Month: April 2021

Cearta agóidíocht faoi bhagairt: tuairisc ó Shasana

Ar maidin roinneann ball dár gcuid, Katie Rua, a scéal faoin méid atá ag titim amach le cúrsaí póilíneachta agus dlí thall i Sasana. Tá an stát thall ag cur cos ar bolg ar lucht agóide. Tá seo tar éis tarlú sa gcomhthéacs gur dhúnmharaigh póilín de chuid an Met i Londain Sarah Everard.

Is mithid dúinne abhus foghlaim ón méid atá ag tarlú agus bheith réidh chun cur ina coinne.

Cheana féin rinneadh iarracht sna Sé Chontae daoine a chúiseamh a raibh ag agóidíocht ar son cearta na ndaoine dubha bheith beo gan brúidiúlacht agus foréigin a fhulaingt.

Sna Sé Chontae Fhichead is féidir linn bheith cinnte de go bhfuil leithéidí Leo Varadkar, Helen McEntee agus Drew Harris ag breathnú le díol spéise ar an Police and Crime Bill (2021) atá beartaithe i Westminster.

Dár ndóigh, seasaimid i gcoinne na bpolasaithe seo agus lenár gcomrádaithe sna gluaiseachtaí forásacha thall.

—-

Tá cónaí orm i dtuaisceart Shasana agus nuair a chonaic mé go raibh an stát ag iarraidh srian a chur leis ár gcearta agóid a dhéanamh, chuaigh mé isteach inár ngrúpa ‘Reclaim the Night’ áitiúil. 

Ba léir ón tús nár thacaigh na daoine a bhí i gceannas ar an ngrúpa sin le hagóid mar bhealach chun a bheith ag troid ar ais. Bhí caint ar an obair a bhí ar siúl acu ‘sa chúlra’. B’fhéidir go n-eagróidís rud éigin in am trátha, a luaithe a cheadaíonn na póilíní agóidí arís. B’fhéidir go ndéanfaidís plaiceanna ar Zoom. 

Faoi mar a tharla sé, bhí an grúpa á reáchtáil ag an SWP (Socialist Workers Party) cheana féin, dream a bhfuil stair uafásach ag baint leo maidir le mná a chosaint. Ní raibh mise ag iarraidh fanacht sa chúlra agus mar sin, d’eagraigh mé roinnt againn agóid an deireadh seachtaine sin.

Bhí an-rúndacht ag baint leis, fiú dóibh siúd a bhfuil blianta taithí againn. Gearradh fíneáil £10k ar lucht eagraithe agóidí cheana féin agus bhí sé go hiomlán mídhleathach bailiú le chéile ag an am sin. 

Chonaic muid freisin an foréigean a úsáideann na póilíní i gcoinne ár gcomrádaithe i gcathracha eile. Fuair duine dár gcomheagraithe roinnt glaonna ó na póilíní sna laethanta roimh an agóid. Níl a fhios againn cén chaoi a bhfuair siad a n-uimhir.

Ba é sin an chéad uair riamh ina raibh eagla mo chraicinn orm nuair a bhí mé ag agóid. Chuaigh roinnt againn i ngráscar le heite na deise antoiscí cheana féin ach ba dhifriúil ar fad an rud é a léirsiú i gcoinne na bpóilíní agus na gcumhachtaí go léir atá acu. 

Agus mé ag taisteal isteach sa chathair, gan cáipéisí aitheantais i mo sparán, thuig mé cén phribhléid a bhí agam chun a bheith in ann roghnú gan a bheith páirteach nuair a éiríonn rudaí ró-scanrúil. 

Tá sé deacair cur síos a dhéanamh ar leibhéal na feirge atá inár slua i dtreo na bpóilíní, ach bhí sé spreagúil an oiread sin daoine a fheiceáil a tháinig amach ar na sráideanna.

Thug na póilíní, a bhí ag béicíl ‘NO PROTESTING’, plaiceanna do dhaoine áirithe. Rinneadh gabhálacha ach chuir muid tacaíocht ar fáil agus tháinig mórchuid na ndaoine abhaile slán sábháilte.

Tar éis na hagóide, fuair ár gcomheagraí tuilleadh glaonna ó na póilíní. Ghlac siad comhairle dlí, d’fhreagair siad an glaoch, ní dúirt siad ach ‘no comment’, agus d’iarr siad ar na póilíní gan glaoch a chur orthu feasta. 

Ghlaoigh na póilíní ar ais ó uimhir eile an lá dár gcionn. Nuair a fiafraíodh díobh cén chaoi a raibh an uimhir seo acu, dúirt na póilíní “mura bhfuil tú chun labhairt linn, níl muid chun labhairt leat”, agus chuir siad síos an fón. Chuala muid tuairiscí den chineál céanna ar fud na tíre.

Bhí eagla ar gach duine s’againne. Níor shíl mé riamh nuair a bhí mé óg go bheinn ag caitheamh mo chuid tráthnónta ag cruinnithe faisnéise dlí agus ag foghlaim cad atá le déanamh agat má ritheann capaill póilíní chugat. 

