ainneoin sin tá na Mapuche tar éis iad féin a chosaint le gach a bhfuil acu, rud a bhfágann go dtugann ionadaithe an rialtais “sceimhlitheoirí” orthu.

Ach i rith na n-agóidí sa tSile in aghaidh pholasaithe déine rialtas Piñera, ach go háirithe an méadú ar chostais iompar poiblí, agus i rith an fheachtais comhordaithe gan na táillí ardaithe a íoc, tá bratacha muintir na Mapuche le feiceáil go minic.

Tá taithí fhada ag na Mapuche ar fhoréigean an stát coilínigh, ach tá Piñera anois ag casadh ar mhuintir na tíre i gcoitinne. Tá na Mapuche lárnach anois sa troid fhairsing in aghaidh na gciorruithe.

Tá uallach na staire le brath go trom sna hagóidí seo. Ní hamháin i dtaobh streachailt na ndaoine dúchasacha atá ar siúil acu le breis is 500 bliain in aghaidh na gcoilíneach, ach chomh maith le sin i dtaobh an chuimhne atá ag daoine ar rialtas sóisialach daonlathach Salvador Allende.

Rinneadh coup d’état brúidiúil de chuid Pinochet agus na Stáit Aontaithe deireadh a chur leis an mbrionglóid sin, rud a d’fhág rialtais éagsúla de chuid na heite dheis i gceannas ar an tír ó shin i leith.

Tá an streachailt in aghaidh an choilíneachais ceangailte go dlúth leis an streachailt in aghaidh polasaithe na gciorruithe agus na déine agus an caipitleachas go ginearálta.

Tá an córas céanna i gcónaí ag iarraidh an réimse sin den saol a bhaineann lenár gcaighdeán maireachtála – sláinte, oideachas, tithíocht, córas iompar poiblí – a laghdú agus a ghearradh le go mbeidh tuilleadh brabúis ag na daoine atá i bhfeighil orainn.

Is scéal fada é an stair – b’fhéidir go raibh an bua ag na coilínigh agus lucht na heite dheis tráth. Ach, mar a léiríonn an grianghraf de bhratach na Mapuche os cionn na léirsithe sa tSile, níl an troid thart go fóill.