Ach is é an t-aon rogha eile ná faic a dhéanamh agus iad ag baint ár gcearta ar shiúl dínn agus i dtaca le holc, is é ár n-eagla an praghas atá muid sásta a íoc.

Má theastaíonn uait troid ar ais i gcoinne córais den sórt seo agus troid ar son saol níos fearr don chosmhuintir cibé áit ina bhfuil tú, bí i dteagmháil agus glac ballraíocht linn inniú: https://www.misneachabu.ie/glac-ballraiocht-linn/

Athaontú na hÉireann

Tá ceist athaontú na tíre go mór i mbéal an phobail i láthair na huaire. An tseachtain seo caite pléadh an cheist ar Claire Byrne Live ar RTÉ.

Ach, i ndáiríre, ó chinn an tAontas Eorpach agus Rialtas na Breataine teorainn eacnamaíochta na tíre a lonnú i Muir na hÉireann, tá an cheist ag dó na geirbe do na haontachtóirí ó Thuaidh níos mó ná riamh roimhe.

Go dtí seo, tá an dioscúrsa tar éis a bheith an-chúng. Tá béim ar cheisteannaí siombalacha, amhail bratachaí, amhráin náisiúnta agus teidil chumhachta ar nós Taoiseach agus Tánaiste.

Dealraíonn sé go bhfuil leithéidí Leo Varadkar sásta ísliú céime a thabhairt do stádas oifigiúil na Gaeilge. Is fiú an tseift seo aige a thuiscint i gcomhthéacs stráitéis páirtithe na heite deise ó Dheas.

Is mian le bunaíocht an Sé Chontae Fhichead neamhaird a dhéanamh do na buncheisteannaí socheacnamaíochta a spreagfaidh daoine chun an athaontaithe.

Ach, má tá an t-athaontú le tarlú ar aon chuma, b’fhearr leo go dtiocfadh stát Dhá Chontae is Tríocha nualiobralach ar an bhfód – stát ina mbeadh “meas” léirithe don “dá thraidisiún”, ach stát ina mbeadh an lámh in uachtar ag lucht an rachmais go fóill.

Mar is eol dúinn, ní dhearna Fine Gael ná Fianna Fáil faic ar son na Gaeltachta ná na Gaeilge leis na blianta anuas ach tua na gciorruithe a bhualadh anuas uirthi.

In’ ainneoin sin, beidh an dá dhream sásta leas a bhaint as ceist na teanga mar thicéad gill. Creidtear go sásófar sciar de na haontachtóirí má thugtar ísliú stádais don teanga.

I ndáiríre, na haontachtóirí sin atá chomh binbeach in aghaidh na Gaeilge, níl seans dá laghad go vótálfaidís ar son Éire Aontaithe ar aon chaoi. Ar an lámh eile, tá sciar den phobal aontachtach nach bhfuil i gcoinne na Gaeilge, nó atá ina bhfabhar fiú, mar a bhfeicimid ó obair Linda Ervine agus daoine eile nach í.

Shásódh bunreacht nua, ina mbeadh cearta ar chomhchéim ag dreamanna mionlaigh, an chuid sin den phobal aontachtach. Ní gá go mbeadh ísliú stádas don Ghaeilge i gceist ina leithéid de bhunreacht, ach go mbeadh sé soiléir nach sárófar “cearta” na n-aontachtóirí cloí leis an mBéarla más é sin a roghnaíonn siad.

Is mithid do na Gaeil teacht le chéile, na heagraíochtaí stáit ach go háirithe, chun dul i ngleic le hathaontú na tíre nó fágfar ar leataobh an teanga.

An rud atá de dhíth ná gluaiseacht ón mbun aníos a mbeadh ag éileamh Phoblacht na n-Oibrithe don stát nua – sé sin go mbeadh na hoibrithe i gceannas ar a láthair oibre agus go mbeadh córas daonlathach ann i dtaobh na cumhachta polaitiúla agus na teanga de.

Mar is eol dúinn, faraor, is mór an bhearna uaireanta idir an rud atá de dhíth agus an rud atá réadúil san am i láthair.

An rud a bhí soiléir ó chlár Claire Byrne, ná go raibh gach aon tuairim le cloisteáil ann ach tuairim an Chonghailigh agus tuairim an Chadhnaigh. Tá faitíos ar an mbunaíocht roimh an traidisiún sin.

Mar sin, cuirimis an traidisiún sin i lár an aonaigh.

Iarrfaimis córas sláinte uilíoch don tír ar fad, córas tithíochta poiblí faoi stiúir an stáit, cearta oibrithe feabhsaithe do chách, infheistiú ollmhór san infreastruchtúr glas, agus athdháileadh maoine ó chomhlachtaí móra ilnáisiúnta i dtreo na seirbhísí poiblí.

Iarrfaimis, anuas air sin, deireadh le ról na hEaglaise Caitlicí i gcúrsaí sláinte agus oideachais na tíre, deireadh leis an gcóras oideachais príobháideach, cearta ginmhillte don tír, cearta féiniúlachta, agus cothromaíocht pá.

Tá dualgas orainn iarracht a dhéanamh an dioscúrsa a stiúradh sa chaoi is go mbíonn cur agus cúiteamh faoi na nithe forásacha seo.